Cás an Bhéarla san Aontas Eorpach, agus Coimisinéir ag labhairt Esperanto

‘San AE iar-Bhreatimeachta, ní labhróidh ach 10% de shaoránaigh an AE an Béarla mar mháthairtheanga nó go han-mhaith mar theanga iasachta...’

Cás an Bhéarla san Aontas Eorpach, agus Coimisinéir ag labhairt Esperanto

Ceist á freagairt ag Jacek Protasiewicz ón bPolainn. An Dr Pádraig Ó Laighin ar dheis, agus an Dr Michele Gazzola, an cathaoirleach, ar chlé.

Tugadh cuireadh dom labhairt le déanaí ag comhdháil idirnáisiúnta faoi theangacha cumarsáide san Aontas Eorpach. In Ollscoil Chonstaintín Fealsamh in Nitra sa tSlóvaic a bhí an chomhdháil ar siúl, ar an 28-29 Iúil 2016. Pléadh ceisteanna maidir le hilteangachas, daonlathas teanga agus cóir shóisialta, bainistiú cumarsáide ilteangaí, agus foghlaim teangacha iasachta san AE.

Coimisinéir de chuid an AE, an Dr Vytenis Povilas Andriukaitis a thug an t-aitheasc oscailte. Cé gur labhair sé faoin ilteangachas agus faoi oideachas teanga san AE, is nithe iad sin nach bhfuil faoina chúram go hoifigiúil, mar is é an Coimisinéir um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia é. Labhair sé faoin ilteangachas mar bhunluach de chuid an Aontais Eorpaigh, cé gur aithin sé ceannas teangacha áirithe – Béarla, Fraincis, agus Gearmáinis – sna hinstitiúidí. Rinne sé cur síos ar inniúlachtaí lárnacha na foghlama ar feadh an tsaoil, ag leagan béime ar chumarsáid sa mháthairtheanga agus i dteangacha eile.

Ach ba é an rud ba shuntasaí faoi aitheasc an Choimisinéara ná gur in Esperanto a thug sé an chaint ar fad. Bhí ateangaireacht ar fáil i dtreo na Slóvaicise agus an Bhéarla, agus d’úsáid an Coimisinéir sraith sleamhnán de chuid an AE i mBéarla dá chaint. Cé gur thacaíocht shiombalach don Esperanto a bhí anseo, ní dóigh liom gur féidir é a léamh mar thuar do chlaochlú chóras teangacha an Aontais. Tharla go raibh comhdháil dhomhanda lucht labhartha Esperanto, a raibh 1,700 duine ag freastal air, ar siúl san am céanna in Nitra, agus bhí ceangal áirithe ó thaobh tacaíochta idir an dá chomhdháil.

An Coimisinéir Andriukaitis i gcomhrá le beirt de lucht eagraithe na comhdhála, An Dr Seán Ó Riain ó Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, sa lár, agus Ing. Josef Reinvart ó Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Slóvaice, ar dheis.
An Coimisinéir Andriukaitis i gcomhrá le beirt de lucht eagraithe na comhdhála, An Dr Seán Ó Riain ó Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, sa lár, agus Ing. Josef Reinvart ó Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Slóvaice, ar dheis.

Bhí sé spéisiúil éisteacht le cainteoirí éagsúla ó thíortha lár na hEorpa, iad ar fad nach mór ag glacadh leis gurb é an Béarla teanga choiteann an AE.

Ar ndóigh, tá stair ag baint leis seo.

Cé go raibh an Ghearmáinis taobh leo, teanga atá á labhairt ag níos mó daoine san AE mar mháthairtheanga ná aon teanga eile, bhí drogall stairiúil a d’eascair ó chogaí an chéid seo caite le brath. Ach níos tábhachtaí ná sin, nuair a d’iompaigh siad ón Rúisis mar theanga éigeantach stáit nuair a chlis ar an impireacht Shóivéadach, d’oscail an Bhreatain agus Meiriceá a ndoirse do dhaoine óga éirimiúla agus bhronn siad scoláireachtaí taistil agus staidéir orthu, rud a d’fhág go raibh foireann óg inniúil le Béarla feidhmiúil ar fáil nuair a roinneadh cuótaí d’fheidhmeannaigh ar AE ar theacht isteach na dtíortha seo i mballraíocht an Aontais sa bhliain 2004. Béarla, agus ní Fraincis ná Gearmáinis, a bhí mar theanga choiteann acu leis na daoine a bhí lonnaithe cheana sna hinstitiúidí.

Ar ndóigh, bhí rudaí eile i gceist freisin – mar shampla, an leibhéal smachta a bhí ag Béarlóirí sa Choimisiún a lig dóibh a leagan síos go gcaithfeadh an Pholainn a cuid doiciméad iarrthóireachta ar fad, thar thréimhse blianta, a chur ar fáil i mBéarla amháin, agus gan aon teanga eile a bheith inghlactha.

Thugas féin caint faoi straitéisí caidrimh leis an Aontas Eorpach maidir le comhionannas na dteangacha oifigiúla, ag déanamh cur síos ar ghnóthú stádais oifigiúil don Ghaeilge agus ar dhá chás a thugas faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh – ceann a shocraigh go praiticiúil go bhfreagródh na hinstitiúidí litreacha agus ríomhphoist in aon cheann de na teangacha oifigiúla sa teanga chéanna, agus an ceann eile a chuir iallach ar Pharlaimint na hEorpa a suíomh gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge. Ba spéis leis an gcainteoir eile ar an ardán liom an méid a bhí le rá agam, Jacek Protasiewicz ón bPolainn, mar go raibh seisean ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus ina Leas-Uachtarán de chuid na Parlaiminte sin ag an am.

Cuireadh ceist orm faoi thodhchaí an Bhéarla mar theanga oifigiúil tar éis imeacht na Breataine. Mhíníos go bhfuil liosta na dteangacha oifigiúla leagtha síos i Rialachán 1/58, nach dtiocfaidh aon athrú ar an liosta sin mura n-aontaíonn na ballstáit ar fad, ag feidhmiú mar Chomhairle an AE, d’aon toil, le cur leis an liosta sin nó teanga a bhaint de. Shíl mé, a dúras, nach mbeadh fonn ar aon bhallstát rialachán molta chun Béarla a bhaint den liosta a chur faoi bhráid na mballstát eile agus an cás sin a chur chun cinn sa ghearrthéarma ar aon nós; go raibh Béarla i measc na dteangacha oifigiúla stáit ag Éirinn agus ag Málta agus go bhféadfadh ceachtar acu siúd, nó aon bhallstát eile, ceart crosta a úsáid.

An Coimisinéir Eorpach Andriukaitis i mbun aithisc in Nitra, an tSlóvaic.
An Coimisinéir Eorpach Andriukaitis i mbun aithisc in Nitra, an tSlóvaic.

Mar sin féin, dúras gur shíl mé go mbeadh creimeadh, de réir a chéile, ar líon na bhfeidhmeannach sinsearach le Béarla mar mháthairtheanga sna hinstitiúidí, mar is ceann de rialacha fostaíochta an AE nach miste d’iarrthóirí a bheith ina saoránaigh de bhallstát de chuid an Aontais, agus dá réir sin, go bhféadfadh athrú teacht ar ról lárnach an Bhéarla i gcuid de na hinstitiúidí de réir a chéile mar phróiseas nádúrtha seachas ar bhonn athraithe sa reachtaíocht.

D’ainneoin na dtuairimí a nochtadh faoi ról an Bhéarla mar theanga choiteann, tá an méid seo a leanas sa ráiteas deiridh a d’eisigh an chomhdháil:

“Tháinig ceannas an Bhéarla i réim le géarú an domhandaithe. Mar theanga dhomhanda, tá cumas an Bhéarla chun féiniúlacht Eorpach a chur in iúl lag go maith. San AE iar-Bhreatimeacht, ní labhróidh ach 10% de shaoránaigh an AE an Béarla mar mháthairtheanga nó go han-mhaith mar theanga iasachta, agus dá dheasca sin ghéaródh a húsáid eisiach san AE míchothromaíochtaí sóisialta, agus bhraithfí mar éilíteachas é. Is toisc ríthábhachtach é ró-bhéim ar Bhéarla i laghdú an spreagtha chun teangacha eile a fhoghlaim.”