Cad é an difríocht dáiríre idir Fianna Fáil agus Fine Gael tar éis ceithre bliana i gcomhrialtas?

Ní neart ná comhrialtas eile go cur le chéile ach ní léir fós cumas neartaithe i bpáirtí ar bith…

Cad é an difríocht dáiríre idir Fianna Fáil agus Fine Gael tar éis ceithre bliana i gcomhrialtas?

‘Teastaíonn ceannaireacht níos fearr.’

‘Teastaíonn fís inchreidte den todhchaí.’

‘Teastaíonn léiriú don phobal ar thairbhe an pholasaí atá de dhíth.’

Bheadh a ndúirt Clare Kelly, ollamh le síceolaíocht i gColáiste na Tríonóide, oiriúnach dá mbeadh sí ag cur comhairle ar dhíograiseoirí Fhianna Fáil atá ag freastal ar ard-fheis an pháirtí i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Bhain a comhairle, áfach, le dúshlán atá níos doimhne agus níos cinniúnaí ná dúshlán toghcháin.

Tá achoimre sna trí abairt thuas ar a ndúirt an tOllamh Kelly ar an gclár deireanach den tsraith Rising Tides. a craoladh ar RTÉ oíche Dé Céadaoin. Mura bhfaca tú é, is fiú amharc air.

Thug Philip Boucher-Hayes sárléargas sna cláir ar an athrú aeráide nach féidir a thionchar a sheachaint agus ar an athrú ar nósanna maireachtála a theastaíonn lena mhaolú.

Tharraing sé aird freisin ar neamhdhóthanacht na n-athruithe atá idir lámha sa tír seo agus ar an neamhthoil pholaitiúil a chuireann moill ar gach athrú.

Tá beagnach gach tír san Aontas Eorpach chun tosaigh ar Éirinn, a dúirt sé, ó thaobh fuinnimh in-athnuaite de agus ó thaobh spleáchas ar ghluaisteáin. Tá ár n-astaíocht charbóin per capita níos airde ná i dtír ar bith eile san AE.

Níl ballstáit eile gan locht gan dabht. Is léir le fada, áfach agus is léir fós an mhoill a chuirtear abhus ar athruithe ar léir a riachtanas – insliú tithe mar shampla, nó tógáil scéimeanna ceantar-théite.

Tá polasaithe aeráide an rialtais agus a gcur i bhfeidhm ag feabhsú ach ní leor an feabhas fós. Ba chóir go mbeadh laghdú 50% tagtha ar ár n-astaíocht charbóin faoi 2030, a dúirt Phlip Boucher-Hayes, ach ní bhainfear ach laghdú 29 faoin gcéad amach ar a mhéid leis an gcur chuige reatha.

Déan talamh slán de (maith dhom leagan chomh hoiriúnach a úsáid) nach gcaithfidh toscairí Fhianna Fáil mórán ama agus an phráinn a léirigh Rising Tides á plé acu.

Tabharfaidh ionadaithe tofa agus cosmhuintir an pháirtí tús áite do na hábhair a shíleann siad a chuireann an míshásamh is mó ar vótálaithe – díreach mar a rinne comhaltaí Fhine Gael i nGaillimh seachtain ó shin agus Simon Harris á bheannú acu mar cheannaire nua.

Cuirfear béim ar leith ar chúrsaí tithíochta agus ar chúrsaí sláinte, ní nach ionadh agus deis ag airí an pháirtí Darragh O’Brien agus Stephen Donnelly labhairt le húdarás faoi pholasaithe na ranna sin. Cuirfear spéis ar leith freisin ina ndéarfar ó ardán na hArd-Fheise nó ón urlár faoi chúrsaí inimirce.

Tá na príomhpháirtithe go léir imníoch faoin leas a bhainfidh iarrthóirí ó mhionpháirtithe nó neamhspleáigh sna toghcháin áitiúla as polasaí inimirce an rialtais. Ní bheidh drogall orthu teacht i dtír ar aineolas faoi dhualgais idirnáisiúnta an stáit.

Is léir i nGaillimh mar shampla dúshlán na bpríomhpháirtithe a bheith tugtha ag iarchomhairleoirí contae Fhianna Fáil Séamus Walsh agus Noel Thomas. Seasfaidh an bheirt mar ionadaithe an pháirtí nua ar a dtugtar ‘Independent Ireland’ nár chuir stró orthu féin go dtí seo ainm i nGaeilge a fhógairt. Neamhspleách, muise.

Beidh ábhar imní eile ag Fianna Fáil agus ag Fine Gael, nach mian le ceachtar páirtí a phlé, nuair a thosóidh feachtas an olltoghcháin. Ní mar chéilí comhrialtais ach mar pháirtithe neamhspleácha a bheidh tacaíocht á hiarraidh acu san olltoghchán.

Tá go maith, ach tá an chosúlacht agus an comhoibriú idir an dá pháirtí níos láidre ná riamh. Ní go réidh mar sin a chuirfidh ionadaithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael ina luí ar vótálaithe go bhfuil difríocht shuntasach eatarthu. Go háirithe agus athbhunú an chomhrialtais reatha ar dhóigh éigin á thairiscint acu.

Go dtí go ndeachaigh an dá pháirtí i mbun rialtais le chéile in 2020, bhaineadh scríbhneoir an cholúin seo spraoi uaireanta as a gcomhaltaí a chéasadh le ceist a theip orthu i gcónaí a fhreagairt go soiléir: ‘cad é an difríocht dáiríre idir Fianna Fáil agus Fine Gael?’

D’fhéadfaí leagan eile den cheist chéanna a chur orthu anois ‘cad é an difríocht dáiríre idir Fianna Fáil agus Fine Gael tar éis dóibh a bheith i gcomhrialtas le ceithre bliana agus toilteanach dul i gcomhrialtas le chéile arís?’

Idir an dá linn, is fiú cuimhneamh arís ar na ceisteanna cinniúnacha a chuir Philip Boucher-Hayes ina shraith teilifíse. Ceisteanna nach bpléitear ag ard-fheiseanna ach nach beag a dtábhacht.

An bhfuil sé ar chumas mhuintir na hÉireann an leas coiteann a chur chun cinn maidir le hathrú aeráide? An féidir linn gníomhú le chéile agus in am chun aghaidh a thabhairt ar dhainséar dosheachanta. An bhfágfaimid pláinéad mar a bhainimid taitneamh as mar oidhreacht ag ár bpáistí?

Is léir freagra ar an tríú ceist ón bhfianaise a ndearnadh cur síos uirthi i sraith Philip Boucher-Hayes. Tá dochar doleigheasta as cuimse déanta don phláinéad cheana féin.

Déanfaimid aimhleas ár bpáistí áfach mura dtugaimid aghaidh ar a ndúirt sé mar chlabhsúr ar a shraith, agus páistí óga le feiceáil ar an scáileán agus iad ag súgradh go háthasach ar thrá:

‘Beidh an todhchaí atá rompu ag brath ar an todhchaí a roghnaímidne dóibh.’

Fág freagra ar 'Cad é an difríocht dáiríre idir Fianna Fáil agus Fine Gael tar éis ceithre bliana i gcomhrialtas?'

  • Eoin Ó Murchú

    Sí an fhadb, ceapaim, a bhaineann leis seo ná nach féidir é a dheanamh go haonarach. Caithfidh e a dhéanamh i lámha a cheile. Níl an t-airgead ag cuid mhaith daoine painéil gréine a chur in úsáid nó insliú aisfheistithe go haonrach, ach is chun leas coiteann an stáit go ndéanfaí é. Rud sóisialta atá i gceist ag deire thiar agus is cóir a dhéanamh tríd an stát agus íoc as trí na cánacha.

  • WTF

    “Féadfaidh an chéad ghlúin eile aire a thabhairt dóibh féin.” An freagra pras a thug máthair ceathrar clainne dom nuair a d’ardaigh mé an cheist faoin athrú aeráide léi.