Breithiúnas íospartaigh ar dhráma nua faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí

‘Bhí sé ‘deacair’ féachaint air in amannta, ach tá mé sásta go ndeachaigh mé ann’, a deir Liam Ó Maoladha. Is mór ag údar In the Language of the Mute go raibh na híospartaigh a bhí i láthair sásta leis an léiriú aréir

Screen Shot 2015-08-25 at 19.51.04
Radharac as an dráma In the Language of the Mute le Jack Harte

Bhí cuid d’íospartaigh Dhomhnaill Uí Lubhlaí i láthair aréir ag an gcéad léiriú de dhráma nua bunaithe ar a gcás agus ar an té a rinne ionsaí gnéis orthu. I measc na n-íosparatach a bhí i láthair ag In the Language of the Mute le Jack Harte, bhí Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha.

Dúirt Ó Maolaodha le Tuairisc.ie go raibh sé “an-tógtha” leis an leiriú agus cé go bhfuair sé “deacair” é féachaint air in amannta, bhí sé sásta go ndeachaigh sé ann.

“Bhí an script léite agam cheana féin agus mar sin ní raibh aon rud ann nach raibh súil agam leis, ach tá sé ábhairín difriúil a bheith sa mbaile ag léamh na scripte ar do chompord agus a bheith in amharclann agus do mhuintir thart timpeall ort ag breathnú ar na heachtraí ar stáitse.

“Léiriú an-mhaith a bhí ann agus tugadh an-léargas ar an scoilt a bhí ann faoin ábhar: gur sármhúinteoir agus sárdhiograiseoir a bhí ann [Ó Lubhlaí] ach go raibh na rudaí seo déanta aige. Bhuail an dráma cúpla spota agus bhain a sprioc amach,” a dúirt Ó Maolaodha le Tuairisc.ie.

Dúirt Ó Maolaodha go raibh go leor i láthair aréir nach raibh sé éasca orthu breathnú ar a raibh ar an stáitse – agus gur shiúil beirt amach as an amharclann de bharr a dheacra is bhí sé.

Dar le Maolaodha go raibh sé an-deacair féachaint ar an dráma den chéad uair agus é i dteannta a mhuintire agus cairde, cé gur “iontach an tacaíocht” a thug siad dó. B’fhearr leis, a dúirt, go mbeadh an dráma feicthe aige féin sula ndeachaigh sé ann le daoine eile.

Screen Shot 2015-08-25 at 20.04.24

‘Léiriú leictreach’ a bhí sa dráma, atá bunaithe ar scéal Dhomhnaill Uí Lubhlaí, sa New Theatre i mBaile Átha Cliath aréir, dar le Frank Harte, a chrom ar scéal Uí Lubhlaí agus a íospartaigh a scríobh tar éis dó tuairiscí faoi a fheiceáil ar Nuacht TG4. Bhí Harte ag múineadh sa scoil chéanna le Ó Lubhlaí sna seachtóidí.

“Bhí mé an-sásta leis an léiriú, agus leis na haisteoirí a bhí ar an stáitse. Nuair a bhí mé ag breathnú ar na cláracha nuachta ar TG4 leag siad mé.

“Ba iarscoláirí liomsa iad beirt de na fir agus an chéad cheist a bhí agam ná ‘cén fáth nár thug mé aon rud faoi ndeara é? Cén chaoi a raibh sé in ann na rudaí sin a dhéanamh i ngan a fhios dúinn?”

Mar scríbhneoir, theastaigh ó Harte na ceisteanna sin a chur chun “tuiscint níos doimhne” a fháil ar an scéal agus chun “tuiscint níos fearr a thabhairt don phobal” air.

Bunaithe ar Dhomhnall Ó Lubhlaí, a ndearna líomhaintí faoi gur bhain sé mí-úsáid gnéis as buachaillí óga, atá príomhcharachtar an dráma ‘Donie’.

Dúirt Ó Maolaodha go raibh sé ‘an-tóghta’ leis an taighde a bhí déanta ag cliar an dráma faoi Ó Lubhlaí agus faoi charachtair eile sa dráma.

“Ba léir dom go raibh na haisteoirí tar éis go leor taighde a dhéanamh faoin bhfear agus faoin gcás agus bhí amanna ann nuair a cheap mé gurb é Ó Lubhlaí a bhí os mo chomhair ar an stáitse. Bhí an t-éadach, an ghruaig, an cur i láthair, an t-iompar agus gach rud go paiteanta aige.

“Bhí go leor den charachtar Alan bunaithe ormsa, a bhraith mé, agus dúirt an t-aisteoir an rud céanna nuair a bhí mé ag caint leis ina dhiaidh, gur bhreathnaigh sé ar na hagallaimh ar TG4 agus araile. Dúirt sé gurb é an dráma is fearr atá déanta mar bhí níos mó ná siamsaíocht i gceist; bhí rud éigin le rá aige,” a dúirt Ó Maolaodha.

Dar le Jack Harte go raibh bunfhadhb ag na híospartaigh sa mhéid is nach raibh siad in ann labhairt amach faoi na hionsaithe a rinneadh orthu agus go raibh siad faoi bhrú ar feadh a saoil de dheasca an tosta sin.

“Bhris cuid acu síos agus chaith tréimhsí in aonaid aigneolaíochta. Fuair cuid eile acu cabhair ó chomhairleoirí agus bhí siad in ann déileáil leis, ach gach uile dhuine acu d’fhulaing siad.

Chuir sé isteach go mór orthu ar shlite pearsanta agus chuir sé isteach ar a meon i leith gnéis agus gach rud a ghabhann leis – bhí fadhbanna le caidrimh agus mar sin ag cuid acu. Ba mhór agam go raibh siad an-sásta leis an léiriú aréir.”

Dúirt Harte nach raibh tuairim ar bith ag na múinteoirí eile a bhíodh ag obair le Ó Lubhlaí faoin iompar a bhí ar bun aige, ach go rabhthas buartha go raibh sé i mbun earcaíochta don IRA.

“Tar éis tamaill ba léir nach raibh sé á dhéanamh sin agus chuir sé sin ar ár gcompord muid. Bhí sé soiléir go raibh sé ag obair go huafásach dian ar son na Gaeilge agus ag cur a lán rudaí ar bun.

“Bhí Coláiste na bhFiann ina ghréasán idir na scoileanna agus na coláistí samhraidh; bhí an t-ospidéal ann i gContae na Mí – bhí sé an-díograiseach ar fad. Nuair a fheiceann tú duine mar sin, deireann tú ‘fair play dó’.

“Theastaigh uaim anois rud éigin a dhéanamh do na daoine a d’fhulaing a leireódh nárbh amadáin iad agus go raibh an duine seo mealltach agus go raibh cleas á imirt aige ar gach éinne. Ní raibh aon rud cearr leis na daoine a mealladh agus sílim gur thaispeáin mé é sin,” a dúirt Harte le Tuairisc.ie.

Jack Harte
An scríbhneoir, Jack Harte

Is léiriú dátheangach atá sa dráma agus bhí tábhacht leis an dátheangachas sin do Liam Ó Maolaodha agus an drámadóir araon.

“Theastaigh uaim léiriú a thabhairt ar cén chaoi ar oibrigh an duine seo. Níor labhair sé Béarla riamh mar sin theastaigh uaim go mbeadh na radharcanna sin i nGaeilge. Níor chuir mé in iúl don phobal go raibh sé dátheangach mar bheadh siad ag rá ‘ó ní bheinn in ann aige sin’”, a deir Jack Harte le Tuairisc.ie.

Deir Liam Ó Maolaodha go raibh an teanga agus “íomhá na teanga” an-tábhachtach don scéal i gcomhthéacs an cheantair bhoicht in iarthar Bhaile Átha Cliath ina bhfuil an dráma lonnaithe.

“Ba í an Ghaeilge teanga na cumhachta sa scéal seo agus ba léir go raibh daoine sa rang nár thuig an múinteoir agus bhí daoine áirithe a bhí níos fearr ná a chéile.

“Bhí an teanga an-tábhachtach don chumhacht a bhí ag an bhfear seo agus bhí sé tábhachtach go léireofaí é sin sa dráma. Bhí na buachaillí faoi gheasa aige,” a dúirt Ó Maolaodha.

Níor ciontaíodh Domhnall Ó Lubhlaí riamh as an 56 cúis a cuireadh ina leith. Bhásaigh sé sa bhliain 2013. Cuireadh ar a thriail é os cionn deich mbliana roimhe sin, i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2002, ach thit an triail sin as a chéile de bharr mhoilleadóireacht an stáit agus fianaise a bheith caillte ag na Gardaí.

Chuir foinse a bhí i dteagmháil leis an iriseoir Breandán Delap sa bhliain 2001 an teoiric chun cinn go mbíodh Ó Lubhlaí ag tabhairt tuairiscí do na Gardaí faoi chomharsa dá chuid a bhí ina bhuamadóir gníomhach de chuid an IRA.

I ndráma Harte, tugann an brathadóir, a bhfuil líomhaintí maidir le mí-úsáid gnéis curtha ina leith, na cosa leis toisc go mbíonn sé ag sceitheadh eolais leis na Gardaí.

Níl gach éinne ar aon intinn faoi chúlra Poblachtach Uí Lubhlaí, áfach.

Briseadh as a phost mar mhúinteoir i dTiobraid Árainn é sna caogaidí agus dúradh gur de bharr a chuid gníomhaíochta sa ghluaiseacht Phoblachtach a tharla sin.

Timpeall an ama chéanna, chuaigh sé anonn chun na hÉigipte, áit ar oibrigh sé ar feadh bliana i gcathair Alexandria.

Anuas air sin, mhaígh sé féin i gcónaí gur chaith sé tréimhse i ngéibheann sa Churrach ach níl aon fhianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil sé sin fíor.

I ndiaidh do chuid de na híospartaigh labhairt leis an iriseoir Sorcha Ní Mhonacháin faoinar fhulaing siad ar Nuacht TG4, d’éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go gcuirfí fiosrúchán ar bun mar gur léir nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus i 1998.

D’fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána ag an am Martin Callinan, in Aibreán 2013, gur iarr sé ar Aonad an Gharda a fhiosraíonn ionsaithe gnéis athbhreithniú a dhéanamh ar fhiosrúchán an Gharda Síochána ar na líomhaintí a rinneadh in aghaidh Uí Lubhlaí sna nóchaidí.

Diúltaíodh eolas a thabhairt do na híospartaigh faoin athbhreithniú.