Breatimeacht romhainn?

Ní bheidh príomhpháirtithe Theach Laighean sásta le toradh an reifrinn atá ag bagairt orthu anois

brexit 2

Léiríonn na pobalbhreitheanna sa Ríocht Aontaithe go bhfuil an dá thaobh cóngarach, agus gan ach a cúig faoin gcéad, ar a mhéid, eatarthu i ngach suirbhé beagnach. Bearna chomh beag mar sin, mar is eol dúinn sa tír seo, nach féidir a bheith cinnte cén toradh a bheas ar an vótáil Déardaoin seo chugainn.

Mar sin féin, tá imní shoiléir ar an bPríomh-Aire David Cameron gur rogha i bhfabhar ‘Brexit’ nó Breatimeacht a dhéanfar. Glactar leis gur imní ba chúis lena chinneadh gan a beith i dteannta an Taoisigh, mar a socraíodh, ag ócáid atá á reachtáil i Manchain Dé hAoine ag eagraíocht atá i bhfabhar an AE.

Thug Enda Kenny óráid láidir in aghaidh na Breatimeachta i mBéal Feirste Dé Luain, agus tá óráidí den sórt céanna tugtha ag scata airí eile in áiteanna éagsúla taobh thall de Mhuir Éireann.

Mura n-aontaíonn na vótóirí leo, b’fhéidir nach praghas polaitiúil mór a íocfar nuair a théann Boris Johnson nó ceannaire frith-Eorpach eile i gcomharbacht ar David Cameron. Ach ní dhéanfaidh an príomh-aire nua dearmad ar a ndúirt rialtas na hÉireann ina choinne roimh an reifreann.

Más aistarraingt Bhreataineach atá romhainn, beidh dianmhachnamh agus dianphlé faoi bhrú riachtanach i dTithe an Rialtais maidir le

  1. Socruithe nua trádála idir Éire/AE agus an Ríocht Aontaithe.
  2. Tionchar chúlú eacnamaíochta sa Ríocht Aontaithe ar Éirinn.
  3. Socruithe nua taistil, cónaithe agus oibre d’Éireannaigh sa Bhreatain.
  4. Iarmhairt na vótála ar an Teorainn.
  5. Cúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann
David_Cameron
David Cameron

Ní léir don rialtas aon dea-thoradh ó thaobh na n-ábhar imní seo go léir. Go deimhin, chuirfeadh Breatimeacht ón AE tús le tréimhse fada éiginnteachta. Mar shampla, d’fhéadfaí rialacha nua taistil agus deimhniú céannachta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh, mar a dúirt David Cameron i Westminster Dé Céadaoin. Ní rialacha nua ar an Teorainn in Éirinn a bhí i gceist aige, ach idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain.

B’fhéidir nach raibh i gcaint an Phríomh-Aire ach sampla eile den fheachtas bagrach ar a dtugtar ‘Project Fear’ sa Bhreatain, ach cá bhfios? Agus cá bhfios cén tionchar ó thuaidh a bheadh ag vóta i bhfabhar neamhspleáchais in Albain tar éis Bhreatimeacht Shasana.

Más Breatimeacht atá romhainn, is dóichí ná a mhalairt go dtiocfaidh na rialtais i mBaile Átha Cliath agus i Londain ar chomhthuiscint stuama maidir leis an gcuid is mó de na fadhbanna thuas. Ach más ‘Imigh’ a déarfar, ná cuir géarchéim ar bith as an áireamh abhus, thall, nó ó thuaidh.

Bua Éireannach sna Stáit

Cibé iarrthóir a bhuafaidh toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe an 6 Samhain, beidh bua mór gnó á cheiliúradh ag beirt fhear óg as Luimneach.

Tá síntiúis ar-líne á lorg ag feachtais Hillary Clinton agus Donald Trump araon agus córas na beirte á úsáid acu. Tá an córas úsáidte freisin ag feachtais iarrthóirí eile, ina measc Bernie Sanders agus Jeb Bush.

Tá an córas, ar a dtugtar ‘Stripe’, á fhorbairt go leanúnach ag an mbeirt ó chum siad é tar éis dóibh éirí as a gcúrsaí staidéir i Harvard (John) agus in MIT in aice le Boston (Patrick).

Níl ina ngnó polaitiúil ach sciar beag de mhórghnó domhanda an chomhlachta ina bhfuil 470 fostaithe agus 30 oibrí ag obair in oifig i mBaile Átha Cliath ina measc.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.