Bean ó Fhionntrá dulta i mbun oibre mar áisitheoir ealaíon d’Ealaín na Gaeltachta

Tagann Rachel Holstead i gcomharbacht ar Eibhlín de Paor atá anois ina hoifigeach oideachais agus oiliúna sa Mhumhain ag Údarás na Gaeltachta

Bean ó Fhionntrá dulta i mbun oibre mar áisitheoir ealaíon d’Ealaín na Gaeltachta

Inniu a thosnaigh Rachel Holstead ó Bhaile an tSléibhe i bhFionntrá mar Áisitheoir Ealaíon sa Mhumhain d’Ealaín na Gaeltachta.

Tagann sí i gcomharbacht ar Eibhlín de Paor atá anois ina hoifigeach oideachais agus oiliúna sa Mhumhain ag an Údarás.

Tá Rachel aitheanta mar cheoltóir agus mar chumadóir ceoil. “Tabharfad sos don gceol anois, ach is dócha go mbead ag cumadh giotaí filíochta mar chaitheamh aimsire, Is mar oifigeach ealaíon sa Mhumhain atá mo phríomhghnó anois, rud a thaithneoidh liom measaim,” arsa oifigeach ealaíon nua Údarás na Gaeltachta.

Tá Rachel Holstead tar éis ceithre mhí a chaitheamh mar áisitheoir ealaíon i nDún na nGall le hEalaín na Gaeltachta, fochomhlacht d’Údarás na Gaeltachta.

Ní hionadh go mbeadh spéis sna healaíona aici: múinteoir ceoil ó Chontae an Dúin a máthair Stephanie agus dealbhóir ó Yorkshire a hathair John, ar saoránach Éireannach é anois.                          

Fág freagra ar 'Bean ó Fhionntrá dulta i mbun oibre mar áisitheoir ealaíon d’Ealaín na Gaeltachta'