BARR SMAISE

An tseachtain seo is í Marion Ní Shúilleabháin, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta atá i dteannta Sara Ní Chuirreáin

Pictiúr - poiblíochta (1)Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos a dhéanamh ar mo stíl phearsanta féin…

Compordach, compordach, compordach!

Na pearsana aitheanta – idir fhir agus mhná – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Brad Pitt agus Olivia Palermo

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Gúna dubh (halterneck) Karen Millen

Penneys, Brown Thomas nó….

Zara, Warehouse, Brown Thomas agus Penneys freisin.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

Lán vardrúis d’éadach nua

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá uireasa?  Bonnsmideadh (foundation), mascára agus béaldath (lipstick).

Ar choinnne chéad aithne (blind date) chaithfinn féin…

Mo chuid spéacláirí go bhfeicfinn chuile orlach dó.  Lol!

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh… Éadach ná bróga aclaíochta

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Vogue agus ábhar go leor ar na meáin shóisialta

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Is iomaí ceann déanta agam ach bím ag foghlaim i gcónaí.