Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos a dhéanamh ar mo stíl phearsanta féin…
Compordach, compordach, compordach!
Na pearsana aitheanta – idir fhir agus mhná – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?
Brad Pitt agus Olivia Palermo
An rud is sine i mo chófra/vardrús?
Gúna dubh (halterneck) Karen Millen
Penneys, Brown Thomas nó….
Zara, Warehouse, Brown Thomas agus Penneys freisin.
Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…
Lán vardrúis d’éadach nua
Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá uireasa? Bonnsmideadh (foundation), mascára agus béaldath (lipstick).
Ar choinnne chéad aithne (blind date) chaithfinn féin…
Mo chuid spéacláirí go bhfeicfinn chuile orlach dó. Lol!
Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh… Éadach ná bróga aclaíochta
An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…
Vogue agus ábhar go leor ar na meáin shóisialta
An botún faisin is mó a rinne mé riamh?
Is iomaí ceann déanta agam ach bím ag foghlaim i gcónaí.