Anois teacht an Earraigh…

Seo an t-am den bhliain a thabharfadh spreagadh do dhuine dul i mbun aclaíochta níor mhiste feisteas úrnua a roghnú mar spreagadh breise

Anois agus tráth na Féile Bríde buailte linn, is cinnte go gcuimhneoidh go leor ar an líne cháilúil: ‘Anois teacht an Earraigh, beidh an lá dul chun síneadh…’

Níl amhras ar bith ach go bhfuil síneadh sna laethanta le gairid agus fad breá ag teacht sna tráthnónta.

Seo an t-am den bhliain a thabharfadh spreagadh do dhuine dul i mbun aclaíochta faoin aeir, leis an meáchan a choinnéal faoi smacht nó iarracht a dhéanamh a bheith níos folláine, sláintúla.

Ar ndóigh, níor mhiste feisteas úrnua a roghnú mar spreagadh breise sula mbualfaimid faoi bhóithre agus faoi chosáin na tíre!

Chaith mé féin súil ar chuid bheag den rogha mór éadaí spóirt do mhná atá ar fáil go forleathan anois. D’fhéadfadh cuid de na roghanna seo cabhrú le daoine cuma fhaiseanta a chuir orthu féin agus beagán stíle a bheith ag baint leo, fiú mura raibh siad ar an duine is aclaí nó is spóirtiúla san áit…fós, ar aon nós!

Bhí siopaí Lifestyle Sports, Forever 21, Penneys agus suíomhanna ar line i measc na n-áiteanna ar ar thug mé cuairt.

Bróga

Is dócha go bhfuil na bróga reatha ar an gcuid is tábhachtaí agus is costasaí den fheisteas aclaíochta. Thaitin an péire seo ó Nike – Roshe Run – go mór liom féin. Tá siad an-chompórdach agus fíoréadrom.  Fiú mura dtosódh tú ag rith nó ag siúl go deo, d’fhéadfá an péire seo a chaitheamh le jeans nó le feisteas eile – tá siad chomh faiseanta sin faoi láthair. Chonaic mé péire a raibh cuma an-deas orthu freisin i Penneys nach raibh orthu ach €9 agus a bheadh feiliúnach don té nach mbeadh ag iarraidh infheistíocht rómhór a dhéanamh.

Treabhsair

Is de dheantús Nike iad an péire álainn de threabhsair thraenála seo. Tá siad simplí agus compórdach le póca folaithe le do chuid airigid, fón nó iPod a chur i dtaisce. Níl siad saor ar €48 ach is luach maith ar airgead iad. Agus tá stíl ag baint leo!

Barr

Barr aclaíochta deas liath a roghnaigh mé le cur leis an treabhsar dubh. I Forever 21 a d’aimsigh mé é ar chostas €24.45. Tá neart éadach aclaíochta sa siopa céanna le rogha dathanna agus patrúin dheasa.

3. Barr le Forever 21 €13.50

Seacéad

Tá cáil le fada ar Adidas as caighdeán agus stíl a n-éarraí spóirt. Dath gorm atá ar an seaicéad éadrom seo atá ar fáil ar €65. Maíonn Adidas go gcoiníonn an fabraic speisialta seo an teas isitgh agus fuacht amuigh. Is buntaiste breise é go bhfuil an dath an-fheiceálach don té a bheadh ag rith nó ag siúl le titim na hoíche.

4. Seaicéad Adidas  €65

Oiriúintí

Ar ndóigh, tá daoine ann nach rachadh i mbun aclaíochta i measc an phobail gan na hoiriúintí (accessories) cearta a bheith á gcaitheamh acu freisin. Tá bailiúchán breá i Penneys, ina measc mála don gym (€11), cluasáin (€2.50) agus coinneálaí dá fón nó córas ceoil (€4).

5. Oiriúintí le Penneys

Níl uainn anois ach an aimsir bhreá go mbeimid aclaí, spóirtiúil agus faiseanta!

Fág freagra ar 'Anois teacht an Earraigh…'