An ócáid ‘carbhat dubh’ sa Hilton an tslí is fearr le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge?

Tharlódh gur pleidhce amadáin ár gcolúnaí, a deir sé, ach tá sé in amhras faoin ócáid ‘Féasta 100’ agus faoi cad é go díreach a bheidh á cheiliúradh aici

An ócáid ‘carbhat dubh’ sa Hilton an tslí is fearr le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge?

Thuairiscigh Maitiú Ó Coimín anseo le déanaí go ndéanfar ceiliúradh ar ‘Athbheochan na Gaeilge’ ag ócáid ‘carbhat dubh’ i mBaile Átha Cliath faoi Nollaig na bliana seo.

Tuigim gur pleidhce amadáin mé agus admhaím nach bhfuil ionam ach an t-íochtarán is íochtaraí ó íochtar Bhundún Mhóire, agus gur dána an mhaise dom’ leithéid bheith ag caint faoi ócáid atá á heagrú ag na sé cheanneagraíocht Ghaeilge agus ina mbeidh Uachtarán an stáit ag ceann an bhoird.

Ní dóichí gur ar mo leithéidí atá an ócáid seo dírithe – bheadh sé chomh maith agat srathair a chuir ar bhainirseach róin is a bheith ag crochadh dickybow mar chuing chúng timpeall chuing mo mhuiníl –  ach is ait liom a leithéid seo d’imeacht a bheith á eagrú chuige.

Is cuma liomsa cén saghas éadaigh a chaitheann duine – ní haon Taliban Gaelach mise a cheapann gur chóir do gach Gael bheith feistithe gléasta i mbáiníní, lóipíní nó seálanna móra dubha.

Ach samhlaím an téarma ‘carbhat dubh’ le piardaí móra an bhainc Angla-Éireannaigh agus na forbróirí a bhí sa leaba leo; le tint Fhianna Fáil i mBaile an Bhriotaigh agus le gach éinne a chuaigh i bhfothain ann; le cinn feadhna chama na n-eagraíochtaí carthanachta agus a dtuarastail gan dealramh. Go deimhin dhuit, cuireann ócáidí dá leithéid ré na dtiarnaí talún, a ngiollaí, a n-athmháistrí, a bprócadóirí agus a ngaimbíní i gcuimhne dom. Ach fé mar a deirim, b’fhéidir nach mbeadh tuiscint ag mo leithéid ar fhaisean na huasaicme.

Bíodh san mar atá, tá ceist níos tábhachtaí le cuir fén ‘comóradh agus ceiliúradh foirmiúil’ seo – cad go díreach atá le ceiliúradh? Cén ghné den dteanga agus “gach a mbaineann léi sa Ghaeltacht agus lasmuigh di” atá á comóradh?

Na ceantair ba láidre Gaeltachta sa tír i 1916 bheith i dtaobh le níos mó Gearmáinise ná Gaelainn in 2016? Contaetha ina raibh ceantair Ghaeltachta beo bríomhar i 1916 atá gan aon rian Gaeltachta orthu in 2016? Ceantair Ghaeltachta a bhí ina gceantair fhíor-ghaeltachta láidre fiú i 1966 ach atá ar an dé deiridh anois? Na pócaí beaga Gaeltachta sna sé chontae ar fhág an stát ó dheas ina n-aonaránaigh iad i stát gan trua gan taise dóibh tar éis 1922? Formhór d’aos óg na Gaeltachta ar deoraíocht i gcathracha na tíre seo nó ar an gcoigríoch?

Tá léas dóchais agus roinnt nithe gur fiú ceiliúradh a dhéanamh orthu – tá ár stáisiúin teilifíse agus raidió féin againn, tá saol cultúrtha an-saibhir againn agus thógfadh an borradh atá ar an nGaelscolaíocht do chroí. Tá an teanga á labhairt anois in áiteanna nár chualathas aon fhocal Gaelainne le cúpla céad bliain anuas. Tá glúin nua Gael ag fás aníos gan aon smaointe diúltacha fén dteanga acu agus gan aon bhagáiste maidir leis an gceangal idir an teanga agus an bhochtanas á iompar acu.

In anneoin go bhfuil bás na teanga á thuar gach deich mbliana, táim cinnte go mbeidh an teanga beo beathaíoch fé cheann céad nó dhá chéad bliain.

Ach an ócáid mar seo an tslí is fearr chun ceiliúradh a dhéanamh air seo? Nach fearr dul isteach go dtí ceann de na gaelscoileanna is rathúla i gceann de na ceantair is boichte i mBaile Átha Cliath, Corcaigh nó Béal Feirste agus ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach acu? Nó ócáid tacaíochta a eagrú chun cabhrú leo siúd atá d’iarraidh gaelscoil shaolta nua i dtuaisceart na príomhchathrach? Nach fearr an €56,000 de luach ticéid a chaitheamh in óstán éigin Gaeltachta ná sa Hilton, nó an mbeidh aon airgead ón ócáid á chaitheamh ar an dteanga in aon chor?

Nó ab é go bhfuil ceiliúradh á dhéanamh ag na sé cheanneagraíocht orthu féin?