Thuairiscigh Maitiú Ó Coimín anseo le déanaí go ndéanfar ceiliúradh ar ‘Athbheochan na Gaeilge’ ag ócáid ‘carbhat dubh’ i mBaile Átha Cliath faoi Nollaig na bliana seo.
Tuigim gur pleidhce amadáin mé agus admhaím nach bhfuil ionam ach an t-íochtarán is íochtaraí ó íochtar Bhundún Mhóire, agus gur dána an mhaise dom’ leithéid bheith ag caint faoi ócáid atá á heagrú ag na sé cheanneagraíocht Ghaeilge agus ina mbeidh Uachtarán an stáit ag ceann an bhoird.
Ní dóichí gur ar mo leithéidí atá an ócáid seo dírithe – bheadh sé chomh maith agat srathair a chuir ar bhainirseach róin is a bheith ag crochadh dickybow mar chuing chúng timpeall chuing mo mhuiníl – ach is ait liom a leithéid seo d’imeacht a bheith á eagrú chuige.
Is cuma liomsa cén saghas éadaigh a chaitheann duine – ní haon Taliban Gaelach mise a cheapann gur chóir do gach Gael bheith feistithe gléasta i mbáiníní, lóipíní nó seálanna móra dubha.
Ach samhlaím an téarma ‘carbhat dubh’ le piardaí móra an bhainc Angla-Éireannaigh agus na forbróirí a bhí sa leaba leo; le tint Fhianna Fáil i mBaile an Bhriotaigh agus le gach éinne a chuaigh i bhfothain ann; le cinn feadhna chama na n-eagraíochtaí carthanachta agus a dtuarastail gan dealramh. Go deimhin dhuit, cuireann ócáidí dá leithéid ré na dtiarnaí talún, a ngiollaí, a n-athmháistrí, a bprócadóirí agus a ngaimbíní i gcuimhne dom. Ach fé mar a deirim, b’fhéidir nach mbeadh tuiscint ag mo leithéid ar fhaisean na huasaicme.
Bíodh san mar atá, tá ceist níos tábhachtaí le cuir fén ‘comóradh agus ceiliúradh foirmiúil’ seo – cad go díreach atá le ceiliúradh? Cén ghné den dteanga agus “gach a mbaineann léi sa Ghaeltacht agus lasmuigh di” atá á comóradh?
Na ceantair ba láidre Gaeltachta sa tír i 1916 bheith i dtaobh le níos mó Gearmáinise ná Gaelainn in 2016? Contaetha ina raibh ceantair Ghaeltachta beo bríomhar i 1916 atá gan aon rian Gaeltachta orthu in 2016? Ceantair Ghaeltachta a bhí ina gceantair fhíor-ghaeltachta láidre fiú i 1966 ach atá ar an dé deiridh anois? Na pócaí beaga Gaeltachta sna sé chontae ar fhág an stát ó dheas ina n-aonaránaigh iad i stát gan trua gan taise dóibh tar éis 1922? Formhór d’aos óg na Gaeltachta ar deoraíocht i gcathracha na tíre seo nó ar an gcoigríoch?
Tá léas dóchais agus roinnt nithe gur fiú ceiliúradh a dhéanamh orthu – tá ár stáisiúin teilifíse agus raidió féin againn, tá saol cultúrtha an-saibhir againn agus thógfadh an borradh atá ar an nGaelscolaíocht do chroí. Tá an teanga á labhairt anois in áiteanna nár chualathas aon fhocal Gaelainne le cúpla céad bliain anuas. Tá glúin nua Gael ag fás aníos gan aon smaointe diúltacha fén dteanga acu agus gan aon bhagáiste maidir leis an gceangal idir an teanga agus an bhochtanas á iompar acu.
In anneoin go bhfuil bás na teanga á thuar gach deich mbliana, táim cinnte go mbeidh an teanga beo beathaíoch fé cheann céad nó dhá chéad bliain.
Ach an ócáid mar seo an tslí is fearr chun ceiliúradh a dhéanamh air seo? Nach fearr dul isteach go dtí ceann de na gaelscoileanna is rathúla i gceann de na ceantair is boichte i mBaile Átha Cliath, Corcaigh nó Béal Feirste agus ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach acu? Nó ócáid tacaíochta a eagrú chun cabhrú leo siúd atá d’iarraidh gaelscoil shaolta nua i dtuaisceart na príomhchathrach? Nach fearr an €56,000 de luach ticéid a chaitheamh in óstán éigin Gaeltachta ná sa Hilton, nó an mbeidh aon airgead ón ócáid á chaitheamh ar an dteanga in aon chor?
Nó ab é go bhfuil ceiliúradh á dhéanamh ag na sé cheanneagraíocht orthu féin?
AnRógaire
Déarfainn gur ag Oireachtas na Samhna a bheidh an pobal is mó ag déanamh ceiliúradh ar an ngaeilge agus trí ghaeilge. Cinnte bheadh go leor daoine ag aontú leis na tuairimí atá luaite agat. Ní ócáid í seo a bheadh furmhór an phobail ag iarraidh freastal uirthi.
Seàn Míchaèl O'Donnchadha
An cheart ar fad agat.Níl an seoinínteacht imithe fós as páistí an Tíogair Cheiltigh.
Ben Ó Ceallaigh
An-alt go deo, maith thú fhéin a údair. ‘Sé an trua shaolta é nach bhfaigh tú blas éisteachta ó na ceanneagraíochtaí seo.
Mór, mór an náire é nach dtuigeann na grúpaí oifigiúla gur chóir rudaí den chineál seo a reáchtáil, ar bhun prionsabail, sa nGaeltacht, I GCÓNAÍ – sin má tá siad le bheith ann ar chor ar bith. Ach aontaím amach is amach leat gurbh fearr i bhfad rud praiticiúil a dhéanamh má tá comóradh le bheith ann – agus tá mé cinnte cé acu gúm is mó a thacódh glúin 1916 leis!
Larry Phelan
Sách ráite, a Dhaithí.
Iarla Mac Aodha Bhuí
Is á scaradh féin amach ó phobal na Gaeilge a bheidh na daoine a fhreastalóidh ar ócáid mar seo. Agus nach bhfuil sé foghlamtha againn go fóill gurb iad na coirpigh is mó a chaitheann culaith agus carbhat?
Is in ainneoin lucht oifigiúlachta a d’éirigh go measartha maith le Gaelscoileanna agus eagraíochtaí eile le tamall de bhlianta anuas.
Ailbhe
Lá breithe an Ríordánaigh an lá céanna – Beidh ócáidí ar siúl i mBaile Mhúirne ag comóradh céad bliain ó saolaíodh é… Bhur rogha féin an carabhat dubh a chaitheamh!
Colm Mac Fhionnghaile
Go díreach mó bharúil fhéin ar an ócáid chéanna léirithe go hiontach maith agat a údair. Tháinig an ríomhphost chugam ag tabhairt cuireadh domh agus bhí obair agam gan an fón a chaitheamh uaim. Ag sodar i ndiaidh na nGall i gcónaí
Feardorcha
Ní spáráilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh
Seán Mag Leannáin
Tuigim duit ach ní aontaím. Tá comhghuaillíocht agus tacaíocht ó cibé áit is féidir iad a fháil ag teastáil ó ghluaiseacht na Gaeilge. Is tearc iad na fíorchairde atá againn i measc mhóruaisle an stáit. Tá an t-adh linn gur fíorchara é an tUachtarán. Caithfidh muid tógáil ar na comhghuaillíochtaí atá ar fáil dúinn.
Tiarnán
Ard-fhear agus an-alt.
Bí iomlán cinnte nach amadán thú.
Rob
An féidir leis an nGaelgeoir an dá thrá a fhreastal? I slí amháin nach rud maith gur féidir ‘ocáid ghalánta’ a sheoladh i nGaeilge chomh maith? Nílim cinnte gur drochrud é .i. oíche na gcarbhat dorcha a bhéas ar siúl. Aon uair is a a bhíonn ceiliúradh a bhaineann le Gaeilge ar siúl, ceapaim gur rud dearfach é. B’fhearr liom féin a bheith i dtigín éigin, i gcroílár na Gaeltachta, Gaeilge amháin le cloisteáil, braoinín deas fuisce le hól agus ríl dheas á seinnt ach ní minic faraor a tharlaíonn a leithéid. Go ginéarálta níl sé ró-éasca oíche gaeilge a aimsiú. Cuir i gcás ca bhfuil cultúrlann na Gaeilge i mBleá Cliath? Is rud scannalach agus náireach é nach bhfuil ceann le fáil i mBAC. Tá cultúrlann fíor-dheas ar Shráid Chill Dara, i gcroílár na cathrach, bialann dheas agus araile le fáil, a bhaineann le Fraincis!
Seán Mag Leannáin
Is fearr cara sa chúirt ná clamhsán sa bhfiántas.
Concubhar
Alt stuama, a Dhaithí. Nílim cinnte gurb é seo an cineál ceart ocáide le h-aghaidh ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge. Ar éigean go bhfuil mí caite ó bhí ceiliúradh mór ann ag Aras an Uachtaráin agus go leor i lathair ann – scata maith acu ó Chorca Dhuibhne san áireamh. Bhíos féin ann ar an ardán le Cór Chúil Aodha – agus mar aoí ar son Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.
Bheadh úsáid leis an ocáid ‘carabhat dubh’ seo dá mbeadh sé ceangailte le cúis carthanachta éigean, cúis a bhaineann leis an nGaeilge nó cúis a bhaineann le carthanacht níos leithne, le tabhairt le fios go bhfuil croí mór ag pobal na Gaeilge, rud atá fíor ach nach gcuirtear in iúl minic nó glórach a dhothain, Anuas ar sin mothaim go mbeadh sé chun tairbhe na h-earnála dá mbeadh níos mó plé ag na ceann-eagraíochtaí atá tagtha le chéile chun an ocáid seo a eagrú tar éis dul i gcomhairle le h-eagraíochtaí eile le coimhlintí sceidil is a leithéid a sheachaint. Mar shampla tá Fleadh Feirste ar siúl an deireadh seachtaine céanna anseo sa Cheathrú Gaeltachta. Níl a fhios agam an FF nó an Carabhat Dubh a bheidh thíos leis an gcoimhlint seo ach seans gur lú an slua a bheidh ag taisteal go dtí Baile Átha Cliath ó Bhéal Feirste mar a fhéadfadh bheith amhlaidh ag am eile. Ritheann sé liom freisin gur droch smaoineamh ˀé ‘ocáid carabhat dubh’ a thabhairt ar seo – nó is rud ón sean ré an carabhat dubh céanna, sean ré choilíneach gan amhras. Is féidir linn bheith níos fearr ná sin!
Pól Ó Braoin
Ráite thar cionn agat…
Ní dóigh liom go bhfeicfear mórán de chosmhuintir na teanga a chuireann an obair laethúil i gcrích ag an ócáid úd…
sa ngaeltacht an áit is ceart rud mar sin a rith…
…más leagan amach feiliúnach é sa chéad áit…
Rud amháin atá dearfach faoin scéal seo… poiblíocht don teanga… más rud é go mbíonn aird ar bith ag na meáin bhéarla air.
Gearóid
Sár-alt ar fad a Dhaithí. Is é uaisliú na Gaeilge atá i gceist anseo – ciorruithe do na comhphobail Gaeilge agus ‘féastaí ‘s carbhait dubh’ don éilít!
Pádraig Ó Baoill
…Go leor ráite go maith agat a Dhaithí…caithfimid díriú ar Éire saor gaelach a bhaint amach go fóill seachas ag iarraidh a bheith níos gallda ná na Gaill iad féin!
Donncha Ó hÉallaithe
Ceanneagraíochtaí na Gaeilge, ceanneagraíochtaí ar strae!
Tuirseach
Mhaighdean, tá an chosúlacht air nach féidir tada a eagrú trí Ghaeilge. Déantar cáineadh ar chuile shórt, caithfear chuile shórt a phléigh míle uair, caithfear chuile shórt a tharraingt tríd an puiteach. Agus ansin bíonn sibh ag caint faoin Ghaeilge ag fáil bháis…….bhféidir dá ligfidh cead do dhaoine sult agus sonas a bhaint as ócáid/ ábhar/ trí Ghaeilge gan saghas “dampener” a chur ar i gcónaí go mbeadh níos mó daoine sásta í a úsáid/ labhairt. Táim féin tuirseach traochta ag éisteacht le cáineadh SÍORAÍ SEASTA!
Feardorcha
Aon seans go bhfuilir “ar bís”?