An ndéanfaidh freasúra oifigiúil difir i Stormont?

’Sé gnó na bpolaiteoirí - sa bhfeidhmeannas agus sa bhfreasúra – a chruthú do na vótóirí nach saothar in aisce é Stormont

northern ireland assembly

An ndéanfaidh freasúra oifigiúil difir i Stormont? An gcuirfidh sé feabhas ar an bpolaitíocht? An botún é an t-eiteachas a thabhairt d’aireacht, do chumhacht? An feall ar Chomhaontú Aoine an Chéasta é? Nó éabhlóid? An céim é i bplean aontachtach chun roinnt na cumhachta ar bhonn éigeantach a lagú agus ‘comhrialtas deonach’ a chur ina áit.

Tá liodáin de cheisteanna ag na polaiteoirí, ní áirím an pobal faoi ról na bpáirtithe i Stormont sa ré nua. B’é an Tús Nua an socrú a rinne an DUP, Sinn Féin agus an dá rialtas i mí na Samhna seo caite a leag síos dréachtshocruithe don fhreasúra oifigiúil. I measc na socruithe sin tá cearta cainte sa Tionól, tráth na gceist agus maoiniú le haghaidh taighde. Dírítear go speisialta ar na páirtithe atá i dteideal a bheith sa bhfreasúra oifigiúil; sin iad na páirtithe atá cáilithe le haireacht nó aireachtaí a ghlacadh ach a dhiúltaíonn dóibh. Níl páirtithe nach bhfuair dóthain suíochán chun a bheith sa bhFeidhmeannas i dteideal a bheith sa bhfreasúra oifigiúil.

Fágann sin gurb iad an UUP agus an SDLP a bheidh sa bhfreasúra oifigiúil agus nach mbeidh an Comhaontas Glas, Pobal Roimh Bhrabach, an TUV ná neamhspleáigh in ann leas a bhaint as cibé cearta agus áiseanna a bheidh ag an bhfreasúra. Meastar go bhfuil Alliance as an áireamh chomh maith. Níl na socruithe a rinneadh sa Tús Nua beachtaithe go fóill agus seans go mbeidh gá le dianmhargadh eile chun a chinntiú nach gcuirfidh an DUP agus Sinn Féin srian agus laincis ar a gcéilí comhraic sa bhfreasúra.

Bhí an dá mhórpháirtí cáinteach agus droch-mheasúil faoin UUP agus faoin SDLP a bheith ag dul sa bhfreasúra. Bhí Sinn Féin thar a bheith binbeach faoi chinneadh an SDLP, ag cur ina leith go raibh siad ag tréigean an Chomhaontaithe. Níor shíl siad go dtabharfadh aon pháirtí droim láimhe le haireachtaí. Beidh le feiceáil cé chomh héifeachtach agus a bheidh an freasúra. Bhí roinnt den tuairim gur comhfhreasúra a bheadh san UUP agus an SDLP – ‘an freasúra á roinnt’ mar ó Dhia. Baothchaint, dar leis an SDLP a dúirt go ngníomhóidís as a stuaim féin. Tá difríochtaí bunúsacha idir a bpolasaithe – faoi pharáidí, cuir i gcás – agus beidh a gcuspóirí féin acu.

’Sí an cheist don UUP agus don SDLP an mbeidh siad in ann tionchar a imirt ar pholasaithe agus ar chinntí an Fheidhmeannais. Ba dheacair a bheith níos éagumasaí ná mar a bhíodar sa bhFeidhmeannas nuair a bhí an DUP agus Sinn Féin, in éindí, in ann a chinntiú gur annamh a cuireadh gnóthaí a n-aireachtaí ar chlár oibre na comhaireachta agus go raibh a n-aireachtaí ar an ngannchuid. Ar an láimh eile tá meath leanúnach ar an SDLP agus níl baill an UUP mórán níos fearr as. ’Sé a ndúshlán a dhul i bhfeidhm ar vótóirí mar fhreasúra.

Seans gur bhuntáiste don bpobal ach míbhuntáiste do pháirtithe an fhreasúra an toradh a bheidh ar a seasamh. Má bhíonn siad os cionn a mbuille mar fhreasúra seans go gcuirfidh siad iachall ar an DUP agus ar Shinn Féin a chinntiú go mbeidh Stormont feidhmiúil. Beidh an pobal faoi chomaoin acu má tharlaíonn sé sin. Ach arb iad a gheobhaidh an luach saothair sna bothanna vótála? ’Sé is dóichí gurbh iad an DUP agus Sinn Féin a bhaileodh vótaí dá gcruthóidís níos cumasaí mar fheidhmeannas. Sin í an fhadhb nó aincheist an fhreasúra.

’Sí an fhadhb eile don SDLP nach mór dóibh a chinntiú nach féidir leas a bhaint astu chun an bonn a bhaint de roinnt na cumhachta, an straitéis a raibh an SDLP mar chrann taca aici ó thús. Maíonn aontachtaithe ón iomad páirtí go mbeadh comhrialtas deonach níos fóirsteanaí don lá inniu. Doshamhlaithe agus doghlactha, a deir náisiúnaithe. Mhaígh roinnt náisiúnaithe agus go leor de lucht Shinn Féin gur chabhair don leagan amach aontachtach é cinneadh an SDLP a dhul sa bhfreasúra; droim láimhe le roinnt na cumhachta a bhí i gceist. Shéan an SDLP an líomhain sin.

Léirigh an titim ar líon na náisiúnaithe a chaith vóta an mhí seo drochmheas ar Stormont. Bhí a gcoimhthíos leis an gcóras, mar a bhí, follasach. Tá cur chuige difriúil á thairiscint dóibh anois agus ’sé gnó na bpolaiteoirí – sa bhfeidhmeannas agus sa bhfreasúra – a chruthú do na vótóirí nach saothar in aisce é Stormont.

Fág freagra ar 'An ndéanfaidh freasúra oifigiúil difir i Stormont?'