An mbeadh fir na hÉireann sách misniúil le sciortaí a chaitheamh?

Tá ceannródaithe misniúla faisin i measc na bhfear sásta sciortaí a chaitheamh ach an bhfuil fir an domhain mhóir réidh d’athrú chomh radacach sin?

An mbeadh fir na hÉireann sách misniúil le sciortaí a chaitheamh?

Eachtra éagsúil le gairid a bhain le fir agus sciortaí a chuir ag smaoineamh mé – an mbeadh fir na hÉireann sách misniúil le sciortaí a chaitheamh?

Shocraigh buíon seisear fear a bhí fostaithe mar thiománaithe bus i gcathair Nantes na Fraince sciortaí a chaitheamh chun na hoibre an mhí seo caite mar agóid nuair a diúltaíodh cead dóibh brístí gearra a chaitheamh nuair a bhí an aimsir an-te ar fad ansin. Bhí teocht 38°C ann ag an am ach dúirt na fir go raibh sé níos gaire do 50°C istigh sna busanna féin. Nuair nár ghéill an bhainistíocht dá n-iarratas bheartaigh siad na sciortaí a bhí ceadaithe do na mná a bhí mar thiománaithe bus ag an gcomhlacht a chaitheamh. Ní fhéadfaí diúltú do phlean na bhfear de bharr rialacha a bhaineann le comhionannas.

Cleas den chineál céanna a bhí ag daltaí scoile in Exeter Shasana i dtrátha an ama céanna. Chaith 50 buachaill idir 7-11 bliana ón ISCA Academy ansin sciortaí a bhí ceadaithe do chailíní na scoile nuair a diúltaíodh dá n-iarratas bristí gearra a chaitheamh. Bhagair údaráis na scoile go smachtófaí iad ach ghéilleadar i ndeireadh an lae agus tá ‘athmhachnamh’ á dhéanamh acu anois ar an bpolasaí faoi éide scoile.

Fad is a bhí tiománaithe bus Nantes agus scoláirí óga Exeter i mbun a gcuid agóidí tharla go raibh seónna móra faisin na bhfear ar na hardáin i Londain agus bhí sé suntasach go raibh sciortaí d’fhir curtha ar taispeáint ag cuid de na dearthóirí mór le rá, ina measc Vivienne Westwood agus Edward Crutchey.

Ach an bhfuil an domhan réidh d’athrú chomh radacach seo i bhfaisean na bhfear? Nó an bhfuil fir na hÉireann chomh misniúil sin go mbeidís sásta sciortaí a chaitheamh?

Ar ndóigh, tá leaganacha éagsúla den sciorta á chaitheamh in áiteanna ar fud an domhain le fada an lá.

Tá cáil mhór ar fhilleadh beag na hAlban atá á chaitheamh ag fir ansin le beagnach 500 bliain. Bhíodh filleadh beag á chaitheamh ag cuid de Ghaeil na hÉireann mar shiombail chultúrtha céad bliain ó shin. Tá dearadh ar leith de sciorta ar a dtugtar ‘malo’ á chaitheamh ag fir in Haváí leis na cianta agus i bhFidsí tugtar ‘sulu’ ar sciorta na bhfear.  

Is léir freisin go mbíodh clócaí a bhí cosúil le sciortaí nó gúnaí á gcaitheamh ag na Rómhánaigh, na Gréagaigh agus na hÉigiptigh.

Ach ceannródaithe misniúla faisin amháin i measc na bhfear a bhí cróga go leor le blianta beaga anuas le sciortaí a chaitheamh – leithéidí David Beckham scór bliain ó shin nó Kanya West ó am go chéile.

Tá béim á chur ag dearthóirí áirithe agus siopaí ar leith ar éadach atá ‘neodrach’ ó thaobh inscne, éadach gur féidir le fír nó mná é a chaitheamh. Ach is mór idir sin agus an t-athrú cultúrtha ollmhór a theastódh le go mbeadh sciortaí ar fhir mar ghnáthnós.

Ach, fós féin, níl mórán le 100 bliain caite ó thosaigh mná ag caitheamh treabhsair den chéad uair; is cosúil gur ábhar mór iontais a bhí sna ceannródaithe sin ag an am. Níor tháinig treabhsair ar mhná chun cinn go mór sa bhfaisean go dtí na 1970idí.

B’fhéidir faoi cheann 100 bliain go mbeidh daoine ag déanamh iontais den aird a tugadh ar fhir na mbusanna i Nantes agus scoláirí Exeter agus a gcuid sciortaí! Agus beidh áit sna leabhair staire ag David Beckham, Kanye West agus na dearthóirí sin a chuir sciortaí ar fhir i seónna faisin Londan i mbliana.