An bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘réalachas draíochta’?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: is minic a luaitear an réalachas draíochta le scríbhneoirí ó Mheiriceá Theas. Ach an bhfuil a leithéid ann in aon chor?

An bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘réalachas draíochta’?

Adonias Filho, Jorge Amado agus Gabriel Garcia Marquez

Rug neach ón saol eile barróg orm an deireadh seachtaine seo caite agus mé ar cuairt chuig teach mo mhuintire sa Bhrasaíl. Bhí an spiorad sin tar éis seilbh a ghlacadh ar cholainn bhean dheartháir m’iarchéile le go gcaithfeadh sí (spiorad baineann a bhí inti) tamall inár measc.

Ní déarfaidh mé go dtugann neacha ón saol eile cuairt ar theach mo mhuintire Brasaílí chuile lá beo. Ach uair sa mhí, cinnte. Bíonn teachtaireachtaí acu do mhuintir an tí, agus tharlódh go mbeadh ceisteanna ag muintir an tí orthusan. Cumarsáid idir an saol seo agus an saol eile, barróg mar fhocal scoir agus mar bheannacht.

Rith sé liom, agus mé ar mo bhealach abhaile go dtí m’árasán féin, go dtabharfaí ‘réalachas draíochta’ ar scéal ar bith a scríobhfainn faoin eachtra sin.

Neacha ón saol eile i láthair san fhíorshaol, agus an scéal lonnaithe i Meiriceá Theas lena chois, a déarfadh na léirmheastóirí agus an lucht léinn. Nach é sin an sainmhíniú ar cad is ‘réalachas draíochta’ ann, in aon abairt amháin?

Bheadh dul amú orthu.

Is é an chaoi nach mbeadh rud ar bith ‘draíochtúil’ san eachtra thuas do na carachtair inti. Cuid den ghnáthshaol é an saol eile do mo mhuintir Bhrasaíleach. Réalachas.

Dar liom go mbaineann an deacracht chéanna leis an téarma ‘réalachas draíochta’ agus a bhaineann leis an téarma ‘ceol domhanda’, sin é ‘world music’ an Bhéarla. Sean-nós na hÉireann, joik na Sámach, fidléireacht na nGiúdach, ceol gamelan na hIndinéise – thiocfadh duine orthu ar fad i rannóg ‘ceol domhanda’ an tsiopa ceoil, cé nach bhfuil faic na ngrást i gcoitinne acu ach amháin go mbeadh rud éigin aduain ag baint leo i gcluasa éisteoirí sa chuid sin den domhan a bhreathnaíonn uirthi féin mar lár an domhain.

An aduaine chéanna a mheallann na milliúin léitheoirí san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh i dtreo leabhair Isabel Allende, Gabriel García Márquez agus Jorge Amado, gan ach cuid de na scríbhneoirí ó Mheiriceá Theas a gcuirtear ‘réalachas draíochta’ ina leith a lua.

Cén fáth sin, meas tú?

Ní saineolaithe ar chúrsaí litríochta iad mo mhuintir sa Bhrasaíl, ach dá gcuirfí an cheist thuas orthu, is dóichí ná a mhalairt go ndéarfaidís go gcaithfidh sé go mbraitheann muintir na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh go bhfuil rud éigin in easnamh ina litríocht féin: an saol eile.

Cá bhfios nach dtabharfaidís ‘réalachas easnamhach’ ar litríocht na gcríocha fuara.

Céard is ‘réalachas’ ann ar chor ar bith?

Braitheann sé sin go mór ar do dhearcadh saoil.