Aiséirí na Gaeltachta i gCiarraí agus aghaidh á tabhairt acu athuair ar na boic mhóra

Tá áit bainte amach ag foireann peile na Gaeltachta i bpríomhroinn Chiarraí den chéad uair ó 2011 agus iad anois ag tabhairt aghaidh ar an gcraobh

Aiséirí na Gaeltachta i gCiarraí agus aghaidh á tabhairt acu athuair ar na boic mhóra

Tá an Ghaeltacht ar ais i measc na mboc mór i bpeil Chiarraí agus slán á fhágáil acu le Roinn 2 i sraith peile an chontae. Ba ghá dóibh teacht aniar a dhéanamh ina gcluiche sraithe deireanach in aghaidh Chumann an Spá Dé Domhnaigh chun an dara háit ar an tábla a bhaint amach, ach rinneadar an beart agus beidh an cumann as iarthar Chiarraí ar ais sa phríomhroinn an bhliain seo chugainn den chéad uair ó 2011.

Díol suntais an t-aiséirí atá déanta ag an nGaeltacht le roinnt blianta anuas óir bhí siad i mbaol titim chomh fada le Roinn 4 cúpla bliain ó shin. Tá siad tagtha ar ais go láidir le cúpla bliain anuas, áfach, agus ardú céime anois bainte amach acu sa tsraith dhá bhliain as a chéile.

Deir Dara Ó Cinnéide, iarimreoir na Gaeltachta agus oifigeach caidreamh poiblí an chumainn Gaeltachta, go raibh sé thar a bheith tábhachtach stop a chur leis an dul ar gcúl sin.

“D’aithin daoine nach bhféadfaimis leanúint ar aghaidh ag sleamhnú mar a bhí. Dá mbeimis tite chomh fada le Roinn 4, thógfadh sé trí bliana ar a laghad ar na leaids óga Roinn 1 a bhaint amach agus d’fhéadfadh sé sin ísle brí a chur orthu.”

Scata imreoirí óga a raibh rath ar leith orthu faoi aois agus atá anois ag imirt leis na sinsir ba mhó is cúis le haiséirí an chumainn. Bhí imreoirí ón nGaeltacht, an Daingean agus Lios Póil ar na foirne ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne a bhuaigh Corn Uí Mhuirí ceithre huaire as a chéile idir 2012 agus 2015 agus a thug leo chomh maith Corn Uí Ógáin faoi dhó (2014, 2015). Tá na himreoirí óga sin ag dul i bhfeidhm go mór anois ar a gcumann féin.

Deir Ó Cinnéide go bhfuil sé tábhachtach anois do na fir óga go mbeadh deis acu aghaidh a thabhairt ar na foirne is láidre i gCiarraí.

“Tá taithí acu ar Chorn Uí Ógáin nó Craobh Faoi 21 an Chontae a bhuachtaint, mar a dheineadar in 2014 ach níor imríodar i Roinn 1 riamh. Níor imir siad i gcoinne na gCrócach nó na Stacach. Tá sé in am acu imirt ag an leibhéal sin.”

Dar leis an gCinnéideach, tá sé ríthábhachtach do chumann beag mar An Ghaeltacht go mbeadh spiorad maith i measc na n-imreoirí agus tá sé sin cothaithe i mbliana acu.

Fuarthas éachtaint ar an spiorad sin nuair a bhí Seán M Ó Conchúir agus Cathal Ó Lúing ag imirt thall i Manchain le foireann shóisir Chiarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Bhí An Ghaeltacht ag imirt cluiche sraithe lá arna mhárach agus, tar éis dóibh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann lena gcontae, rinne an bheirt cinnte de go raibh ar fáil don chlub.

“Tá a fhios ag gach aoinne fés na himreoirí óga maithe atá againn ach tá na fir atá ábhairín níos sine tábhachtach chomh maith – Seán M Ó Conchúir, Tomás Mac an tSaoir, Ciarán Ó Céilleachair agus Colm Ó Muircheartaigh. Daoine mar sin. Daoine stuama atá ábalta na leaideanna óga a thabhairt leo,” a deir Ó Cinnéide.

Thug an Ghaeltacht taispeántais mhaithe uathu i gComórtas Peile na Gaeltachta i mbliana nuair a shroich siad cluiche ceannais na sinsear i mBaile Bhuirne ag tús mhí an Mheithimh, agus deir Ó Cinnéide gur baineadh an-leas as an deireadh seachtaine sin.

“Chaithfeá a rá go ndein Comórtas Peile na Gaeltachta ana-mhaitheas dúinn. Dhírigh Pól Ó Cuinn, an bainisteoir, air luath sa bhliain. Bhí an dara cluiche uainn, fuaireamar an tríú cluiche agus cé go raibh na Gleannta níos fearr ná sinn sa chluiche ceannais, is ar éigean a bhuadar.

“B’fhéidir gurb é sin an chéad uair go raibh sé le feiscint ag daoine go raibh an fhorbairt seo á déanamh.”

Níl deireadh tagtha le séasúr na Gaeltachta go fóill ach an oiread, ná baol air. Cé go bhfuil áit i bpríomhroinn na sraithe bainte amach acu anois, tá siad fós in iomaíocht sa chraobh idirmheánach agus aghaidh á tabhairt acu ar an Teampaill Nua i gcluiche leathcheannais an chontae ar an 25 Meán Fómhair.

Níor imir an Ghaeltacht sa chraobh shinsir ó 2009 ach, dar le hÓ Cinnéide, is mór an dúshlán a bheidh ann an ceann is fearr a fháil ar an Teampall Nua, cé go bhfuil ábhar dóchais ag an nGaeltacht chomh maith.

“Déarfadh an duine neodrach go mbuafadh an Teampall Nua mar go bhfuilid ag imirt ag caighdeán níos airde. Táid thuas i Roinn 1 le cúpla bliain anuas agus cruthaithe go maith acu ann.

“Ach ní bheidh aon eagla ar imreoirí óga na Gaeltachta rompu. Bhuadar orthu i gcluiche leathcheannais na craoibhe Faoi 21 in 2014 agus Tadhg Morley agus na Spillanes ag imirt dóibh.”

Tá dhá bhua shuntasacha as baile faighte ag an nGaeltacht cheana féin sa chraobh, in Ard Fhearta agus i gCill Orglan in aghaidh Fhánaithe na Leamhna, ach deir Ó Cinnéide gur craobh as an nua a bheidh anseo de bharr an méid ama, beagnach ceithre mhí, atá caite ón gcluiche is deireanaí a d’imir siad sa chraobh.

Pé toradh a bhíonn ann ag deireadh na míosa níl aon amhras ach go bhfuil An Ghaeltacht ag dul ó neart go neart agus b’fhéidir nach bhfuil deireadh le h-aiséirí na bliana seo go fóill.