X blocáilte sa Bhrasaíl agus cogadh á fhearadh ar scaipeadh na nuachta bréige

Cuireadh bloc ar X sa Bhrasaíl Dé Sathairn agus tá cinsireacht curtha i leith údaráis dlí na tíre ag úinéir an ardáin, Elon Musk

X blocáilte sa Bhrasaíl agus cogadh á fhearadh ar scaipeadh na nuachta bréige

Ní féidir teacht ar an ardán sóisialta X (nó Twitter, mar a bhí air roimhe seo) sa Bhrasaíl ó bhí Dé Sathairn ann. Meastar go bhfuil suas le 40 milliún úsáideoirí ag X sa tír.

Tá ordú tugtha ag Cúirt Fheidearálach Uachtarach na Brasaíle do sholáthraithe seirbhísí idirlín na tíre gan ligean dá gcuid custaiméirí cuairt a thabhairt ar X a thuilleadh, agus íocfaidh na comhlachtaí sin fíneáil throm mura gcuirfidh siad an bhlocáil i bhfeidhm.

Go deimhin tá fíneálacha nár íocadh – luach nach mór €3 milliún – ar cheann de na cúiseanna go bhfuil X bainte den aer sa Bhrasaíl. Ach an príomhfháth leis an mblocáil ná go ndiúltaíonn X próifílí a scaipeann nuacht bhréige, agus atá á bhfiosrú maidir leis an iarracht a rinne an t-iar-uachtarán Jair Bolsonaro coup d’état a dhéanamh i mí Eanáir 2023, a dhíbirt den ardán sóisialta.

Le gairid, dhún X an oifig a bhí acu sa Bhrasaíl agus nuair a dhiúltaigh an comhlacht ionadaí nua a cheapadh sa tír, bhris ar fhoighne na Cúirte Feidearálaí Uachtaraí sa deireadh Dé Sathairn.

Ar X, scríobh Elon Musk, úinéir an ardáin, Dé Sathairn gur ‘coirpeach den chineál is measa’ é Alexandre de Moraes, an breitheamh de chuid na Cúirte Feidearálaí Uachtaraí a ghlac an cinneadh X a bhaint den aer sa Bhrasaíl, agus gur ‘deachtóir agus cur i gcéill de bhreitheamh’ atá ann.

Tá sé á áitiú ag an mbreitheamh De Moraes le fada an lá nach talamh gan dlí atá sna meáin shóisialta.

Seancheist na saoirse cainte atá i gcroílár an aighnis idir X agus córas dlí na Brasaíle gan dabht; iarracht srian a chur le scaipeadh tuairimí conspóideacha agus gríosú fuatha ag taobh amháin agus ‘cinsireacht’ á tabhairt ar an iarracht sin ag an taobh eile.

Smacht an stáit ar chomhlachtaí ilnáisiúnta cuid eile den cheist.

Is léir go bhfuil an Bhrasaíl – daonlathas ina bhfuil saoirse preasa i réim, ar eagla na míthuisceana – sásta dul i bhfad níos faide ná an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, mar shampla, sa dá chath thuasluaite.

Ceann de na céimeanna a thóg an breitheamh Alexandre de Moraes (ach nach bhfuil tráchtairí ar chúrsaí dlí sa Bhrasaíl féin ar aon intinn faoi) ná gur reoigh sé sócmhainní an chomhlachta seirbhísí satailíte Starlink, comhlacht eile de chuid Elon Musk. Rinne De Moraes amhlaidh toisc go meastar nach bhfuil dóthain airgid ag X féin sa Bhrasaíl faoi láthair chun na fíneálacha a gearradh orthu a íoc. Ceaptar go bhfuil 250,000 custaiméirí ag an gcomhlacht Starlink sa Bhrasaíl. Deir Elon Musk go gcuirfidh Starlink seirbhísí idirlín saor in aisce ar fáil dóibh siúd feasta ós rud é nach mbeidh ar a gcumas siúd a gcuid billí a íoc – agus gan dabht ní chuireann Starlink an bhlocáil ar X i bhfeidhm. Ach deir Anatel, áisíneacht náisiúnta teileachumarsáide na Brasaíle, go bhféadfadh Starlink féin a cheadúnas chun seirbhísí a chur ar fáil sa Bhrasaíl a chailleadh mura gcloífidh an comhlacht sin le horduithe na Cúirte Feidearálaí Uachtaraí.

Beidh le feiceáil cé chomh fada agus a bheidh Elon Musk sásta dul sa chluiche seo. Ní hionann agus tíortha eile inar thoiligh X roimhe seo próifílí a dhíbirt – an India agus an Tuirc ina measc – níl carranna an chomhlachta chlúitigh eile sin de chuid Musk, Tesla, ar fáil sa Bhrasaíl.

Fág freagra ar 'X blocáilte sa Bhrasaíl agus cogadh á fhearadh ar scaipeadh na nuachta bréige'