Scrios ar cheantair tuaithe Chonamara a bheadh mar dheireadh ag cur chuige pleanála nua na bainistíochta i gComhairle Chontae na Gaillimhe.
Deir an Comhairleoir Gerry King as Baile Conaola gur “wipe-out a bheidh ann” má éiríonn leis an gComhairle srianta nua a chur le líon na dtithe a cheadaítear faoin tuath.
Mar chuid den Phlean Forbartha Contae 2022-2028 mhol an bhainistíocht go gcuirfí teorainn do 911 ar an líon tithe tuaithe astú féin a cheadófaí ar fud chontae na Gaillimhe sa tréimhse sin.
D’éirigh na Comhairleoirí Contae amach ina aghaidh sin agus thugadar droim láimhe don mholadh sin d’aon ghuth. Fágann sin go bhfuil an saol mar a bhí sé ó thaobh tithe faoin tuath, faoi láthair.
Ach, feictear don Chomhairleoir Contae, Gerry King, nach bhfuil ann faoi láthair ach faoiseamh no go mbeidh moltaí eile ag an gComhairle Contae srianta a chur ar an lear tithe astú féin a dtabharfar cead pleanála dóibh.
Ba é seo é an chéad uair ag bainistíocht Chomhairle Chontae na Gaillimhe a bheith ag féachaint le huas-teorainn a chur ar an lear tithe astú féin a cheadófaí i gceantair thuaithe. Go dtí anois, tógadh isteach chuile iarratas ar theach tuaithe agus rinneadh meastóireacht air de réir pé cás a bhí ann.
Ach táthar ag iarraidh an líon tithe tuaithe a laghdú le fada ar mhaithe a deirtear le to protect the open character of the Irish countryside.
Ach teastaíonn daonra agus teastaíonn tithe, a deir an Comhairleoir Gerry King. Cónaíonn seisean ós cionn 80 ciliméadar siar ó chathair na Gaillimhe in Iorras Fhlannáin. Feiceann sé an daonra ag laghdú agus an líon daoine óg ag laghdú ar choibhneas níos sciobtha fós.
‘Wipe Out’ a deir seisean atá ag teannamh i dtreo cheantair tuaithe Chonamara muna féidir an claonadh in aghaidh tithe breise faoin tuaithe a stopadh.
Cuireadh ós cionn 2,300 iarratas ar chead pleanála faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe anuraidh. Bliain chiúin go maith a bhí inti sin – bheadh baint ag an víreas Covid leis – i gcomórtas leis na blianta a raibh a dhá oiread sin, no gar dá thrí oiread sin iarratais ag dul isteach. In aimsir an Tíogair Cheiltigh a bhí an cineál sin fiaigh ar chead pleanála. Ach fiú agus go mbeadh lear suntasach do 2,300 iarratas na bliana anuraidh bainteach le tithe tuaithe astu féin d’fhéadfadh sé go mbeadh an ‘cuóta’ cúig bliana imithe taobh istigh de bhliain no dhó, a deir Gerry King. Agus is dóigh gurb é Conamara is mo a bheadh buailte sa ‘rása’ mar gur mó moill a bhíonn ag baint le próiseáil iarratais, de bharr cúrsaí caomhnaithe talún, sa gcuid sin den chontae.
Cuirfear amach ar taispeáint go poiblí an Plean Contae as seo go ceann cúpla seachtain; beidh Comhairleoirí tuaithe ag coinneáil súil ar chuile líne den cháipéis. Beidh na bunphrionsabail faoi chead pleanála faoin tuath – chomh maith le teorainneacha ar an líon tithe – ar an rud is mo a a dtabharfar aird air.
D’fhéadfadh ceantair thuaithe a dhul i dtreo “Wipe Out” ar bhealaí eile seachas cuóta tithe, a deir Gerry King.
Dúradh sna chéad dhréachta a bhain le réiteach an Phlean Contae seo go mbeadh ar iarratasóir ar chead pleanála ar theach faoin tuath – níos gaire do chathair na Gaillimhe go háirithe – údar a thaispeáint go gcaithfeadh sé/sí maireachtáil faoin tuath. Bheadh feilméireacht ar chúis láidir ach tá an oiread sin d’athrú ar cheantair thuaithe agus nach mbeadh freagra sin ag go formhór na n-iarrthóirí. Tá Comhairleoirí ag iarraidh athrú foclaíochta. “Rural need” atá molta faoi láthair, ach tá na hionadaithe tofa den tuairim gur cheart “need” a bhaint as agus “rural link” a chur sa bhfoclaíocht. Beidh aimsir acu má éiríonn leo é sin a dhéanamh.
Pé cineál foclaíochta atá le bheith sa bPlean sa deireadh, táthar ag iarraidh daoine a chur isteach sna bailte móra agus sna sráidbhailte.
“B’fhéidir go bhfeilfeadh saol sa mbaile mór do dhaoine ag tráth éigean den saol,” a deir an Comhairleoir Gerry King. “Ach, na daoine a fheicimse ag iarraidh cead pleanála, daoine óga iad atá ag iarraidh cónaí sna bailte fearainn a raibh ceangal traidisiúnta ag a muintir leo”. Creideann an Comhairleoir King go bhfuil an luí atá ag na daoine seo lena gceantar féin soiléirithe go maith acu. “Feicim daoine a thugann iarraidh faoi chead pleanála trí no ceathair de bhabhtaí fiú agus go bhfuil costas trom ag baint leis. Tádar, mar a rinne a muintir rompu ag iarraidh ancaire a chaitheadh gar do bhaile.”
Creideann an Comhairleoir King gur dona an mhaise é do dhaoine atá ag déanamh beagáin den luí seo atá ag daoine lena gceantar baile tuaithe. “Bhí an traidisiún, agus na bealaí saoil, sin i gcroílár shaol na tuaithe ariamh in Éirinn,”a deir sé. “Chaith glúin in ndiaidh glúine an saol sa mbaile fearainn céanna. Thugadar cúnamh dá chéile. Bhain siad leas as an talamh agus an cladach a bhí acu. Sa deireadh thiar thall, caithfimid glacadh leis gur traidisiún agus bealach saoil é a d’oibrigh go maith i gConamara agus in Éirinn, den chuid is mo.”
Ach, ní gá go rachadh an scéal sin i gcion ar lucht na pleanála nó go dtiocfadh sé leis an bhfealsúnacht gurbh fhearr srian a chur ar thithe tuaithe.
Tá focal amháin ag an gComhairleoir Gerry King as iarthar Chonamara ar an toradh a bheadh ar sin: “wipe-out”.
Fág freagra ar '‘Wipe-out a bheidh ann’ – rabhadh tugtha faoi chúrsaí pobail agus pleanála i gConamara'