‘We codded ourselves that there was no abortion in Ireland, we need to stop codding ourself about Irish’ – lucht feachtais ‘réidh’ do chath eile faoin nGaeilge ‘éigeantach’

Meastar go músclófar athuair an díospóireacht faoin nGaeilge ‘éigeantach’ agus tuairimí an phobail á lorg ag an Roinn Oideachais maidir le córas dhíolúine na Gaeilge a leasú

‘We codded ourselves that there was no abortion in Ireland, we need to stop codding ourself about Irish’ – lucht feachtais ‘réidh’ do chath eile faoin nGaeilge ‘éigeantach’

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Tá lucht feachtais “réidh” chun aghaidh a thabhairt athuair ar dhíospóireacht eile faoin nGaeilge a bheith ina ábhar riachtanach sa chóras oideachais.

Meastar go músclófar athuair díospóireacht faoin nGaeilge ‘éigeantach’ i bhfianaise an phróisis comhairliúcháin phoiblí atá beartaithe ag an Roinn Oideachais a dhéanamh faoi chás na Gaeilge.

Seanchnámh spairne is ea ceist na Gaeilge ‘éigeantaí’ ach ní raibh an t-ábhar chomh mór sin i mbéal an phobail ó aimsir fheachtas olltoghcháin 2011, nuair a mhol Enda Kenny go gcuirfí deireadh le riachtanas staidéar na Gaeilge don Ardteist. 

Ach táthar den tuairim anois go mbeidh stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar sa chóras oideachais faoi ionsaí arís agus tuairmí an phobail á lorg ag an Roinn Oideachais faoi cheist dhíolúine na Gaeilge.

Cuirfidh an Roinn tús go luath le próiseas comhairliúchán poiblí maidir le socruithe nua a thabhairt isteach i dtaobh an chórais faoina gceadaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge do dhaltaí scoile agus é ina imní le fada go bhfuil mí-úsáid á baint as an gcóras sin ag daoine chun staidéar na Gaeilge a sheachaint.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna inné, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur dócha go mbeadh ceist na Gaeilge i mbéal an phobail arís de thoradh an phróisis comhairliúcháin agus go raibh an eagraíocht “réidh” chun an cás ar son stádas na teanga mar chroí-ábhar a throid athuair.

Dúirt sé go raibh na hargóintí ar son stádas na Gaeilge “an-soiléir” agus go raibh fianaise ann freisin go dtacaíonn an pobal “go láidir” leis an stádas sin a choinneáil.

De réir pobalbhreith náisiúnta a rinne Millward Brown do Tuairisc.ie in 2014, bhí 55% den phobal den tuairim nár cheart aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar ábhar ‘éigeantach’ don Ardteist agus 34% a thug le fios gur chóir deireadh a chur le stádas na teanga mar chroí-ábhar Ardteiste.

De réir pobalbhreith eile a rinne IPSOS/MRBI faoi stádas na Gaeilge sa chóras oideachais in 2010, tráth a raibh moladh Enda Kenny go mór i mbéal an phobail, bhí 61% den phobal den tuairim gur chóir go mbeadh ar dhaltaí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge don Ardteist. De réir na pobalbhreithe sin, a rinneadh do Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus eagraíochtaí teanga eile, i measc daoine óga ba láidre an tacaíocht do stádas na teanga mar chroí-ábhar scoile agus bhí  65% den aoisghrúpa 15-24 ar son stádas na Gaeilge a choinneáil mar a bhí.

Is i ndeireadh na seascaidí agus i dtús na seachtóidí ba bhinbí an díospóireacht faoi riachtanas na Gaeilge sa chóras oideachais, tráth a raibh an Language Freedom Movement i mbarr a réime.

Nuair a tharraing moladh Enda Kenny aird mhór arís ar an gceist, cháin na páirtithe eile ceannaire Fhine Gael, eagraíodh feachtas i gcoinne an mholta agus ní raibh aon radharc ar a pholasaí conspóideach sa chlár rialtais a d’aontaigh a pháirtí le páirtí an Lucht Oibre tar éis thoghchán 2011.

Cé nach raibh an cheist chomh mór sin ina hábhar díospóireachta ó olltoghchán na bliana sin, luaitear go minic í nuair atá cás na Gaeilge á phlé ar na meáin. Dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go n-éiríonn le “mionlach beag a dtugtar ardán mór dóibh” dé a choinneáil sa cheist.

Bhí de Spáinn féin i mbun díospóireachta inné ar an gclár The Last Word ar Today FM faoin athbhreithniú atá beartaithe ag an Roinn Oideachais ar chóras dhíolúine na Gaeilge.

Le linn na díospóireachta sin, dúirt an léachtóir le hoideachas in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Kevin Williams gur léir go bhfuil mí-úsáid á baint as córas na díolúine agus gurb é an leigheas air sin ná fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge “i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh ar a laghad”.

Dúirt Williams go raibh an-chion aige féin ar an teanga ach go raibh leor “fimíneachta” ann ina taobh.

I think we would stop the gaming, if we stop making Irish compulsory. I think in Ireland there is an awful tendency to cod ourselves. We codded ourselves that there was no abortion in the county and at least that pretence has ended now and I think we need to stop codding ourselves about Irish,” a dúirt Williams.

Chuir Julian de Spáinn fáilte roimh phróiseas comhairliúcháin na Roinne maidir le ceist na díolúine agus dúirt sé go raibh sé thar am scagadh a dhéanamh ar an gcóras sin. Dúirt sé gur chóir go mbeadh an deis ag gach dalta an Ghaeilge a fhoghlaim agus go luíonn sé sin leis an bhfealsúnacht oideachais atá ann faoi láthair go mbeadh an ceart céanna ag cách.

Fág freagra ar '‘We codded ourselves that there was no abortion in Ireland, we need to stop codding ourself about Irish’ – lucht feachtais ‘réidh’ do chath eile faoin nGaeilge ‘éigeantach’'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Theastódh díospóireacht macánta i measc lucht na Gaeilge faoin gceist. Nil an córas mar atá ag soláthar a dhóthain cainteoirí líofa Gaeilge. B’fhearr córas mealltach a chur in áit ‘éigeantas’. Smaoinigh gurb í an Ghaeilge an t-aon ábhar éigeantach atá san Ardteist.

    In áit a bheith ag iarraidh Gaeilge a theagasc do dhéagóirí nach bhfuil ag iarraidh í a fhoghlaim ag leibhéal na hArdteiste, b’fhearr díriú ar an dream a bheadh ag iarraidh líofacht a bheith acu sa teanga agus iad san a mhealladh le tabhairt faoin ábhar. Breis poinntí san Ardteist bealach amháin len iad a mhealladh ar ndóigh; bealach eile isea go mbeadh sé ina bhuntáiste soiléir sa bpróiséas earcaíochta do phostanna san earnáil poiblí, go mbeadh Gaeilge mhaith ag iarrthóir.

  • Urlabhra Each

    Cén fáth nach ndéantar chuile ábhar roghnach don ardteist?

    Ansin d’fhéadfadh daltaí sé ábhair a roghnú bunaithe ar a bhfuil uathu sa saol. D’fhéadfadh dalta a bhfuil dúil aige bheith ina cheardaí ábhair a bhfuil nasc acu leis an ngairm sin a roghnú- mar shampla- Innealtóireacht, Adhmadóireacht, Teicneolaíocht, Fisic, Mata, Mata Fheidhmeach. Sampla eile, d’fhéadfadh dalta le dúil san iriseoireacht na hábhair seo a roghnú- Béarla, Gaeilge, Stair, Eacnamaíocht, Tíreolaíocht, Eolaíocht Thalmhaíochta.

    Ní fheicim aon chiall le ceithre croí-ábhar (Gaeilge, Béarla, Mata, Teanga Eorpach) a thuilleadh. Tabhair leathanach bán do na daltaí i ndiaidh an teastais shóisearaigh. Piocaidís na sé ábhair bunaithe ar a mianta.

    Ná déan scéal den Ghaeilge amháin.

  • Aine Ni Fhiannusa

    Mo léan mo léan – cad atá i ndán don teanga ar chor ar bith, muna bhfuil meas ag Gaeil ar an Ghaeilge? Dá mbeadh an meon sin ag na teifigh agus na gaill ar a dteangacha féin caillfí teanga sa bhreis go laethúil. An cuir i gcéill ná múinteoireacht na teanga . Feabhasigh sin agus beidh meas agus grá ag na Gaeil ar an dteanga. Seachas san, ní bheidh focal ag éinne ach ag na heachtrannaigh atá ag foghlaim agus ag muineadh ár dteanga thar lear.

  • Mairéad

    Bhí Enda Kenny ag iarraidh deireadh a chur leis an Ghaeilge don Ardteist agus tá dream glórach san NUI go fíochmhar in aghaidh Gaeilge a bheith riachtanach chun freastal ar na hollscoileanna i nGaillimh, Belfield agus Corcaigh.
    Drochscéal eile don Ghaeltacht. Ní mholfainn d’aon duine Gaeltachta síneadh a chur leis an teach chun Gaeilgeoirí a choinneáil feasta mar is cinnte go mbeidh na scoláirí samhraidh ag eirí gann amach anseo.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Gaeilge an t-aon ábhar ‘éigeantach’ san Ardteist. Ní chothaíonn ‘éigeantacht’ meas. Cuirtear am, fuinneamh agus acmhainní múinteoireachta amú ag iarraidh teanga a theagasc do dhaoine nach bhfuil ag iarraidh í a fhoghlaim. Dá mbeadh sé roghnaithe mar ábhar acu, bheadh níos mó seans ann go bhféadfaí an teanga a theagasc i gceart don mhionlach a roghnódh í don Ardteist. Ach ar ndóigh theastódh buntáiste a bheith ann len iad a mhealladh. Is féidir sin a dhéanamh go héasca tré phoinntí breise a thabhairt don Mhata, don Bhéarla agus don Ghaeilge – trí ábhar a bhfuil dhá pháipéar le déanamh mar chuid den scrúdú.

  • Seán Ó Floinn

    Ba cheart an teanga a mhúineadh i gceart, céim ar chéim – bunús maith gramadaí, foghraíochta agus foclóra a thabhairt do dhaltaí ón gcéad lá. Seachas sin ceapann daltaí nach bhfuil ann ach píosa spraoi mar nach ndéanann siad ach cluichí, ‘dathú isteach’ nó amhráin sa Ghaeilge sa bhunscoil. Leanann an cur chuige ‘spraíúil’ seo ar aghaidh i roinnt mhaith meánscoileanna, rud a chiallaíonn nach dtuigeann daltaí go bhfuil obair chrua ag teastáil chun teanga a fhoghlaim i gceart. Ní hé nach bhfuil fonn orthu í a fhoghlaim ach feictear dóibh nach ndéantar dul chun cinn sa teanga agus tagann drochmhisneach orthu dá bharr, ní nach ionadh.

  • Magaoidh

    Ceist a chuirtear go minic ná cén fáth go mbeadh an Ghaeilge éigeantach nuair nach bhfuil sí ag teastáil le bheith páirteach sa ghnáthshaol sa Ghalltacht. Is deacair freagra a thabhairt ar an cheist bhunúsach sin.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Maidir leis an nGaeilge a dhéanamh roghnach:-
    1. Ní gá ach breathnú ar an tubaiste atá ag titim amach i Sasana le cúig bliana anuas maidir le teangacha i gcoitinne tar éis don Roinn Oideachais agus Eolaíochta thall ligint do scoileanna ábhair roghnacha a dhéanamh díobh ag leibhéal an GCSE. Tháinig laghdú drámatúil i líon na scoláirí a roghnaíonn teangacha ó 78% i 2001 go 58% i 2005. Thit sé faoi 50% in 2007 agus is ann atá sé ó shin.
    https://schoolsweek.co.uk/language-teaching-sees-dip-in-gcse-and-a-level-entrants/

    2. Is iad na fáthanna is mó a dúirt daltaí scoile i Sasana nár roghnaigh siad teangacha ná:
    a. Go mbíonn bac ar roghanna áirithe agus bíonn teangacha in iomaíocht le hábhair eile go mbíonn tóir mhór orthu (m.sh. bíonn teangacha in iomaíocht le bitheolaíocht do dhalta ag iarraidh leighis a dhéanamh, nó bíonn teangacha in iomaíocht le fisic do dhalta ag iarraidh innealtóireachta a dhéanamh, srl.)
    b. Go mbíonn an tuairim ag daltaí go bhfuil teangacha deacair mar ábhair i gcomparáid le roghanna eile
    Dá gcuirfí an moladh i bhfeidhm is cinnte go mbeadh an toradh céanna le feiceáil anseo in Éirinn ó thaobh líon na ndaltaí ag staidéar na Gaeilge don Ardteist, agus chuirfí deireadh le múineadh na Gaeilge don Ardteist go huile agus go hiomlán i scoileanna áirithe.

    3. Is céim siar a bheadh i gceist dá gcuirfí an polasaí seo i bhfeidhm, ní hamháin ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de ach ó thaobh múineadh teangacha de trí chéile.

  • Eoghan

    Kevin Williams arís. Bhí sé ina chomhairleoir ag Enda Kenny in 2011 nuair a thóg Kenny an cheist seo

  • Bríd Ní Ógáin

    Cad faoin leigheas seo- rogha idir an Ghaeilge mar ábhar nó Teastas i labhairt na Gaeilge. Bheadh ar gach dalta a d’fhágfadh an mhéanscoil cumas labhartha a bheith aige(an Teastas) ach d’fhágfaí an Ghaeilge mar ábhar do na daltaí a raibh suim acu sa litriocht agus sa cheapadóireacht . Caithfimid teacht ar réiteach éigin samhlaíoch. A luaithe is ea is fearr.

  • Pól Ó Braoin

    Ní fheicim mórán buntáiste do scoláire tabhairt faoin nGaeilge a fhoghlaim… Ní gá duit an Ghaeilge a bheith agat le post a fháil sa státseirbhís níos mó agus níl fiú na pointí breise ann níos mó do pháipéar a dhéanamh i nGaeilge ag am an scrúdaithe.

  • Eoghan ONéill

    ‘Sé an cultúr is láidre ar fud na cruinne inniu ná an cultúr Anglo agus i gcuid mhaith des na hÉireannaigh tá gaelachas a sinsir beagnach glanta as a gcroíthe. Bíonn droch-mheas ag scar maith des na Anglos ní amháin ar an ghaelig ach ar an Espaňol (féach atá ag tarlú i dTrumplandia), Francais etc. Tá siadsan ar na caiplí árda faoi láthair agus is cosmhuintir na pobail eile bíodh siad gaeil, campesinos nó cibé. B’fhearr díriú i ndiaidh an Teastas Sóisearach ar féin-mheas culturtha agus bród a chothú iontu siúd ina bhfuil meon stair ár gcine fós beo. Ach is í seo an t-aon tír amháin atá againn agus tá sé rí-thábhachtach go mbíonn cearta teanga againn agus nach dtagann polasaí English-only i réim anseo mar a bhfuil i neart tíortha Anglo ar fud na cruinne.