Vaughan-Lawlor a dhéanann tromloch ‘Maze’ a iompar

Is sna radharcanna éalaithe is mó atá ‘Maze’, scannán nua Stephen Burke, os cionn a bhuille

Vaughan-Lawlor a dhéanann tromloch ‘Maze’ a iompar

Maze

Stiúrthóir: Stephen Burke
Cliar: Tom Vaughan-Lawlor, Barry Ward, Martin McCann, Eileen Walsh, Aaron Monaghan

Bhí Aontachtaithe Uladh le ceangal ag an deireadh seachtaine de bharr cúrsaí teilifíse agus pictiúrlainne. Ar an Domhnach craoladh an clár faisnéise Bobby Sands: 66 Days ar an BBC, saothar, dar leo, a dhein an stailceoir ocrais a mhóradh an iomarca.  Ag an am céanna, tá Maze sna pictiúrlanna; scannán a chaitheann leis an éalú ó phríosún míchlúiteach an teidil i 1983 amhail is gur leagan Éireannach de The Great Escape é. Leis an dlaoi mhullaigh a chur ar chúrsaí bhí stiúrthóir táirge Sands, Brendan J. Byrne, ina léiritheoir ar Maze agus bhí an t-aisteoir Martin McCann lárnach sa dá tháirge. B’ait an deireadh seachtaine é gan aon agó.

Tá saol aisteoireachta Tom Vaughan-Lawlor in airde láin i láthair na huaire agus tá a cháil roimhe óir go bhfuil sé sa mheitheal chuidsúlach a thabharfaidh an gála is déanaí de The Avengers chugainn an bhliain seo chugainn. Tá a fhios ag an saol Fódlach gurbh é Love/Hate a rad i lár an aonaigh é roinnt bhlianta ó shin ach ag an bpointe seo ní dóigh liom go leomhfadh aon stiúrthóir/léiritheoir gan iarracht a dhéanamh é a mhealladh aon uair go bhfuil táirge Éireannach ar na bacáin.

Tá údar leis, áfach, agus ní shéanfadh leasmháthair ach gur aisteoir cumasach é. Déanann sé tromlach mór an scannáin seo a iompar agus sinn i dtaobh go minic le seatanna teanna dá cheannaithe le teannas agus mothúcháin na radharc a chur abhaile orainn. Is carachtar an-bháúil a chuirtear os ár gcomhair amach, agus is dócha gurb é sin an chúis is mó gur thosaigh na hAontachtaithe ag radadh na cairte.

Cuirtear Larry Marley (Lawlor) os ár gcomhair mar dhuine atá ciaptha ag básanna na stailceanna ocrais agus cráite mar go bhfuil a theaghlach coimhthíoch leis. Tá a mhac féin ag imeacht ar seachrán ina chuid iarrachtaí lorg an athar a leanúint. Bhí Marley lárnach san ‘agóid shalach’ agus cuirtear abhaile orainn go mothaíonn sé ciontach gur thug sé na cosa leis. Tá sé gafa leis an smaoineamh go gcaithfear ómós a thabhairt d’oidhreacht na stailceoirí agus leanúint leis an gcomhrac. Sin é a thugann air tabhairt faoi éalú ó phríosún an teidil cé go raibh an bhreis ina aghaidh. Ag an am bhí an Maze, agus na bloic deartha i bhfoirm ‘H’ le mearbhall a chur ar na príosúnaigh, áirithe ar an bpríosún ba dhaingne san Eoraip agus dá bharr mheas mórán de chomhghleacaithe Marley go raibh sé ag taoscadh na farraige ina chuid iarrachtaí éalú.

Lárnach sa rud ar fad, agus tábhachtach ó thaobh na cothromaíochta, tá oifigeach príosúin, Barry Ward. Níl an carachtar seo leath chomh báúil lena chéile comhraic, ach chímid iarracht feallmharaithe agus cliseadh a phósta. Bíonn cúpla comhrac béil sásúil idir é agus Marley, dreasanna cainte a thugann comhthéacs mar aon le carachtair a fhorbairt.

Is sna radharcanna éalaithe is mó atá an saothar os cionn a bhuille agus bíonn tine ar an gcraiceann agus an t-éalú príosúin is mó i stair Shasana faoi lán seoil.

Fág freagra ar 'Vaughan-Lawlor a dhéanann tromloch ‘Maze’ a iompar'