‘Uggs’ arda? Ugh! Botún faisin na bliana…

Cé gur bhreá lenár gcomhfhreagraí a cuid Uggs níl aon fháilte aici roimh an dearadh is deireanaí

‘Uggs’ arda? Ugh! Botún faisin na bliana…

Bhí mí na Samhna againn anuraidh nuair a thóg mé ceann de mhórbhotúin faisin na bliana faoi deara – cleamhnas a rinne an comhlacht aitheanta faisin, Balenciaga idir ‘crocs’ agus bróga bonnarda chun paitíní a bhí deich n-orlaí ar airde a chruthú.

Measaim go bhfuil ceann de mhórbhotúin faisin na bliana 2018 aimsithe agam cheana féin agus gan ach mí amháin den bhliain imithe fós.

Buataisí Ugg atá i gceist agam a théann suas os cionn na nglún, chomh hard le do cheathrú. ‘Buataisí ceathrún’ a thugtar ar an saothar cruthaitheach nua seo ó dhearthóir as an mBeilg a bhfuil gradaim idirnáisiúnta buaite aige roimhe seo.

Ní bheidh fáil ar na buataisí nua seo go dtí tús an Mhárta agus beidh raon leathan acu ar fáil ar idir €250 agus €1,250.  Ní bréag a rá go bhfuil lucht faisin agus stíle go mór idir dhá chomhairle fúthu.

Ón Astráil agus ón Nua-Shéalainn a tháinig buataisí Ugg an chéad lá riamh, agusiad déanta as ábhar atá fairsing go maith ansin – craiceann caorach agus olann uain. Deirtear gur surfálaithe agus lucht sciála a thug an stíl nua buataisí seo go Meiriceá agus gur as sin a scaip sí chun na Breataine agus ar fud an domhain.   

Bhí péire agam féin blianta ó shin agus chaithinn iad ó mhaidin go hoíche. Ní cuimhin liom aon bhuataisí eile a bheith agam roimhe sin nó ó shin a bhí chomh compordach leo. Bhíodar te, teolaí agus níor scaoil siad isteach aon bhraon báistí riamh.

Bhíodar sách daor le ceannach fiú an uair sin féin ach níor thóg sé mórán ama ar chomhlachtaí eile aithris a dhéanamh ar ‘stíl Uggs’ agus bhí leaganacha saora ar fáil go coitianta ar phraghsanna chomh híseal le €10. Ní raibh cuma nó caoi ar chuid mhaith de na buataisí a rinneadh  mar aithris ar stíl Uggs agus bhíodh an t-ábhar saorga iontu leáite ag an gcéad bhraon báistí.

Bhí tionscal an-mhór eile faoi lán seoil ar feadh na mblianta ag táirgeadh Uggs bréige. Ag comhlacht Meiriceánach amháin, Deckers Outdoor Corporation, a bhí agus atá na cearta ar an ainmbhranda Ugg. Mhaígh siad gur shárú ar an dlí a bhaineann le cúrsaí cóipchirt a bheadh ann an t-ainm sin a thabhairt ar aon bhuataisí eile. Ach, ar ndóigh, san áit a raibh brabach le déanamh bhí neart comhlachtaí sásta aithris a dhéanamh ar Uggs agus leaganacha bréige a dhíol ar an idirlíon ar airgead mór le daoine a raibh bob á bhualadh orthu. 

Ach céard faoi Uggs mar bhuataisí ceathrún?  Dúirt an dearthóir a chuir ar an margadh iad gur chosúil iad “like putting your thighs in butter”. Dúirt eolaí faisin amháin gurbh é an ‘end of civilisation’ a bhí i gceist leo agus mheabhraigh scríbhneoir eile nach mbeadh mórán maitheasa iontu don ‘ghnáthdhuine’ má bhí cuma mhíshlachtmhar orthu ar mhainicíní arda, tanaí.

Cé gur thaitin na Uggs a bhí agam blianta ó shin go mór liom, ba leor sracfhéachaint amháin  ar na pictiúir de na buataisí nua ceathrún seo le cinneadh a dhéanamh nach mbeinnse i dtosach an tslua á gceannach nuair a thiocfaidh siad ar an margadh an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Uggs’ arda? Ugh! Botún faisin na bliana…'

  • seainin

    bhfuil aon teora leis an amaidi sin? an gcaitheann daoine airgead ar sheafoid mar e? agus daoine eile ag siollagar leis an ocras? ba cheart go mbeadh naire orthu siud i dtionscal an fhaisin. is e a theastaionn na compord, praghas maith agus buanseasmhacht o thaobh eadai, broga etc. coinnimis guaim orainn fein agus deanaimis an tsimpliocht a chleachtadh ins chuile rud.