€3 milliún iarrtha ar ais ag Údarás na Gaeltachta le sé bliana anuas ó chomhlachtaí ar theip orthu nó a d’fhág an Ghaeltacht

Bíonn sé mar choinníoll le gach deontas a cheadaíonn an tÚdarás gur féidir aisghairm a dhéanamh ar an deontas sin taobh istigh de chúig bliana ar chúiseanna éagsúla

€3 milliún iarrtha ar ais ag Údarás na Gaeltachta le sé bliana anuas ó chomhlachtaí ar theip orthu nó a d’fhág an Ghaeltacht

 

Tá nach mór €3 milliún de dheontais lorgtha ar ais ag Údarás na Gaeltachta ó chomhlachtaí a d’imigh as gnó nó a d’fhág an Ghaeltacht le sé bliana anuas.

De réir eolais a fuair Nuacht TG4  €2,981,777 a bhí á lorg ar ais ag an eagraíocht Ghaeltachta le sé bliana anuas. €533,100 íocadh ar ais leis an Údarás le linn na tréimhse céanna.

Is comhlachtaí iad seo ar thacaigh an tÚdarás leo ach a d’imigh as gnó nó a shocraigh an Ghaeltacht a fhágáil.

Thug an tÚdarás le fios do Nuacht TG4  tráthnóna inné go bhfuil siad ag dul sa tóir faoi láthair ar luach de thart ar €807,326 de dheontais a íocadh le cliantchomhlachtaí.

Bíonn sé mar choinníoll le gach deontas a cheadaíonn an tÚdarás gur féidir aisghairm a dhéanamh ar an deontas sin taobh istigh de chúig bliana ar chúiseanna éagsúla – is é sin má éiríonn an gnó nó an chuideachta as a bheith ag trádáil, má cheaptar leachtaitheoir nó glacadóir nó scrúdaitheoir ar an gcomhlacht nó má fhágann an gnó an Ghaeltacht. Is féidir chomh maith aisíocaíocht ar dheontas a lorg sa chás go gcuirtear togra ar ceal nó sa chás go dtiteann líon na ndaoine atá fostaithe sa ghnó faoi bhun an méid a bhí aontaithe leis an Údarás (i gcás deontas fostaíochta). Déanann an tÚdarás athbhreithniú ar chás gach cliant dá chuid ó thaobh dliteanas deontais de.

I gcás ceann de na comhlachtaí a bhí i gceist, comhlacht inar ceapadh glacadóir air i mí Iúil 2013, bhí os cionn milliún euro ag dul don Údarás (€1,059,811). Tháinig litir a seoladh chuig an ngnó seo tríd an bpost cláraithe ar ais chuig Údarás na Gaeltachta agus gan aon fhreagra tugtha air. Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir nach bhfuair Údarás na Gaeltachta aon airgead ar ais ón gcomhlacht seo agus gurbh éigean don eagraíocht Gaeltachta €10,000 a chaitheamh chun trealamh a fháil ar ais uathu.

Dúirt lucht an Údaráis i gcáipéisí a bhain le cás an chomhlachta seo gur “beag seans go dtiocfaidh tada as” agus dhruid rannóg dlí na heagraíochta an cás sa bhliain 2015.

I gcás comhlacht eile, ar éiligh an tÚdarás orthu in 2012 go n-íocfadh siad ar ais os cionn €365,000, fuair an eagraíocht fiontraíochta seilbh ar fhoirgneamh an chomhlachta agus ceapadh glacadóir chun a chinntiú go bhfaigheadh na fostaithe an méid a bhí dlite dóibh ón Chiste Dócmhainneach. De réir na gcáipéisí a fuarthas faoi Acht Um Shaoráil Faisnéise, ba í tuairim an Údaráis, áfach, nach mbeadh “tada le fáil as an aisghairm deontais’.

Léirigh na cáipéisí chomh maith go raibh rannóga dlí agus airgeadais an Údaráis ag plé le haisghairm deontas i gcás gnó eile a leachtaíodh i Samhain na bliana 2015. €308,018 a bhí á lorg ar ais sa chás seo.

Bhí aisíocaíocht €220,096 i gceist le gnó eile a ndearnadh leachtú air agus bhí an tÚdarás ag glacadh leis i gcás an chomhlachta sin freisin nach bhfaighidh siad “aon airgead”.

Bhí €42,000 á éileamh ag an Údarás ó chomhlacht eile a shéan go raibh siad imithe as an nGaeltacht. Lorg an tÚdarás soiléiriú faoin gceist in Aibreán na bliana anuraidh.

Bhí deacrachtaí maidir le teagmháil a dhéanamh le comhlachtaí i gceist i roinnt cásanna. I mí na Nollag 2016, seoladh litir aisghairme inar lorgaíodh €170,000 ar ais ó ghnó amháin, ach tháinig an litir ar ais gan aon fhreagra a bheith tugtha uirthi. Seoladh arís í trí ‘Express Post’ agus de réir an taifid a bhí ag An Post seachadadh an litir sin. Bhí stádas ‘normal’ ag an gcomhlacht áirithe seo de réir na hOifige um Chlárú Cuideachtaí agus bhí an tÚdarás ag fanacht go gceapfaí leachtaitheoir air.

I ráiteas ón Údarás, dúradh go raibh siad sásta gur infheistíocht chuí i bpoist agus in oiliúint ar phobal na Gaeltachta a bhí mar thoradh ar na deontais ar fad a díoladh le linn na tréimhse seo. Dúradh go bhfuil luach maith ar infheistíocht á fháil ag an Stát ar an 7503 post lánaimseartha atá i gcliantchomhlachtaí an Údaráis.

Rinne Nuacht TG4 iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar líon na n-aisíocaíochtaí ó 2012 i leith nár íocadh go fóill. Dhiúltaigh an tÚdarás an t-eolas sin a thabhairt do Nuacht TG4 toisc, a dúradh, go raibh “baol láidir ann go ndéanfaí dochar d’íomhá na gcliantchomhlachtaí a bhí i gceist”. Rinne Nuacht TG4 achomharc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise mar gheall ar an gcinneadh sin. Ina dhiaidh sin, chuir an tÚdarás taifid ar fáil a bhain leis an scéal ar an gcoinníoll nach n-ainmneofaí na comhlachtaí atá i gceist.

 

 

Fág freagra ar '€3 milliún iarrtha ar ais ag Údarás na Gaeltachta le sé bliana anuas ó chomhlachtaí ar theip orthu nó a d’fhág an Ghaeltacht'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Scannal eile. Mar a dheineann na Coimisinéirí Ioncaim, ba chóir na comhlachtaí seo a ainmniú go poiblí. Ní fios ach an t-eolas a bheadh ar fáil go háitiúil futhu ag an bpobal ar an talamh. Ach is cosúil go mb’fhearr leis an Údarás an tuáille a chaitheamh isteach nuair gur “beag seans go dtiocfaidh tada as”. Iontach!