Údar sásaimh ag Sinn Féin státúil – a bhuíochas cuid mhór d’aontachtaithe gangaideacha

Más cluiche bolscaireachta a bhí ar siúl le seachtain chaill an DUP agus bhí Sinn Féin caithréimeach

Údar sásaimh ag Sinn Féin státúil – a bhuíochas cuid mhór d’aontachtaithe gangaideacha

Is minic a dhéanann cáineadh ó aontachtaithe gar do Shinn Féin. Ní gá ach ‘toghchán an chrogaill’ a thabhairt chun cuimhne nuair a ghríos diúltú Arlene Foster do chearta teanga do Ghaeilgeoirí na sluaite chun vótáil don bpáirtí poblachtach. Bhí sioscadh ar siúl i measc phoblachtánaithe áirithe go ndeachaigh Michelle O’Neill, Alex Maskey agus baill eile den pháirtí thar fóir lena dtaispeántais ómóis do rítheaghlach na Breataine le seachtain anuas. D’athraigh ‘na fir chrua’ a bport áfach nuair a chuala siad clamhsáin an bhantiarna Arlene Foster, Jim Allister TUV agus dornán eile faoin bpoiblíocht dhearfach a fuair iompar Shinn Féin.

Taobh istigh de chúpla lá ba léir gur mhaise ar chlú Shinn Féin ab ea a chur chuige i leith bhás na Banríona Eilís II agus cuairt an rí Séarlas ach nárbh amhlaidh an scéal don DUP. Ní hamháin gur sheachain Sinn Féin siosma ná brú ó antoiscigh ach léirigh siadsan, an SDLP, an tUachtarán Ó hUiginn agus an Taoiseach Micheál Martin oscailteacht agus féinmhuinín náisiúnach i gcodarsnacht leis an DUP a bhí ar an taobhlíne.

“A chomh-aontachtaithe, éirímis as a bheith róthógtha le Sinn Féin,” a d’achainigh ball den Ord Oráisteach i dtvuít. Bhí an fear a scríobhann uaireanta ar shuíomh idirlín Slugger O’Toole faoin ainm cleite Choyaa ag tagairt don aischothú gangaideach ó roinnt aontachtaithe faoi iompar státúil Shinn Féin le linn na cuairte ríoga. Ní dea-theist ar aontachtachas an nimh a stealladh i ndiaidh na n-imeachtaí Dé Máirt agus méadaíonn sé tacaíocht Shinn Fein, a dúirt sé.

Chuaigh sé níos faide fós. Is minic gurb é neamhinniúlacht na n-aontachtaithe is cúis le rath Shinn Féin dar leis; sin mar a bhí an uair seo, ar sé ach ‘ní fhoghlaimíonn sinn an ceacht’. Glór aonair is ea Choyaa a cheistíonn iompar a ionadaithe féin go minic ach is iomaí duine ón bpobal aontachtach a bhí ar aon intinn leis an babhta seo.

Ba é baghcat an DUP ar obair an Tionóil a chinntigh an ról lárnach a bhí ag Sinn Féin sna himeachtaí í gcaisleán Chroimghlinne Dé Máirt. Bheadh Michelle O’Neill i dteideal a bheith i dtús áite mar cheannaire an pháirtí is mó ach is toisc nach gceadódh an DUP toghchán do cheann comhairle nua an Tionóil, bhí Alec Maskey, Sinn Féin mar ‘fhear an tí’. D’uireasa céad agus leaschéad-aire (i ngeall ar bhaghcat an DUP ar Stormont) ba é dualgas an cheann comhairle eatramhach a bhris a chásamh leis an rí thar ceann an Tionóil. Bheadh Maskey éirithe as an bpolaitíocht dá mbeadh comharba tofa ach ina ionad sin ba é a rinne an óráid chomhbhróin inar bhain sé leas as cúpla abairt i nGaeilge.

Murab ionann agus Sinn Féin a raibh comhrá cairdiúil acu leis an rí, deirtear gur cheistigh Séarlas ceannaire an DUP go géar faoin mbaghcat ar Stormont. Os comhair na gceamaraí bhí cuma mhíchompordach amscaí ar Jeffrey Donaldson, gan mórán de chosúlacht an chairdis ar an gcomhrá idir é féin agus Séarlas.

Ba léir gur ghoin an íomhá sin ar roinnt aontachtaithe. D’fhoilsigh an nuachtán The Express alt leis an iarchéad-aire, Arlene Foster, ag ionsaí na meán cumarsáide faoina dtuairisciú ar ról agus iompar Shinn Féin. Níorbh aon nuacht é gur bhuail Sinn Féin le lucht ríoga, rinneadh áibhéil faoin scéal, ar sí. Shílfeadh éinne gur bhain an chuairt le Sinn Féin thairis bás na Banríona agus ceapadh a comharba, dar le Foster.

Bhí sí giorraisc freisin ina cuid cainte faoin Uachtarán Micheál D Ó hUigínn. ‘Uachtarán na hÉireann mar a thugtar air,’ ar sí. Dul chun cinn de shórt é an t-uachtarán a dhiúltaigh freastal ar sheirbhís eaglasta in Ard Mhacha chun 100 bliain Thuaisceart Éireann a cheiliúradh a bheith ag an tseirbhís in Ardeaglais Naomh Anna i gcuimhne na Banríona, a dúirt sí.

Cháin Jim Allister, ceannaire an TUV. an phoiblíocht a fuair Sinn Féin freisin.

Thug sé fogha go speisialta faoi BBC Thuaisceart Éireann ag rá gur thug an clúdach ardú céime do Shinn Féin, gur bholscaireacht a bhí ann.

Mhol ceannaire an UUP, Doug Beattie, Sinn Féin as an meas a léirigh siad agus dúirt sé gur shuarach an mhaise é d’éinne a bheith ag gearán faoi sin.

Ba léir go ndearna Sinn Féin cinneadh go mbeidís comhbhách agus lánpháirteach in imeachtaí an lae. D’fháiltigh a méara, Tina Black, agus an feisire John Finucane roimh an rí-lánúin ag ardeaglais Naomh Anna, chaith na hionadaithe éadach mairgnigh agus sheas siad d’amhrán náisiúnta na Breataine. Ní foláir nó go raibh siad sásta aghaidh a thabhairt ar cibé cáineadh inmheánach a dhéanfaí orthu. Mar a tharla chiúnaigh caint ghangaideach Arlene Foster agus Jim Allister na daoine a bhí míshásta leis an gcuimilt meala leis an rí-theaghlach.

Ba iad lucht tacaíochta na n-aontachtach a fágadh ag ceistiú cur chuige a n-ionadaithe agus roinnt mhaith imníoch go raibh an DUP á dtreorú ar bhóthar caoch. Go bunúsach más cluiche bolscaireachta a bhí ar siúl chaill an DUP agus bhí Sinn Féin caithréimeach. Má bhíonn toghchán Tionóil eile ann roimh an Nollaig mar atá á thuar nó á bhagairt, chífimid an mbeidh sochar le baint as.

Fág freagra ar 'Údar sásaimh ag Sinn Féin státúil – a bhuíochas cuid mhór d’aontachtaithe gangaideacha'