‘Údar mór díomá’ – gan pingin bhreise nó fiú tagairt don oideachas Gaeilge i mbuiséad 2026

Níl tagairt ar bith i mBuiséad 2026 d’aon mhaoiniú a bheith curtha ar leataobh don polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh don Ghaeltacht atá le foilsiú go luath

‘Údar mór díomá’ – gan pingin bhreise nó fiú tagairt don oideachas Gaeilge i mbuiséad 2026

Deir Conradh na Gaeilge agus Sinn Féin gur údar mór díomá é nach bhfuil maoiniú breise ar bith curtha ar fáil don oideachas Gaeilge i mBuiséad 2026.

Dúradh gur measa fós an scéal mar nach bhfuil fiú tagairt ar bith déanta sa bhuiséad a fógraíodh an tseachtain don oideachas trí Ghaeilge.

Deir Conradh na Gaeilge nach bhfuil “aon ghealltanas” tugtha ag an Roinn Oideachais ná ag Roinn na Gaeltachta ó thaobh an ghaeloideachais a neartú ná a leathnú.

Caithfidh Roinn na Gaeltachta cuid den airgead breise a fógraíodh dóibh ar fhorbairt na hearnála luathoideachais Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, ach seachas sin níor fógraíodh aon phingin breise do chúrsaí a bhaineann leis an ghaeloideachas.

Níl tagairt ar bith sa bhuiséad ach oiread d’aon mhaoiniú a bheith curtha ar leataobh chun feidhm a thabhairt don polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh don Ghaeltacht, atá le foilsiú go luath.

Ní dhearnadh aon tagairt don Ghaeloideachas i mbuiséad na bliana seo a chuaigh thart ach an oiread.

“In ainneoin éilimh a bheith déanta arís agus arís eile ag an phobal, ag tuismitheoirí agus ag abhcóidí oideachais, níl aon phlean soiléir ann nó acmhainní curtha ar fáil chun soláthar an oideachais trí mheán na Gaeilge a mhéadú ón 6% atá ann faoi láthair go 20%,” a dúirt urlabhraí ón Chonradh.

Dúirt an t-urlabhraí fosta, nach bhfuil plean ar bith ann chun polasaí cuimsitheach oideachais Gaeilge a fhorbairt ón luathóige go dtí an tríú leibhéal. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le fada go dtabharfaí isteach a leithéid de pholasaí agus go mbeadh sé bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpacha [TEG].

Dúirt an eagraíocht teanga go raibh “infheistíocht phráinneach agus treochlár soiléir” ag teastáil sa bhliain atá le teacht chun gur féidir “oideachas trí Gaeilge ar ardchaighdeán a chinntiú do gach dalta”.​

Beagnach €26 milliún a bhí leagtha amach ag Sinn Féin don ghaeloideachais ina mbuiséad malartach, chun cur le líon na bpáistí agus na ndaoine óga a fhaigheann oideachas trí mheán na Gaeilge.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, nach raibh tagairt ar bith don Ghaeilge sa chóras oideachais i mbuiséad an rialtais agus  gur léir nár “éist” siad leis na mílte daoine a ghlac páirt san agóid Cearta i mBaile Átha Cliath roinnt seachtainí ó shin.

Dúirt Ó Snodaigh gur léirigh an Buiséad nach bhfuil Fianna Fáil nó Fine Gael “dáiríre go leor” faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta ná faoi aghaidh a thabhairt ar an “easpa spáis sa Ghaeloideachas chun freastal ar an éileamh”.

D’éiligh an eagraíocht Gaeloideachas roimh an mbuiséad go gcuirfí maoiniú cuí ar fáil d’fheidhmiú an Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge, a mbeidh mar bhunsprioc aige freastal ar an éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge.

Dúirt an Roinn Oideachais le Tuairisc go mbíonn tacaíocht leanúnach á tabhairt acu don Ghaeilge.

“Tacaíonn an Roinn go leanúnach leis an nGaeilge ar bhealaí éagsúla i réimsí ar nós Oideachas Tosaigh Múinteoirí, Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí, Curaclam agus Measúnacht agus forbairt acmhainní trí mhaoiniú leanúnach a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha.

“Leanfar le tacaíochtaí do scoileanna atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Áirítear leis seo uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge agus deontas bliantúil de €1,200 chun acmhainní Gaeilge a cheannach, chomh maith le tacaíochtaí ó COGG, Oide agus ón gCigireacht.”

Fág freagra ar '‘Údar mór díomá’ – gan pingin bhreise nó fiú tagairt don oideachas Gaeilge i mbuiséad 2026'