Tá an próiseas earcaíochta do Choimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt “ag teacht chun críche”, a deir Oifig an Fheidhmeannais.
Dúirt urlabhraí de chuid na hoifige le Tuairisc inné go raibh an próiseas ag druidim i dtreo an deiridh.
Dúirt Pól Deeds, an té atá roghnaithe le bheith ina Choimisinéir Gaeilge ach nach bhfuil ceaptha fós, nach bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh sa phróiseas agus go bhfuil na daoine atá le ceapadh ina gcoimisinéirí don Ghaeilge agus don Ultais sa Tuaisceart fágtha i ngalar na gcás dá bharr.
Bhíothas ag súil go gceapfaí an Coimisinéir Gaeilge faoi dheireadh na míosa seo caite ach níl aon fhógra déanta ag Oifig an Fheidhmeannais go fóill. Ba ag tús na bliana 2020, beagnach sé bliana ó shin anois, a glacadh leis an gcomhaontú New Decade New Approach [Ré Nua Cur Chuige Nua] inar gealladh an ról nua. Ba in 2022 a ritheadh an reachtaíocht chun oifig an choimisinéara a bhunú.
Níl aon mhíniú tugtha ag Oifig an Fheidhmeannais ar an moill agus ní dúradh le Tuairisc ach go bhfuil an próiseas nach mór críochnaithe agus go mbeidh tuilleadh eolais ar fáil “in am trátha”.
Tuairiscítear gurb é Pól Deeds atá le hainmniú ina Choimisinéir Gaeilge agus Lee Reynolds atá le hainmniú ina Choimisinéir do Thraidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach.
Tuairiscíodh ar The Irish News gur tairgeadh na poist don bheirt fhear ach nach bhfuair ceachtar acu deimhniú i scríbhinn ó shin faoina gceapachán.
Tuigtear go bhfuil an bheirt tar éis a rá lena bhfostóirí reatha – Foras na Gaeilge i gcás Deeds agus Institiúid na Fisice i gcás Reynolds – go mbeidh siad ag éirí as sna seachtainí amach romhainn.
Dúirt Deeds i dteachtaireacht a d’fhoilsigh sé ar X ag an deireadh seachtaine go bhfuil Oifig an Fheidhmeannais ag déanamh faillí ina ndualgas don choimisinéir nua “sular ghlac sé lena phost nua”.
Tá an mhoill cáinte ag urlabhraí Gaeilge an SDLP, Patsy McGlone, a dúirt gur “údar mór imní” í an mhoill agus nach bhfuil cúis mhaith léi.
“Bhí blianta fada ag an bhFeidhmeannas le seo a dhéanamh i gceart agus níl cúis mhaith ann dá thuilleadh moille, agus daoine fágtha i ngalar na gcás. Thug an SDLP dúshlán an LeasChéad-Aire sa Tionól Dé Luain le fáil amach cén uair a dhéanfar na ceapacháin ach níor tugadh aon fhreagra. Caithfear an scéal a shoiléiriú go pras. Tá na cearta seo, a fuarthas le dua mór, lárnach don chomhionannas agus don mheas, agus ní féidir le hachrann san Fheidhmeannas moill a chur orthu,” a dúirt McGlone.
Tá Pól Deeds ina leas-phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ach tuigtear go n-éireoidh sé as an gcúram sin ag deireadh na míosa seo. Tá an Feirsteach sa ról sin ó 2023, agus chaith sé 20 bliain roimhe sin i gceannas ar Dhroichead, clár oideachais atá lonnaithe i mBéal Feirste.
Leagfaidh an Coimisinéir Gaeilge caighdeáin síos maidir le seirbhísí Gaeilge sa státchóras. Tá imní ann go bhféadfadh an DUP srian a chur ar chumhachtaí an Choimisinéara, áfach, mar go gcaithfidh na caighdeáin sin a mbeannacht a fháil ón gCéad-Aire agus LeasChéad-Aire “in éineacht”.
Cuirfidh an Coimisinéir comhairle ar chomhlachtaí poiblí maidir le húsáid na teanga agus déanfaidh sé iniúchadh ar ghearáin ón bpobal faoi chomhlachtaí poiblí a theipeann i gcomhlíonadh na gcaighdeán.
An mhí seo caite, dúirt Conradh na Gaeilge go mbeidh “ceisteanna práinneacha” ag fanacht ar an gCoimisinéir nua. Dúirt bainisteoir cumarsáide an Chonartha, Pádraig Ó Tiarnaigh, le Tuairisc go mbeidh “cúpla ceist phráinneach ar thábla an Choimisinéara” nuair a cheapfar é.
“Beidh sé ina scrúdú ar an meáchan a bheidh ag cinntí an Choimisinéara agus ar an meas a léireofar ar na cinntí sin a dhéanfaidh sé,” a dúirt Ó Tiarnaigh.
Fág freagra ar 'Próiseas earcaíochta an Choimisinéara Gaeilge ‘ag teacht chun críche’ – Oifig an Fheidhmeannais'