Casadh gan choinne thar oíche sa chaidreamh casta idir na Stáit Aontaithe agus an Bhrasaíl: tá Donald Trump, a bhagair cogadh eacnamaíochta ar an mBrasaíl an samhradh seo toisc go raibh ‘géarleanúint’ á déanamh, dar leis, ag an mBrasaíl ar iar-uachtarán na tíre sin, Jair Bolsonaro, anois ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an tír.
Ní hamháin sin, ach tá an Trumpach, a cháin an Bhrasaíl go láidir an mhí seo caite nuair a gearradh téarma príosúin 27 mbliana agus 3 mhí ar Bolsonaro as iarracht a dhéanamh coup d’état a dhéanamh thiar i 2023, anois ag éirí cáirdiúil, creid é nó ná creid, le huachtarán reatha na tíre, Luiz Inácio da Silva (Lula) – duine de na polaiteoirí idirnáisiúnta is aitheanta ar an eite clé.
‘Maidin inniu, bhí comhrá fóin fíormhaith agam Lula, uachtarán na Brasaíle,’ a scríobh Donald Trump Dé Luain i bpostáil ar Truth Social, an t-ardán sóisialta aige. ‘Phléigh muid go leor rudaí, ach dhírigh muid den chuid is mó ar an eacnamaíocht, agus ar an trádáil, idir an dá thír againn. Beidh a thuilleadh plé againn, agus casfaimid lena chéile, sa Bhrasaíl, agus sna Stáit Aontaithe, leis. Bhain mé sult as an nglaoch – éireoidh go seoigh lenár dtíortha le chéile!’
Sonc sa ghoile a bhí sa teachtaireacht sin do Jair Bolsonaro agus a lucht leanta sa Bhrasaíl.
An t-aon mhámh amháin a bhí fágtha i gcluiche cártaí polaitiúil na Brasaíle ag an iar-uachtarán ciontaithe agus ag a chlann mac, ar polaiteoirí iad freisin agus atá go mór ar an eite dheis, ná an dáimh a bhí ag an Trumpach leo.
Nuair a ghearr Trump táillí iomportála 50 faoin gcéad ar earraí ón mBrasaíl i mí Iúil, mhaígh Bolsonaro gurb eisean amháin a réiteodh an scéil, a bhuíochas leis an gcaidreamh iontach a bhí aige, dar leis, leis an Teach Bán.
Anois, ag tagairt do chomhrá gairid ag oscailt Chomhthionóil Ghinearálta na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac ag deireadh na míosa seo caite, deir Trump go bhfuil ‘splanc iontach’ idir é féin agus Lula.
Mar bharr ar an donas do Bolsonaro, dá chlann mac agus do lucht a leanta ná gurbh é Trump a chuir glaoch ar Lula, seachas an bealach eile timpeall.
Cá bhfios nach é praghas an chaife sna Stáit Aontaithe ba chúis leis sin. Tá ardú 39 faoin gcéad, ar an meán, ar phraghas chupán den leacht dubh sin sna Stáit i gcomparáid leis an am seo anuraidh. Tá ardú ar phraghas an chaife ar fud na cruinne gan dabht agus cúrsaí aeráide den chuid is mó is cúis leis sin, ach i gcás na Stát, tá an táille iomportála 50 faoin gcéad ar earraí ón mBrasaíl ina chúis mhór bhreise. An Bhrasaíl a tháirgeann an tríú cuid de na pónairí caife ar fad ar domhan.
Cé go léiríonn taighde spéisiúil a rinneadh anuraidh gur mó an dúil a bhíonn ag Daonlathaigh i gcaife ná mar a bhíonn ag Poblachtánaigh, is é an t-ardú mór a tháinig ar phraghsanna an bhia sna Stáit Aontaithe – fadhb nár éirigh le Trump a réiteach, d’ainneoin a chuid geallúintí toghcháin – an locht is mó a fhaigheann lucht tacaíochta Trump ar a n-uachtarán.
Agus anois? I bhfianaise na gcastaí gan choinne a dhéanann Trump go minic, tá rialtas na Brasaíle airdeallach go leor maidir leis an gcor is úire seo sa scéal. Ach táthar ag súil go gcuirfear tús go luath le hidirbheartaíocht idir aire Gnóthaí Eachtracha na Stát Aontaithe, Marco Rubio, agus leas-uachtarán na Brasaíle, Geraldo Alckmin, d’fhonn scéal na dtáillí iomportála a réiteach.
Fág freagra ar 'Lula ainnir na huaire ag Trump, ach an bhfuil deireadh lena chairdeas le Bolsonaro?'