Tá sé i gceist ag Iarnród Éireann ‘An Fáinne’, an suaitheantas aitheanta lena dtugtar le fios go bhfuil Gaeilge ag an té atá á chaitheamh, a úsáid le cainteoirí Gaeilge i measc na foirne a chur in iúl do phaisinéirí
Deir Iarnród Éireann go bhfuil mar “phríomhsprioc” acu timpeallacht “ina dtabharfar le fios go gcuirtear fáilte roimh Ghaeilge” a chruthú ar bord thraenacha an chomhlachta.
Dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta iarnróid le Tuairisc go bhfuil Iarnród Éireann “ag obair i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge” le tionscnamh an Fháinne a “leathadh amach” tríd an gcomhlacht. Deir an comhlacht go léireoidh an Fáinne “cumas teanga agus oscailteacht” i measc na foirne an Ghaeilge a labhairt le paisinéirí ar na traenacha.
Is mar gheall ar an togra nua seo atá an suirbhé faoin nGaeilge a sheol Iarnród Éireann an tseachtain seo caite á reáchtáil.
“D’fhorbair muid suirbhé chun aiseolas agus moltaí a bhailiú ón bpobal faoi conas is féidir linn feabhas a chur ar úsáid agus feiceálacht na Gaeilge agus conas is féidir linn daoine a chur ar a gcompord chun a gcuid Gaeilge a úsáid ar ár seirbhísí.
“Ós rud é go n-úsáideann an oiread sin daoine an córas iompair poiblí gach lá, áit a bhféadfadh siad teacht ar an nGaeilge, tá sé mar phríomhsprioc ag Iarnród Éireann timpeallacht ionchuimsitheach a chruthú, ina dtabharfar le fios go gcuirtear fáilte roimh an nGaeilge ann,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.
Dúradh go raibh an comhlacht iompair poiblí “tiomanta do ról na Gaeilge a neartú ar fud na heagraíochta” agus sna seirbhísí a chuireann siad ar fáil. Maíodh freisin go raibh Iarnród Éireann ag tacú leis an bhfoireann “laistigh den eagraíocht” a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus go raibh ranganna Gaeilge á gcur ar fáil don fhoireann.
Dúirt an t-urlabhraí gur mhaith le hIarnród Éireann níos mó ná na dualgais teanga atá ar an eagraíocht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh agus “cuidiú ar bhealach fóinteach le cur chun cinn agus normalú na Gaeilge sa saol laethúil”.
Tá suirbhé á dhéanamh i láthair na huaire ag Iarnród Éireann ar chainteoirí Gaeilge a bhíonn ag úsáid seirbhísí traenach an chomhlachta. Tá ceisteanna sa suirbhé faoi na mothúcháin a bhíonn ag paisinéirí na dtraenacha ar chloisteáil na Gaeilge ar na seirbhísí iarnróid dóibh, faoi cé chomh compordach is a bhíonn cainteoirí Gaeilge agus ag labhairt na teanga “lena gcairde agus a muintir” agus le “strainséirí”.
Eoghan Ó Néill
Is iontach an beart é seo a spreagfaidh labhairt na gaeilge sna traeineacha. Cibé duine a tháinig aníos leis an smaoineamh ar fáinní á gcaitheamh ag baill den fhoireann a bhfuil gaelig acu féar plé dó/dí!
Pól Ó Braoin
Is maith an smaoineamh é. Níl a fhios agam an aithneoidh pobal an lae inniu an Fáinne mar chomhartha Gaeilge nuair nach mbíonn tagairt dá laghad dó go poiblí ná ar na meáin, ach mar sin féin is tús maith é.
Beartla
Ba cheart d’institiúidí uile eile an Stáit sampla Iarnród Éireann a leanúint. Beart simplí ach beart fónta a bheadh ann.
Tréasluímid a ndúthracht le hIarnród Éireann i gcur chun cinn ár dteanga náisiúnta ar na traenacha agus ar na busanna. Míle buíochas libh.
Tony Kirby
Beart den scoth. Molaim sibh. Fear plé!