An Satharn beag seo a reáchtálfar ‘Cearta: Mórshiúl Náisiúnta na nGael’ i mBaile Átha Cliath agus súil ag lucht a eagraithe go nglacfaidh na mílte páirt ann.
Tosóidh an mórshiúl ag Cearnóg Pharnell ag 13:30 agus rachaidh sé fríd lár na cathrach chomh fada le Teach Laighean, áit a mbeidh óráidí, ceol agus agóidí ar siúl.
Tá ceithre mhóréileamh ag lucht eagraithe an mhórshiúil is deireanaí seo agus iad ag díriú ar chúrsaí maoinithe, tithíochta, oideachais agus ceart teanga.
Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, atá ar dhuine den ghrúpa atá ag eagrú an mhórshiúil, go bhfuil breis is tríocha bus curtha in áirithe ag daoine fud fad na tíre agus go bhfuil Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh “na mílte” i láthair ar an lá.
Deich mbus ar fad a bheas ag dul ó Bhéal Feirste go Baile Átha Cliath don lá mór, tá busanna eagraithe ó cheantracha Gaeltachta na tíre agus áiteanna eile ar nós Mhachaire Fíolta i nDoire agus Inis i gcontae an Chláir.
Deir De Spáinn, go bhfuil siad ag iarraidh go bhfeicfidh an rialtas nach bhfuil pobal na Gaeilge sásta leanacht ar aghaidh leis an “easpa tosaíochta” atá á tabhairt “don teanga agus don Ghaeltacht”.
“Caithfidh an rialtas glacadh leis na rudaí atá ag teacht ó na pobail iad féin agus caithfidh siad a fheiceáil go bhfuil muid ag pointe anois go bhfuil daoine ar buile, go bhfuil daoine dearg le fearg,” a dúirt de Spáinn.
“Tá muid ag iarraidh ar an rialtas glacadh leis na héilimh thuaidh agus theas, ar nós 2014 nuair a bhí muid ag brú orthu faoi Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách.”
Beidh go leor aoichainteoirí i láthair ar an lá, ina measc Ellen Ní Bhroin, Coláiste de hÍde, agus Rónán Ó hIcí, Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann, a bheidh ag caint faoi chúrsaí oideachais.
Labhróidh Adhna Ní Bhraonáin faoin nGaeltacht agus cúrsaí tithíochta agus beidh focal ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin.
Beidh ceol beo ann ó Huartán agus ceolfaidh Niamh Ní Dhubhgáin agus Breandán Ó Beaglaoich ‘Ár dTalamh Féin’, amhrán nuachumtha a dhíríonn ar an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.
Dúirt Niamh Ní Dhubhgáin gur spreag an easpa tithíochta i gceantar Chonamara í amhrán a scríobh chun aird a tharraingt ar fhadhb na tithíochta ar fud na Gaeltachta.
“Is onóir mhór dom gur iarradh orm an t-amhrán seo a cheol ag mórshiúl náisiúnta na nGael ar an Satharn.”
“Tá sé iontach tábhachtach go mbeidh na Gaeil uilig i láthair ar an lá i mBaile Átha Cliath, caithfidh muid ár nglórtha a úsáid agus caithfidh na Gaeltachtaí uilig seasamh le chéile,” a dúirt sí.
Is é seo an chéad mhórshiúl Gaeilge a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ó bhí 2018 ann. Reáchtáladh mórshiúlta eile ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste in 2014, in 2017 agus in 2022.
Fág freagra ar 'Súil leis na mílte ar mhórshiúl náisiúnta ar son na Gaeilge'