An spórt is an pholaitíocht, deireadh seachtaine na nDeasúnach agus droch-Aimsir Go Leor sa gCabhán

Sa cholún seo, tugtar léargas ar roinnt scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

An spórt is an pholaitíocht, deireadh seachtaine na nDeasúnach agus droch-Aimsir Go Leor sa gCabhán

Is mór an spórt an pholaitíocht

Bhí tamall ann fadó, coicís ó shin nó mar sin, nuair a chuirimis fáilte roimh scéal a cheanglódh toghchán na huachtaránachta le saol an spóirt, mar a bheadh bronntanas ann ó aingeal coimhdeachta na gcolún éadrom.

Ach tá sé seo iomarcach.

Duine de shárbhainisteoirí na peile agus an té a thug an pheil slán ó dhuibheagán na dianchosanta éirithe as an rás gan ach tagairt ar éigean déanta aige do na gaiscí spóirt sin a thuill clú dó an chéad lá.

Agus, an lá ceannann céanna, an seanleftie atá ag déanamh file caoch de gach duine ag léiriú a scileanna peile keepie uppies i bhfíseán ar scaipeadh chomh mear sin é gur baisteadh Conamaradona uirthi agus gur shocraigh geallghlacadóir amháin a gcreach a íoc luath le haon duine a raibh sé de dhánaíocht iontu vótáil di.

An spórt agus an pholaitíocht? Dúradh riamh gur cheist achrannach í.

Ach cad é an chéad chasadh eile sa scéal casta seo? Deir Heather Humphreys nár mhaith léi dul ag díospóireacht ar TG4 toisc go mbraithfeadh sí faoi mhíbhuntáiste mar nach bhfuil labhairt na Gaeilge aici. Ach samhlaigh go mbeadh cumas diamhair chun keepie uppies á ceilt aici agus go dtabharfadh sí dúshlán Catherine Connolly dul sa ghleo beo léi ar TG4 féachaint cén duine is túisce a ligfeadh síos sinn.

Ní bheadh gá fiú le fotheidil, i mBéarla, Gaeilge ná Ultais. Réiteach gan locht do chách.

Plé ábhairín níos doimhne ag lucht Libero

Libero a thugann na hIodálaigh ar an scuabadóir nó an cosantóir le cois, agus is é is teideal chomh maith do phodchraoladh sacair cuibheasach nua ina ndéanann scoth na n-iriseoirí plé ábhairín níos doimhne ar cheisteanna móra na linne ná mar a gheofá ar do ghnáthphod. Bíonn sé an-mhaith.

Ar eagrán amháin a craoladh le déanaí pléadh an t-athrú atá tagtha ar shaol an tsacair de dheasca forlámhas an idirlín ar an allagar a bhaineann leis an gcluiche. Bhíomar ag éisteacht go sásta leis an oíche cheana nuair a luadh ainm iriseora as Gaillimh, Declan Varley.

Insíodh scéal ar fiú é a athinsint i gcónaí, agus a bhfuil sé inste cúpla babhta ar Tuairisc, scéal an imreora nárbh ann dó nó gur chruthaigh fear an Galway Advertiser é chun scigmhagadh a dhéanamh ar áiféis na mbréagscéalta agus na mbaothscéalta a scaiptear faoi dhíol agus ceannach imreoirí.

Shlog daoine gan chogaint scéal Varley faoin sárimreoir óg seo as an Moldóiv, Masal Bugdov, agus ba dheas a chlos ó lucht léannta Libero go maireann a cháil i gcónaí. Cuimhneoidh léitheoirí léannta Tuairisc gur ainmníodh Masal Bugdov i ndiaidh ghearrscéal cáiliúil Phádraic Uí Chonaire, M’asal Beag Dubh.

Fáilte roimh Lammens

Tá lucht leanúna Manchester United chomh mór sin faoi shrathair na hainnise gur chuireadar ceiliúr ceoil an tseachtain seo caite ar a mbáideoir óg nua ón mBeilg leis an rosc, ‘Are you Schmeichel in disguise?’. Ba é a chéad chluiche ag Senne Lammens don gclub agus cé nach raibh puinn le déanamh aige níor dhein sé aon bhotún. An rud is annamh is iontach, ach bhí duine amháin de lucht tacaíochta United beagáinín níos cáiréisí faoina mholadh d’fhear óg na Beilge. ‘After the last two lemons we’ve had in goal, he’s an improvement,” ar sé.

Deireadh seachtaine mór na nDeasúnach

Deireadh seachtaine mór peile atá ann i Múscraí agus peileadóirí Naomh Abán, Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus Chill na Martra ar fad ag imirt i gcluichí leathcheannais craoibhe.

Is i bPáirc Uí Chaoimh tráthnóna Dé Sathairn a bheidh cluiche Chill na Martra agus iad ag dul chun páirce i gCraobh Shinsir ‘A’ Chorcaí agus deireadh seachtaine gnóthach a bheidh ann do chlann amháin ón gcumann.

Tá na blianta caite ag Micheál Ó Deasúna ag imirt le Cill na Martra agus é anois ag iarraidh a bheith ina chuid den chéad fhoireann ón gcumann a bhaineann áit amach sa bpríomhghrád peile sa gcontae ach, d’fhéadfadh nach é an Deasúnach an laoch is mó a bheidh sa mbaile an deireadh seachtaine seo, fiú má éiríonn le Cill na Martra an cluiche ceannais a bhaint amach.

Anocht a bheidh leathchúpla Mhichíl, Christina, i lár an aonaigh sa Staid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath agus a céad troid aici mar dhornálaí gairmiúil nuair a thabharfaidh sí aghaidh ar Joanna Fraszczak na Polainne.

Bhuaigh Christina cual mór bonn mar throdaí amaitéarach, sé cinn de Chraobhacha Náisiúnta Scothaicme agus bonn airgid ó Chraobhacha na hEorpa ina measc, ach tá an cinneadh anois déanta ag an nGarda atá lonnaithe sa Rinn dul leis an dornálaíocht ghairmiúil agus í ag troid sa rannóg marcmheáchain.

Meastar gur théis a 7.00pm anocht a bheidh Christina ag dul isteach sa gcró don troid ceithre bhabhta, rud a fhágann neart ama ag na Deasúnaigh agus ag muintir eile Chill na Martra an turas a dhéanamh ó Staid Náisiúnta Bhaile Átha Cliath go dtí staid náisiúnta Chorcaí cois Laoi don bpeil Dé Sathairn.

Droch-Aimsir Go Leor i gcontae an Chabháin

Ag cluiche craoibhe i gcontae an Chabháin an deireadh seachtaine seo caite, bhí fear darb ainm Séamus An Aimsir Go Leor ainmnithe i measc na n-ionadaithe i gclár an chluiche.

James Wetherall’ an leagan Béarla a bhí ann agus mura raibh an t-aistriúchán cruinn, bhí sé cruthaitheach ar a laghad.

Ba mhór an difríocht a bhí idir an t-aistriúchán áirithe seo agus an obair a rinne na Pittsburgh Steelers, nó Cruachadóirí Pittsburgh, chun ainmneacha a n-imreoirí a aistriú go Gaeilge nuair a tháinig an NFL go hÉirinn thart ar choicís ó shin.

Chuaigh na Steelers i dteagmháil le CLG agus is í Aedín Ní Bhriain, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle na Mumhan, a rinne na haistriúcháin ar fad.

Sin ról atá ag Comhairle Uladh freisin agus má chuirtear ar a súile an t-aistriúchán áirithe seo, seans maith nach mbeidh Séamus An Aimsir Go Leor ainmnithe arís go brách chun dul chun páirce i gcontae an Chabháin, ach cá bhfios…neosfaidh an aimsir!

Fág freagra ar 'An spórt is an pholaitíocht, deireadh seachtaine na nDeasúnach agus droch-Aimsir Go Leor sa gCabhán'