Údar mór díomá don Chonradh nár ceapadh Aire Gaeltachta le Gaeilge

Bhí sé i measc na n-éileamh réamhthoghcháin ag Conradh na Gaeilge go gceapfaí Aire sinsearach le Gaeilge a mbeadh gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta mar phríomhchúram air. Is í Heather Humphreys, Teachta Dála de chuid Fhine Gael do chontae an Chabháin, a ceapadh ina hAire Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta tráthnóna

23/3/2016. 1916 Celebrations Centenary
Heather Humphreys, an tAire Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta. Pictiúr tosaigh: Twitter/merrionstreet

Is údar díomá do Chonradh na Gaeilge gur cheap an Taoiseach Enda Kenny Aire sinsearach don Ghaeltacht nach bhfuil Gaeilge aici. Is í Heather Humphreys, Teachta Dála de chuid Fhine Gael do chontae an Chabháin, a ceapadh ina hAire Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta tráthnóna.

Bhí sé i measc na n-éileamh réamhthoghcháin ag Conradh na Gaeilge go gceapfaí Aire sinsearach le Gaeilge a mbeadh gnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta mar phríomhchúram air. Bhain go leor conspóide le cinneadh Enda Kenny Aire sinsearach agus Aire Stáit nach raibh Gaeilge ag ceachtar acu a cheapadh sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar a bhíodh, i mí Iúil 2014.  Is cinnte gur údar díomá a bheidh i gcinneadh an lae inniu do go leor eagraíochtaí teanga agus Gaeltachta.

“Tá sé díomách nár éist an Taoiseach leis an éileamh a d’aontaigh 80 eagraíocht teanga, go mbeadh Aire sinsearach le Gaeilge againn le dul i ngleic le cruachás na Gaeltachta agus na Gaeilge.

“Tá sé feicthe againn nach mbíonn a dhóthain cumhachta ag Aire Stáit. Tá sé an-díomách nach bhfuil Aire sinsearach againn arís, agus gach cosúlacht ar an scéal gur Aire Stáit a bheidh againn. Táimid ag súil anois go mbeidh Gaeilge ag an duine a cheapfar sa ról sin agus go mbeidh sé báúil don teanga agus tuiscint aige ar an nGaeltacht,” a dúirt Julian de Spáinn le Tuairisc.ie.

Dúirt sé freisin go mbeidh Conradh na Gaeilge ag lorg cruinniú leis an Aire nua Oideachais Richard Bruton le cúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais a phlé.

“Ní rabhamar riamh ag plé le Richard Bruton faoi chúrsaí oideachais, mar sin níl a fhios againn cén dearcadh atá aige i leith an oideachais Ghaeltachta, ceist an Ghaeloideachais agus i leith mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna Béarla.

“Beimid ag lorg cruinniú leis an Aire nua agus lena fhoireann leis na ceisteanna sin a phlé agus na moltaí atá ag an gConradh maidir leis an dara hábhar Gaeilge sa chóras meánscolaíochta, oiliúint na múinteoirí óga agus múineadh na Gaeilge trí chéile a phlé,” a dúirt de Spáinn.

“Tá sé díomách nár éist an Taoiseach le héilimh Chonradh na Gaeilge go mbeadh Aire sinsearach le Gaeilge a mbeadh freagracht na Gaeilge agus na Gaeltachta air,” a dúirt Julian de Spáinn le Tuairisc.ie.

Screen Shot 2016-05-06 at 19.51.23

Fág freagra ar 'Údar mór díomá don Chonradh nár ceapadh Aire Gaeltachta le Gaeilge'

  • Máirín Mhic Lochlainn

    Údar mór díomá do chuile Ghaeilgeoir nár ceapadh Aire Gaeltachta. Ach cé leis a bheithfeá ag súil, nach bhfuil fhios againn ar fad nach bhfuil meas á laghad ag Kenny ar an nGaeilge!

  • Fearn

    Ní hé seo an t-aon díomá a bhéas ar an Chonradh le linn an rialtais seo, chuirfinn geall air!

  • Gabriel Rosenstock

    Fán fada orthu!

  • Ruairi s. O'Donaill

    IS DEACAIR A CHREIDIUNT GO BHFUIL GLUAISEACHT NA GAEILGE IMITHE CO LAG SAN IS GUR FEIDIR LE O’CIONNAITH MASLA INDIAIDH MASLA A CHARNADH UIRTHI AGUS AR BHUNREACHT NA H-EIREANN CO MAITH (maidir le dualgas an rialtais I dtaobh na gaeilge) AN BHFUIL AOINNE AGAINNN TOILTEANACH SEASAMH SUAS AGUS DUSHLAN A THABHAIRT DO? IS LEIR GO BHFUIL IARRACHT LEANUNACH AR SIUL AG A RIALTAS DEIREADH AR FAD DO CHUR LEIS AN TEANGA ARSA SEO AGAINNE I NGACH GNE DE SHAOL NA TIRE!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Caithfear an cheist a chur faoi chumas an Chonradh i mbun stocaireachta. Theip go tubaisteach ar an bhfeachtas stocaireachta.Tá an cuma ar an scéal nár baineadh tada amach ach a mhalairt. Níl áit an leathphinghine féin ag ceist na Gaeilge/Gaeltachta sa gclár rialtais. Ciallaíonn sin nár éirigh le Conradh na Gaeilge dul i bhfeidhm in aon bhealach suntasach ar lucht polaitíochta ó Fhianna Fáil, Fine Gael ná ar na neamhspleáigh éagsúla a bhí páirteach sna cainteanna. Ar ndóigh d’aontaigh Sinn Féin leis na héilimh ach ní raibh Sinn Féin ag iarraidh a bheith páirteach in aon bhealach leis an bpróiséas fadálach a bhain le rialtas a chur le chéile.

    Bhí an Conradh ag iarraidh an iomarca nuair a iarradh Aire ag bord an rialtais gan aon chúram air/uirthi ach cúrsaí Gaeilge/Gaeltachta. In áit díriú ar na bpáirtithe ag an leibhéal ba airde, d’iarr siad geallúintí ó iarrthóirí. Toghadh neart Teachtaí Dála a ghlac leis na héilimh ach níor ghlac na páirtithe móra leis na héilimh. B’shin é an fhadhb.

    Bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956 mar Roinn as féin agus b’shin mar a bhí an scéal go dtí 1992, nuair a ceapadh Michael D. Higgins in a Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Ba mhaith an ceapachán é go polaitiúl ach im thuairimse agus chiallaigh sé go raibh duine láidir le fís ag bord an rialtais ag brú chun cinn bunú TnaG. Ach tháinig athrú ar structúr na Roinne. Ní raibh Roinn na Gaeltachta ann a thuilleadh, ach Roinn ina raibh meascán de churamaí éagsúla. Tá an meascán sin ag athrú ó shin le gach toghchán. Anois tá an Roinn freagrach as Forbairt Réigiúnda, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta agus aire i gceannas nár léirigh aon tuiscint ná spéise i gcúrsaí Gaeltachta le 5 bhliain anuas.

    Im thuairimse, in áit a bheith ag éileamh Aire Sinsearach Gaeltachta, b’fhearr a bheith ag éileamh Roinn as féin a bheith déanta de Roinn na Gaeltachta, lena Rúnaí Ginearálta féin agus Aire Stáit nach mbeidh aon chúraimí eile air/uirthi. Dá mbeadh Roinn Stáit éifeachtach againn dhéanfadh sé deifir mhór, agus Aire Stáit éifeachtach i gceannas air. B’fhearr liom Aire Stáit éifeachtach gan mórán Gaeilge seachas Aire Stáit le togha na Gaeilge ach gan fís ar bith, mar a bhí againn le Dinny Mc Ginley.

  • Ruairi s. O'Donaill

    CUIREANN DONNCHA O’h-EALAITHE CEIST FAOI STOCAIREACHT AN CHONRADH AGUS DEIREANN SE GUR “THEIP GO TUBAISTEACH AR AN BHFEACHTAS STOCAIREACHTA.”
    DA MNBEADH LEITHEID MAO TSE TUNG FEIN I MBUN STOCAIREACHTA INNIU AR SON NA GAEILGE DO THEIPFEADH SE!!! SIN MAR ATA MEON EIREANN NA LINNE SEO. TREAS NAISIUNTA ATA DEANTA AGUS ATA FOS LE DEANAMH AGUS GAN NAIRE AR BITH AG NA POILAITEOIRI ATA AG SEOLADH AN GHAEILGE AMACH ‘THAR CHALADH.’