PÓILÍN NÍ CHIARÁIN: Údar mímhuiníne é an luí le séanadh oifigiúil…

Thóg sé suas le leathbhliain ar Roinn Cosanta na Breataine a admháil gur léi an fomhuireán a chuir trálaer i mbaol

PÓILÍN NÍ CHIARÁIN: Údar mímhuiníne é an luí le séanadh oifigiúil…

Eachtra chontúirteach, scanrúil ab ea í. Bhí ceathrar ar bord nuair a chuaigh fomhuireán i bhfastó i líonta an trálaeir Karen cúig mhíle dhéag amach ón Ard Ghlais ar chósta an Dúin i mí Aibreán anuraidh. Scuabadh an Karen ar gcúl ar luas ard ar feadh tríocha soicind. Ba dhóbair don bád a dhul béal faoi.

Tubaiste a bheadh ann cinnte murach gur bhris téad cheangail an lín. Tháinig na fir slán ach rinneadh damáiste don trálaer. Níorbh iad an scipéir, Paul Murphy, agus a thriúr compánach amháin a scanraíodh ach pobal iascaigh dheisceart an Dúin ar fad; bíonn timpeall trí scór bád ón gceantar ag iascaireacht i Muir Éireann de ghnáth.

Bhí an criú cinnte gur fomhuireán a bhí freagrach as an timpiste. Ach shéan Roinn Cosanta na Breataine gur fomhuireán as an gCabhlach Ríoga a bhí ann. Is treise dúchas ná oiliuint sa roinn, is cosúil, nó tá rialacha dochta acu maidir le fomhuireáin agus báid iascaigh ach ní bhfuarthas d’fhreagra uathu ach diúltú as éadan do líomhaintí na n-iascairí. Bhí an séanadh chomh neamhbhalbh sin go raibh caint ar fhomhuireán Rúiseach a bheith ciontach.

Thóg sé go dtí Meán Fómhair ar an Roinn a admháil gur fomhuireán de chuid na Breataine a bhí ann agus leithscéal a ghabháil. Ansin féin, de réir na tuairisce ó chigirí, thóg sé i bhfad ar an roinn comhoibriú leis an scrúdú ar an eachtra. Rinneadh diancháineadh ar fhoireann an fhomhuireáin agus ar an Roinn san tuairisc ar an bhfiosrú oifigiúil.

Dúirt tuarascáil an bhrainse fiosraithe ar thimpistí mara go raibh pleanáil na foirne easnamhach, nár cloíodh le treoir-rialacha maidir le báid iascaigh agus go raibh luas rómhear faoin fomhuireán. Anuas air sin cáineadh an Roinn go géar.

Bhí an phleanáil easnamhach mar gur ghlac an fhoireann leis gur báid trádála ba mhó a bhí sa réigiún cé gur báid iascaigh is mó a bhíonn ann, eolas ba cheart a bheith acu. De réir na dtreoracha chun déileáil le báid iascaigh, ní hamháin gur cheart iad a sheachaint ach ba cheart éirí aníos chomh luath agus a dhéanfaí teagmháil le bád – níor deineadh ceachtar acu.

Ní raibh an soitheach sách domhain sa mhuir agus bhí sé ag gluaiseacht róthapa. Níor chuala an fhoireann fuaim an tsonóra a d’inseodh dóibh gur trálaer a bhí ann agus dúradar nach raibh a fhios acu faoin eachtra go ceann trí huaire an chloig ina diaidh. Chinn an chigireacht nár cluineadh an fógra nó gur baineadh míbhrí as. Cuireadh an fomhuireán féin, a oibríonn as Faslane in Albain i mbaol, dar leis an tuairisc.

Cháin na cigirí an Roinn Cosanta as an drogall a bhí uirthi comhoibriú leis an bhfiosrú. Níor dhearbhaigh sí gur léi an fomhuireán go ceann cúig mhí agus thóg sé deich mí uirthi fianaise a sholáthar don fhiosrú. Mhol an tuairisc don Chabhlach Ríoga oiliúint agus modhanna oibre a athscrúdú, chomh maith le fianaise a sholáthar gur fhoghlaim an tseirbhís ceachtanna. Dúirt an Príomh-Chigire Steve Clinch nach mór don Chabhlach féachaint chuige go gcomhlíonfar rialacha agus gur gá gníomhartha chun muinín a chothú i measc iascairí.

Is cinnte gur gá níos mó ná focail chun muinín a chothú. ‘Russian roulette’ a thug scipéir an Karen, Paul Murphy ar iompar fhoireann fhomhuireán an chabhlaigh a bhuail faoina bhád. Bheadh an timpiste scanrúil fiú dá mba í an chéad cheann dá leithéid í. Is scanrúla go mór fada é nuair a chuirtear san áireamh gur cailleadh ceathrar fear ón trálaer Antares in Albain sé bliana fichead ó shin in eachtra le fomhuireán. Dá dheasca sin, i 1990 cuireadh rialacha nua, oiliúint agus treoir do scothchleachtais i bhfeidhm chun báid iascaigh a sheachaint. Bhí ciall ceannaithe, má b’fhíor.

Scannal is ea é gur ligeadh dá leithéid tarlú an athuair agus gur séanadh freagrachta an chéad rud a bhí ar bhéal na Roinne. Ba cheart fáiltiú roimh thuairisc na gcigirí, is maith ann í. Ach níl inti ach tús. Ní mór don Roinn agus rialtas na Breataine plean sábháilteachta a leagan amach agus a fhoilsiú. Thairis sin, ní mór cur chuige a bhunú a chinnteoidh nach buntáiste ach a mhalairt a bheidh le baint as freagracht a shéanadh sa chás go dtarlaíonn tionóisc.

Fág freagra ar 'PÓILÍN NÍ CHIARÁIN: Údar mímhuiníne é an luí le séanadh oifigiúil…'