Údar dóchais an rath a bhí ar fhéilte spóirt is mara Dhoire

Agus comharthaí sóirt an chúlú eacnamaíochta ar fud Dhoire is dea-scéala an fógra go mbeidh fáil ag an gcathair ar scéim City Deal

Údar dóchais an rath a bhí ar fhéilte spóirt is mara Dhoire

Féile mhuirí deich lá i nDoire, suas le ceathrú milliún duine ar chéanna agus sráideanna na cathrach, spraoi agus spleodar; na himeachtaí ar fad, lá agus oíche saor ó thrioblóid. Níor gabhadh oiread is duine amháin; níor ghá é, a dúirt an PSNI. Áirítear gur thuill Doire ceithre mhilliún punt ón bhféile mhuirí.

Bhí imeacht dearfach eile ar siúl ag an am céanna, féile sacair don óige, an Foyle Cup. Mhair sé sé lá, ghlac 400 foireann páirt, imríodh 1,500 cluiche agus idir an dá fhéile bhí óstáin chomh fada ar shiúl le Cúil Raithin plódaithe.

Ba mhór idir sin agus aindlí an mhionlaigh i measc na n-óg ar Thaobh an Bhogaigh sna laethanta sular tháinig na báid chun calaidh isteach. Bhí na hógánaigh faoi anáil lucht foréigin i measc na n-easaontóirí poblachtacha agus chuir an móramh in iúl go soiléir nach raibh aon ghlacadh le drochiompar.

B’údar imní ag an bpobal é go gcuirfeadh an réabadh isteach ar an bhféile mhuirí, go mbeadh drogall ar chuairteoirí a theacht chun na cathrach leis na báid mhóra agus rás na gclipéar a fheiceáil ar fhaitíos círéibeacha. Níorbh aon iontas a n-imní. I gcathair ina bhfuil an ráta dífhostaíochta is airde i dTuaisceart Éireann tá tábhacht thar na bearta leis an turasóireacht.

Cúis ghearáin is ea é le fada go ndearnadh neamart ar fhorbairt eacnamaíochta Dhoire. Maíodh gur díríodh an chuid ba mhó den infheistíocht ón iasacht ar cheantair taobh thoir den Bhanna. Gheall Stormont agus na húdaráis forbartha tionscal a mhalairt ach ghoill infreastruchtúr easnamhach go mór ar Dhoire agus an Srath Bán.

Fuair siad léas beag dóchais ar an gCéadaoin áfach. Nuair a thug Seansailéir an Státchiste, Philip Hammond cuairt ar Dhoire d’fhógair sé go mbeadh fáil ag an gceantar ar scéim City Deal. D’éiligh Colum Eastwood an scéim sin dhá bhliain ó shin agus rinne Elisha McCallion, Sinn Féin stocaireacht lena haghaidh. B’údar mór díomá é i mí na Samhna seo caite nuair a d’fhógair Hammond ina bhuiséad go bhféadfadh Béal Feirste cur isteach ar City Deal gan aon tagairt do Chomhairle Dhoire agus an tSratha Báin.

Tugann City Deal cumhacht d’údaráis áitiúla chun freagracht a ghlacadh as forbairt infreastruchtúir chomh maith le hinfheisteoirí sa bhaile agus i gcéin a aimsiú. Chomh tábhachtach céanna, bíonn teacht acu ar airgead forbartha poiblí agus smacht áirithe ar conas a bhaintear leas as.

Níl sa bhfógra ach tús agus beidh ar Dhoire plean a chur le chéile a bheidh inghlactha ag rialtas na Breataine chun go scaoilfear an glas ar sparán na scéime. D’fháiltigh an Chomhairle áitiúil, Ollscoil Mhic Aoidh, calafort Dhoire agus na páirtithe polaitiúla ar fad roimh fhógra an tSeansailéara. Creideann siad gur seans atá ann borradh a chur faoin eacnamaíocht.

Tá idirbheartaíocht agus pleanáil ar siúl faoi scéim Bhéal Feirste. Tá os cionn aon mhíle sé chéad milliún punt [£1.6 billiún] d’infheistíocht déanta cheana ag Whitehall i margadh cathrach [City Deal] i nGlaschú na hAlban agus i dtuaisceart na Breataine Bige. Tá an scéim bunaithe freisin i Learpholl, Manchain, Bristol agus cathracha eile i Sasana.

Más mall an fógra do Dhoire is mithid. Ní áibhéil é a rá go bhfuil comharthaí sóirt an chúlú eacnamaíochta forleathan sa chathair. Comhlaí ar fhuinneoga agus ar dhoirse an tsiopa mhóir Austins sa chearnóg, an Diamond, Druideadh an siopa cáiliúil sin os cionn dhá bhliain ó shin. Siopaí carthanachta atá anois in ionaid ina mbíodh gnóthaí rathúla tráth.

Tá an t-aerfort ag coinneáil ag imeacht, ar éigean. Tá forbairt na hOllscoile á héileamh le leathchéad bliain, tráth ar buaileadh buille trom ar Dhoire nuair a tógadh Ollscoil Uladh i gCúil Raithin. Tá an fhorbairt sin geallta le deich mbliana agus súil ann anois go gcinnteoidh an City Deal go dtarlóidh sí. Tá rath ar chalafort Dhoire ach d’fhéadfaí i bhfad níos mó forbartha a dhéanamh air. Tá géarghá leis an tseirbhís iarnróid a uasghrádú. Tá drochbhail ar na bóithre chun na cathrach – gan iontu ach mionbhóithre agus gan amharc ar aon mhótarbhealach. Tá imní mhór faoi chiallachais an Bhreatimeachta don cheantar cois teorann, faitíos gur in olcas a ghabhfadh cúrsaí. Faoi láthair tá suas le leath na ndaoine gan obair, go leor acu dífhostaithe go fadtéarmach.

Tá bláthú mór ar thionscal na turasóireachta, an-tóir ar bhallaí ársa na cathrach agus freastalaíonn na mílte ar fhéilte ar nós cheiliúradh Oíche Shamhna, an fhéile mhuirí agus na comórtais sacair idirnáisiúnta. Tá óstáin úra oscailte. Ach ní leor an tionscal aonair sin chun obair a sholáthar don sciar ollmhór den phobal atá gan deiseanna, chun dóchas a mhúscailt sa todhchaí agus chun pobal bisiúil a chothú. Táthar ag súil le rath ón City Deal, tógfaidh sé tamall chun dlús a chur le tionscnaimh nua ach caithfear a bheith ag súil nach dtógfaidh sé rófhada.

Fág freagra ar 'Údar dóchais an rath a bhí ar fhéilte spóirt is mara Dhoire'