Uaireadóirí cliste agus bróga níos cliste fós…

Níor cheart go mbeadh feidhm an uaireadóra teoranta do chúrsaí ama amháin dar leis an dearthóir Michael Kors atá tar éis dul i bpáirt le Google leis an teicneolaíocht nua a nascadh le cúrsaí faisin

Nike

Tá ceangal nua bunaithe idir an dearthóir cáiliúil faisin Michael Kors agus an mórchomhlacht teicneolaíochta Google le táirge nua a sheoladh san Earrach seo romhainn – uaireadóir cliste atá lán den teicneolaíocht is nua-aimseartha ach a bhfuil dearadh faiseanta air freisin.

Ba mar dhearthóir málaí láimhe is mó a bhain Michael Kors cáil amach ar dtús sna hochtóidí ach tá éagsúlacht an-mhór sa liosta táirgí atá curtha ar an margadh ó shin aige. Bhí dul chun cinn suntasach déanta aige i ndearadh uaireadóirí traidisiúnta le roinnt blianta anuas agus ardéileamh orthu. Bhí cáil na galántachta ar na huaireadóirí céanna agus bhí obair cheirde den scoth iontu ó tharla gurbh é an comhlacht Fossil a bhí i mbun na déantúsaíochta.

Ach is cosúil go bhfuil meath áirithe ar dhíolaíocht uaireadóirí traidisiúnta ar fud an domhain le tamall anuas. Mar shampla amháin den chúlú sin, deir údaráis na hEilvéise, ceann de na tíortha is tábhachtaí i dtionscal na n-uaireadóirí, go raibh titim 8% ar dhíolaíocht a gcuid táirgí in Eanáir na bliana seo i gcomparáid leis an mí chéanna anuraidh. 

Luaitear an cúlú eacnamaíochta mar chúis amháin leis sin ach meastar baint a bheith ag forbairtí teicneolaíochta leis an scéal freisin. Tá daoine imithe i gcleachtadh ar an teicneolaíocht agus ar na meáin shóisialta agus feiceann siad nár cheart go mbeadh feidhm an uaireadóra teoranta do chúrsaí ama amháin.  Le seoladh an uaireadóra cliste ag Apple tamall ó shin ba léir go bhféadfaí sruth na meán sóisialta – Facebook, Twitter agus eile – a bheith ar iompar ar a rosta ag duine. Bheifí in ann téacsanna agus fiú ríomhphoist a fheiceáil ar an uaireadóir chomh maith le go leor eolais eile a aimsiú ansin.

Pic 2

Sin a spreag Michael Kors le dul i bpáirt le Google. “Why can’t tech accessories be chic and glamorous?” a cheistigh sé in agallamh amháin. ‘I’m in the business of making people’s lives easier through fashion,” a mhaígh sé.

Iarracht atá sna huaireadóirí cliste nua aige an teicneolaíocht is deireanaí a mheascadh lena stíl fhaiseanta féin agus é ag súil go mbeidh ardú ar líon na n-uaireadóirí a dhíolfar.

kor847001

Oibreoidh an t-uaireadóir cliste nua  le Android agus iPhone agus tá dhá rogha curtha ar fáil aige faoin mbranda  ‘Access’ – ceann dubh d’fhir agus ceann órga do mná – ar chostas thart ar €350. Tá luaidreáin ann go mbeidh rogha níos leithne stíleanna ar fáil go luath.

Is dócha faoin dtráth seo nár cheart dúinn mórán iontais a dhéanamh de cheangal a bheith á chruthú idir cúrsaí faisin agus an teicneolaíocht nua-aimseartha agus ní féidir a rá go bhfuil aon cheannródaíocht ag baint le huaireadóirí cliste Michael Kors; ceist stíle seachas forbairt mhór teicneolaíochta atá iontu. 

Ach tá táirge faisin eile le seoladh go luath gur ábhar iontais é amach ‘s amach – bróga reatha ó Nike a cheanglaíonn iad féin a luaithe agus a shánn tú do chosa isteach iontu. Tá braiteoir leictreonach beag sa mbróg agus a luaithe agus a bhrúnn tú é fáisceann sé an bhróg go compordach ort! 

Sea, tá an ‘self-lacing sneaker’ ar a bhealach chuig siopa spóirt in aice leat.

Ní bheidh tú ar ceann an rása i saol an fhaisin go mbeidh bróga seo na teicneolaíochta ó Nike ar do chosa agat agus uaireadóir cliste Michael Kors ar chúl do láimhe ag seoladh teachtaireachtaí chugat faoi líon na gcoiscéimeanna atá tógtha agat!

Uaireadóir cliste agus bróga níos cliste fós má tá neart airgid le caitheamh nó, b’fhéidir, le cur amú agat.

Fág freagra ar 'Uaireadóirí cliste agus bróga níos cliste fós…'