‘Tús dearfach le próiseas fadtéarmach’ atá i reachtaíocht teanga nuafhoilsithe – Seán Kyne

Foilsíodh inniu an bille teanga atá geallta le fada agus arb é a phríomhchuspóir ná Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ‘a leasú d’fhonn soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú’

‘Tús dearfach le próiseas fadtéarmach’ atá i reachtaíocht teanga nuafhoilsithe – Seán Kyne

Foilsíodh inniu an bille atá geallta le fada agus arb é a phríomhchuspóir ná Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 “a leasú d’fhonn soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú”.

Faoin mbille, bunófar coiste comhairleach reachtúil nua a cheapfaidh plean náisiúnta do sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge, plean arb é an mórchuspóir a bheidh leis go mbeadh Gaeilge ag 20% ar a laghad d’fhostaithe na státseirbhíse uair éigin amach anseo, nó ‘a luaithe is indéanta’.

Liostóidh an coiste cad iad, dar leo, na seirbhísí ba chóir a bheith ar fáil i nGaeilge agus nach bhfuil agus molfaidh siad straitéisí a d’fhéadfadh comhlachtaí poiblí a úsáid chun seirbhísí Gaeilge a sholáthar.

Cuirfidh an coiste comhairle ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir le líon, grád agus líofacht na mball foirne a theastódh uathu. Deirtear gurb é an cuspóir a bheidh ag an gcoiste ná cur le líon na seirbhísí a chuirtear ar fáil i nGaeilge agus go mbeidh “aird” go háirithe acu ar an nGaeltacht san obair sin.

Deirtear sa bhille chomh maith go dtabharfar isteach córas nua bunaithe ar chaighdeáin in áit chóras na scéimeanna teanga, an córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta. Leagtar síos sna scéimeanna teanga na seirbhísí a bhfuil dualgas ar na comhlachtaí poiblí iad a chur ar fáil i nGaeilge.

An easpa spriocama i dtaobh mhórchuspóir earcaíochta 20% an bhille is mó atá ag cothú cainte ó dheimhnigh Seán Kyne an tseachtain seo nach mbeadh a leithéid ann.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne gur “tús dearfach” le “próiseas fadtéarmach” a bhí sa bhille agus gur “ré nua don Ghaeilge é freisin”.

“Beifear in ann an Ghaeilge a neartú trí earcaíocht sa Státchóras agus, dar ndóigh, tríd na Caighdeáin a thabhairt isteach.

“Is uirlis dúinn sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faonar féidir linn a bheith ag obair lenár gcuid comhghleacaithe trasna an Státchórais le feabhas a chur ar sheirbhísí Gaeilge go forleathan ann.

“Tugann an ollsprioc de 20% atá sonraithe sa Bhille teachtaireacht láidir d’éinne a bhfuil suim acu oibriú trí mheán na Gaeilge agus a bhfuil cumas maith acu sa teanga go bhfuil deiseanna fostaíochta ann dóibh sa Státchóras.”

Fág freagra ar '‘Tús dearfach le próiseas fadtéarmach’ atá i reachtaíocht teanga nuafhoilsithe – Seán Kyne'