Tús á chur ag Ciara Ní É agus ‘Mothertongues’ le Féile Cúirt 2020

Cuirfear tús inniu leis an bhféile idirnáisiúnta litríochta Cúirt 2020 agus í ar siúl ar líne i mbliana

Tús á chur ag Ciara Ní É agus ‘Mothertongues’ le Féile Cúirt 2020

Ciara Ní É

Is le Mothertongues – imeacht ag a mbeidh na filí Ciara Ní É, Ifor ap Glyn agus Pàdraig MacAoidh ag léamh a gcuid filíochta i nGaeilge, i mBreatnais agus i nGaeilge na hAlban beo ar an idirlíon – a chuirfear tús leis an bhféile idirnáisiúnta litríochta Cúirt 2020 inniu.

Tá clár imeachtaí Cúirt leasaithe i mbliana mar gheall ar ghéarchéim an choróinvíris agus is i bhfoirm dhigiteach – ag úsáid sruthú beo nó podchraoltaí – a bheas na himeachtaí sin á gcur i láthair.

Baile Átha Cliathach í Ciara Ní É a tógadh le Béarla agus deir sí gur chabhraigh tréimhsí a chaith sí i gColáiste Chamuis, i nGaeltacht Chonamara, le grá don Ghaeilge a mhúscailt inti. Tá céim mháistir bainte amach aici i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Reáchtálann sí REIC, ócáid dhátheangach san ardchathair ag a gcuirtear filíocht, scéalta, ceol agus rap i láthair.

Ceapadh í ar dhuine d’ambasadóirí Áras na Scríbhneoírí i mBaile Átha Cliath anuraidh agus tá sí ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) don bhliain 2020.

Tógadh Ifor ap Glyn i Londain Shasana, áit a raibh a mhuintir ina gcónaí ó na 1880idí. Chaitheadh sé an samhradh le seantuistí leis sa mBreatain Bheag agus ba ann a bhíodh deis aige an Bhreatnais a chleachtadh.

Tá cúig chnuasach filíochta sa mBreatnais foilsithe aige agus bhain sé amach an Choróin ag an Eisteddfod faoi dhó. Ceapadh é mar Fhile Náisiúnta na Breataine Bige (Bardd Cenedlaethol Cymru) sa bhliain 2016.

Is láithreoir teilifíse é, chomh maith, agus tá sé ar dhuine de bhunaitheoirí na cuideachta teilifíse Cwmni Da. (“Edrych ymlaen at gymryd rhan mewn digwyddiad digidol yng Ngwyl Cúirt,” a dúirt sé ar Twitter agus é ag súil go mór le bheith páirteach i gCúirt 2020.)

Is scríbhneoir, scoláire agus craoltóir é Pàdraig MacAoidh a tógadh le Gaeilge na hAlban ar Eilean Leòdhais. Tá tréimhsí caite aige ag teagasc in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, i gColáiste na Trionóide i mBaile Átha Cliath agus sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus an t-Eilean Sgiathanach. (“Air mo dhòigh a bhith a’ ghabhail pàirt ann,” atá ráite aige ar Twitter faoi bheith ag léamh ag Cúirt.)

‘Sí Lleucu Siencyn, príomoifigeach feidhmiúcháin na heagraíochta Litríocht na Breataine Bige (Llenyddiaeth Cymru) a chuirfidh an imeacht i láthair agus beidh deis ag an lucht féachana ceisteanna a chur ag deireadh an tseisiúin. Tá an imeacht á reáchtáil i gcomhar le Comhairle na Breataine, Rialtas na Breataine Bige agus Litríocht na Breataine Bige.

Óna1 go dtí a 2 a chlog san iarnóin ar an Déardaoin beag seo a bheas an imeacht Mothertongues á srúthú beo agus cuirfear fotheidil i mBéarla ar fáil le linn do na filí bheith ag léamh a saothar.

Ar feadh trí lá, ó Dhéardaoin na seachtaine seo go dtí an Satharn, a bheas Cúirt 2020 ar siúl agus 11 imeacht uilig a bheas ar bun le linn na féile. Beagnach 50 imeacht a bhí ar chlár na n-imeachtaí don fhéile nuair a fógraíodh é i dtús aimsire mí Feabhra seo caite agus bhí cúig lá i gceist.

Ar na scríbhneoirí Gaeilge eile a bhí ar an gclár sular cuireadh na srianta i bhfeidhm mar gheall ar COVID-19, bhí Bridget Bhreathnach, Gemma Bhreathnach, Ogie Ó Céilleachair agus Darach Ó Scolaí.

Beidh triúr scríbhneoirí as contae na Gaillimhe – Elaine Feeney, Mary Costello agus Lisa McInerney – ag léamh ag an bhféile dhigiteach, chomh maith le Alan McMonagle, atá ag cur faoi i nGaillimh, agus an file Michael Gorman, a bhfuil cónaí air i mBearna le blianta fada.

Ina teannta sin, beidh Kevin Barry, Sara Baume, Jan Carson, Rob Doyle, Anne Enright, Sinéad Gleeson, Róisín Kelly, agus Eimear McBride páirteach sa bhféile.

Maidir le scríbhneoirí thar sáile, beidh seisiún leis na filí Kei Miller, as Iamáice, agus Carolyn Forché, as Stáit Aontaithe Mheiriceá, á shruthú beo agus beidh beirt fhilí ón Nigéir – Melatu-Uche Okorie agus Owodunni Mustapha – a bhfuil cónaí orthu sa tír seo le cloisteáil ar phodchraoladh.

Tá imeachtaí uilig na féile ar fáil saor in aisce, ach tá deis ann síneadh láimhe a thabhairt más mian. Is gá clárú do na himeachtaí éagsúla agus is féidir sin a dhéanamh ar an suíomh www.cuirt.ie, áit a bhfuil chuile eolais faoin bhféile ar fáil.

Fág freagra ar 'Tús á chur ag Ciara Ní É agus ‘Mothertongues’ le Féile Cúirt 2020'

  • Páraic Seosamh Ó Conghaile

    A chara, ba mhór againn d’aiseolas ar an seó. Mar thuismitheoirí atá ag iarraidh leanaí a thógáil trí Ghaeilge i measc aite nach Gaeltachta iad, is mór an cúnamh an seó seo. Ba iontach an rud é go bhfeicfeadh ár bpáistí comhpháiste a bhí i láthair ar an seó mar chuir sé ina luí orthu go raibh siad ag meascadh arís le páiste ranga. Is iad seo na rudaí a chailleann siad i ndáiríre agus ní fhéadfaidís fanacht lena thurgnamh a dhéanamh le gallúnach agus piobar. Tá ciall le do mholadh mar go mbeadh sé thar cionn dá bhfeicfí an láithreoir ar bhonn seachtainiúil mar thabharfadh sé normáltacht ar ais agus spleodar dos na páistí. An mbeidh mír seachtanúil leis i gceist? Páraic & Rita