TURAS TOGHCHÁIN: Sainmhíniú Uí Thuathaigh, ceacht staire Uí Chuív, agus ‘Gaeilge ag cách’?

Sa cholún toghcháin seo caitear súil go heasurramach ar imeachtaí Olltoghchán 2016…

TURAS TOGHCHÁIN: Sainmhíniú Uí Thuathaigh, ceacht staire Uí Chuív, agus ‘Gaeilge ag cách’?
Ed37-GearoidHolder
An staraí Gearóid Ó Tuathaigh

Sainmhíniú Uí Thuathaigh ar an spás fioscach…

Bhí Páidí Ó Lionáird ag tuar ar Vóta 2016 ar TG4 an oíche eile go bhfeicfí scríofa áit éigin go fóill an sainmhíniú a thug an staraí Gearóid Ó Tuathaigh dó ar cad is ‘fiscal space’ ann. Bhí an ceart ar fad ag fear TG4.  ‘Airgead sa mhodh coinníollach’ a thug an staraí léannta ar an spás fioscach.

Éamon Ó Cuív agus an stair

Oliver Cromwell le Samuel_Cooper-1Chuaigh Éamon Ó Cuív an-dian le déanaí ar lucht déanta na sraithe Rebellion ar RTÉ agus é den tuairim, mar a bhí mórán eile, gur mhó de dhrámaíocht ná den stair a bhí ar bun sa dráma staire. Cúis náire do RTÉ a bhí ann, dar leis an Teachta Dála, garmhac de Valera.

Ach féach nach aon nath é ag Ó Cuív casadh drámatúil a bhaint as an stair chun a phointe féin a chur trasna.

Seo an cheannlíne a bhí ar phreasráiteas a chaith an t-Iar Aire Gaeltachta i measc na gcos le déanaí é:

Labour channel Cromwell with flawed rural Ireland plan’ – Ó Cuív’

Thar fóir? Místairiúil? Ródhian ar Chromail bocht?

Amhrán an lae…

Ba dhóigh le duine gur ag trácht ar Thoghchán 2016 atá an Bonzo Dog Band sa singil seo a tháinig ar an saol thiar i 1992…

Manaí Gaeilge

Is cosúil go bhfuil leaganacha Gaeilge ag formhór na bpáirtithe polaitíochta dá bpríomhmhanaí toghcháin, cé nach bhfacamar fós leagan Gaeilge de mhana Pháirtí an Lucht Oibre, ‘Standing Up for Ireland’s Future’.

Ach tá páirtithe eile níos fearr ná a chéile agus aird á tabhairt acu ar a manaí Gaeilge. Is iad Fianna Fáil (Éire do Chách) agus Sinn Féin (Níos fearr le Sinn Féin) an t-aon dá pháirtí a dhéanann slí don teanga ag a bpríomhimeachtaí do na meáin. 

TURAS TOGHCHAIN1Ceisteanna teanga agus TG4

Táimid fós ag iarraidh teacht ar eolas breise faoi mhórdhíospóireacht toghcháin TG4. An mbeidh ról ag Joan Burton, a thug le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil dóthain Gaeilge aici chun agallamh beo a dhéanamh? Agus mura mbíonn cén leigheas a bheidh ar an scéal? Tá súil againn nach dtabharfaidh cleas Bhaile na hAbhann an freagra céanna ar an gceist sin is a thug siad ar cheist teanga eile a cuireadh orthu ar na meáin shóisialta an lá eile.

Fág freagra ar 'TURAS TOGHCHÁIN: Sainmhíniú Uí Thuathaigh, ceacht staire Uí Chuív, agus ‘Gaeilge ag cách’?'