Tugann an ECB neamhaird ar leas an phobail – agus glacann muid leis

Má chloíonn muid le polasaithe an ECB, beidh tuilleadh den chéasadh i ndán don ghnáthdhuine

Tugann an ECB neamhaird ar leas an phobail – agus glacann muid leis

Bhí díomá ar na mílte gan dabht nuair a d’fhógair Banc Ceannais na hEorpa (ECB) ardú eile ar rátaí úis, an naoú ceann as a chéile le bliain anuas. Agus an ráta anois ag 4.25%, meastar go gcuireann na harduithe sin costas breise de €225 sa mhí ar mhorgáiste €200,000.

Cheana féin tá daoine céasta ag costas breosla, leasú talún agus bia.

Drochscéal eile é seo dóibh siúd nach féidir leo morgáiste ar bith a fháil, mar feictear anois go bhfuil an cnoc atá le dreapadh níos airde ná riamh.

Drochscéal é freisin dóibh siúd a bhfuil morgáiste acu, mar beidh a lán nach mbeidh in ann an costas breise a sheasamh, is iad i mbaol a dteach a chailliúint.

Agus drochscéal freisin é dóibh siúd atá gafa i margadh príobháideach an chíosa, dream a fheicfidh tuilleadh arduithe ar an gcíos.

Deir an ECB go bhfuil sé tábhachtach na harduithe seo a thabhairt isteach ar mhaithe le boilsciú a shrianadh. Tá ráta boilscithe 5.5% i limistéar an euro faoi láthair, titim bheag ó fhigiúr na míosa seo caite, ach tá sprioc ag an ECB boilsciú 2% a bhaint amach, is tá gach cosúlacht ar chúrsaí mar sin go bhfuil tuilleadh arduithe úis ar na bacáin.

Tá an argóint seo bunaithe ar theoiric lucht an rachmais go mbíonn boilsciú ann nuair a bhíonn an iomarca airgid á chaitheamh ar earraí atá sách gann. Ach ní mar sin an scéal san Eoraip faoi láthair.

Tá boilsciú ann go háirithe mar gheall ar arduithe móra ar chostas breosla is bia.

Mar sin má tá an ECB dáiríre faoi bhoilsciú a shrianadh, ba chóir dóibh iarracht a dhéanamh stop a chur leis an gcogadh, na smachtbhannaí a chur ar ceal agus an Eoraip a shábháil ón anachain.

Sa chomhthéacs sin is cóir an cheist a chur cá dtéann an t-airgead breise a bhíonn le híoc ag lucht íoctha morgáistí?

Ar ndóigh, téann sé go dtí na bancanna.

Ní nach ionadh mar sin gur fhógair Banc na hÉireann go bhfuil a gcuid brabúis ardaithe 138% sna sé mhí ó thús na bliana, sé sin os cionn billiúin nó aon mhíle milliún euro. Níor dhein Banc-Aontas Éireann (AIB) chomh maith céanna, ach bhí a gcuid brabús 79% in airde.

Sé sin le rá go mbíonn ar an ngnáthdhuine níos mó airgid a chaitheamh ar mhaithe le brabús na mbancanna a fheabhsú.

Is céard atá an rialtas a dhéanamh faoi? Go fírinneach tá siad ina suí ar an gclaí ag breathnú ar chúrsaí agus gan tionchar ar bith acu ar an scéal.

Ar ndóigh, ó chuaigh muid isteach san euro níl aon ghuth againne sna cúrsaí seo. Is chun leas lucht rachmais na hEorpa a thógtar na cinntí, ní chun leas an ghnáthdhuine in Éirinn.

Ach is scairshealbhóir mór san AIB an stát i gcónaí. Tuige nach bhfuil rátaí coigiltis ag dul in airde ag an luas céanna? Sea, tá na bainc ag rá anois go mbeidh arduithe coigiltis ann, ach i ndáiríre níl aon leithscéal don mhoill.

Ag deireadh thiar ceapann an rialtas go bhfuil siad ann ar mhaithe leis an gcóras a choinneáil ag dul. Bíonn leas an phobail sa dara háit.

Ní mar sin is cóir cúrsaí a bheith. Ní mór an cur chuige a athrú, agus má chiallaíonn sé sin go rachaidh muid i gcoinne rialacha an Aontais Eorpaigh sin mar is cóir é a dhéanamh.

Má chloíonn muid le polasaithe an ECB, beidh tuilleadh den chéasadh i ndán don ghnáthdhuine. Fanfaidh muide bocht agus beidh lucht an rachmais ag éirí níos saibhre in aghaidh an lae.

Ní gá gurbh amhlaidh a bheadh, agus sin é an pointe. Ní dhéanfaidh na harduithe atá fógartha ach fíorbheagán le srian a chur ar an mboilsciú.

Sa gcomhthéacs sin ceapaim go bhfuil sé scannalach go bhfuil an rialtas sásta luí siar is ligean dóibh.

Sea, agus is é an rud is amaidí faoi ná go bhfuil an rialtas ag caint faoi airgead breise a chur ar fail sa gcáinaisnéis don phobal le cabhrú leis an ardchostas maireachtála.

Nach léiríonn an chaint sin gur seafóideach an mhaise é ag an ECB airgead a bhaint amach as an eacnamaíocht an fhad is atá an rialtas á chur ar ais?

Tá polasaí úis ag teastáil a d’oirfeadh d’fhíorstaid na heacnamaíochta, a chuirfidh leas an phobail sa gcéad áit is a dhéanfaidh iarracht réiteach a fháil ar bunchúis an bhoilscithe, sé sin an cogadh san Úcráin.

Fág freagra ar 'Tugann an ECB neamhaird ar leas an phobail – agus glacann muid leis'

  • jpmorley0@gmail.com

    An fhírinne lom ansin agat a cholúnaí. Rachmasóirí ag ramhrú ar an gcoismhuintir agus polaiteoirí na tíre ag lútáil na gcos acu. Speilp orthu féin i gcónaí dar ndó’. An dream thall agus abhus chomh mór lena chéile is a bheadh seanbhó le coca féir. Níl aon ghus ná aon chnámh droma iontu…cuimhním ar Trichet agus an bhagairt nimhneach, choiriúil a rinne sé ar mhuintir na hÉireann faoin mbuama eacnamaíoch a shéidfeadh sé i mBÁC. Tamall gearr ina dhiaidh sin chonaiceamar na maithe móra thall sa Bhruiséal ag breith barróige ar Enda ‘lách’ Kenny. ‘Thógamar buille ar son na cúise…mar mhaithe leis an bhfoireann.’ Níor stop na buillí ó shin. Is é an fíon searbh céanna i gcónaí é ach é bheith curtha i mbuidéil nua.