Tubaiste é fáil réidh leis an stair ar scoil mar ní cuid roghnach dár saol í

De réir mar a laghdóidh an t-éileamh ar an stair mar ábhar roghnach, stopfaidh scoileanna á cur ar fáil do dhaltaí

Tubaiste é fáil réidh leis an stair ar scoil mar ní cuid roghnach dár saol í

Agus scoileanna na tíre á n-oscailt an tseachtain seo, den chéad uair ní bheidh ar dhaltaí na sraithe sóisearaí sna hiarbhunscoileanna staidéar a dhéanamh ar an stair. Beidh sí mar ábhar roghnach. Caithfear an cheist a chur cén fáth go ndéanfaí cinneadh chomh tubaisteach faoi chóras oideachais ar bith. Gan tuiscint a bheith againn ar ár stair, níl aon tuiscint againn orainn féin.

Tá a fhios agam ó bheith ag caint le comhghleacaithe, cairde agus comharsana go bhfuil an cheist seo ina cnámh spairne in go leor teaghlach faoi láthair agus déagóirí ag tabhairt faoin scoilbhliain nua.

Feictear do na déagóirí óga go bhfuil an stair leadránach. Ní róthógtha a bhí siad leis an méid a chonaic siad di sa bhunscoil. B’fhearr leo líníocht, ábhar gnó nó ábhar eolaíochta a thriail den chéad uair. Cé a thabharfadh milleán don duine óg a dteastaíonn uaidh blaiseadh de rudaí nua an tsaoil? An áit a bhfuil an buille go dtuigfidh sé nó sí, b’fhéidir, ar ball go bhfuil baint ag an stair leis an uile rud agus an uile ní.

Gan aon chomhthéacs stairiúil a bheith ag duine is beag tuiscint a bhíonn aige ar eachtraí an lae inniu. Cén chaoi go gcuidíonn tú le duine óg atá ag tabhairt faoin saol é sin a thuiscint agus iad a mhealladh le tabhairt faoin stair?

Tá an tsolúbthacht lárnach sa chinneadh ábhar roghnach a dhéanamh den stair, a deirtear linn. Beidh deis ag chuile dhalta gur mian leo an stair a dhéanamh. Faraor, ní mar sin a tharlóidh. De réir mar a laghdaíonn éileamh ar an ábhar, stopfaidh scoileanna á cur ar fáil do dhaltaí, go háirithe i gceantair tuaithe nach mbíonn an rogha chéanna scoileanna ar fáil iontu. Go bunúsach, ní bheidh fáil ag daltaí ar an stair.

Tá an stair mar ábhar roghnach i Sasana agus déanann faoi bhun 44% de scoláirí staidéar uirthi. Ón teilifís agus ó na meáin shóisialta a fhaigheann daoine pé léargas atá acu anois ar an stair.

Ar eagrán de dhráma teilifíse faoi shaol na banríona Victoria a fuair sciar mór de phobal na Breataine amach anuraidh mar gheall ar Ghorta Mór na hÉireann. Léirigh staidéar i Meiriceá le gairid nach raibh ach 20% de chéimithe ollscoile ar an eolas faoi óráid Gettysburg an Uachtaráin Lincoln.

Meas tú dá mbeadh léargas níos fearr ag daoine sa mBreatain agus sna Stáit Aontaithe ar an stair an mbeadh an dá thír sáinnithe anois i bpraiseach pholaitiúil a chruthaigh siad féin.

Níor thaitin an stair mórán liom féin ag an scoil. Aistí móra fada bunaithe ar fhíricí agus dátaí a bhíodh le déanamh le linn an scrúdaithe. Aistí a d’fhoghlaim daoine de ghlanmheabhair go minic. Tógadh mise i dteach ina raibh chuile lá agus chuile rud ina rang staire. Agus tá súil agam bronntanas na staire a thabhairt don chéad ghlúin eile. Go dtuigfidh siad gur sraith scéalta agus eachtraí spéisiúla a bhfuil ceacht le foghlaim uathu í an stair agus go dtugann sí cúlra agus comhthéacs do gach ní.

Ní rud roghnach inár saol an stair. Is cuid dínn í agus is aisti a fáisceadh muid. Ba chóir go mbeadh páistí na tíre á foghlaim. Is boichte a bheidh muid d’uireasa na staire i scoileanna na tíre.

Clár-Reachtaire le RTE Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar 'Tubaiste é fáil réidh leis an stair ar scoil mar ní cuid roghnach dár saol í'

  • Caoimhín

    Aontaím go huile is go hiomlán leat. “Magistra Vitae” mar a dúirt Cicero.

  • An Teanga Bheo

    “A nation without the knowledge of it past has no future” ??????? E Childers

  • Padraic

    Ar ndóigh, ní raibh aon cheangal ar chuid mhaith scoileanna iar- bhunoideachais staidéar a dhéanamh ar an stair le blianta fada. Bhí an rogha sin ag scoileanna agus coláistí gairmoideachais agus ag scoileanna cuimsitheacha agus pobail chomh maith.

  • Seán Mac Bhriain

    Ní raibh stair mar ábhar in chuile scoil dara leibhéal sna 1990idí. Bhí stair na hÉireann ón réamhstair go dtí bunú an Stáit foghlamtha againn sa bhunscoil. Anuas air sin bhí bunús an dá Chogaidh múinte dúinn (1914-18 & 1938-45). Amhdóid nár fhoghlaim mé faoin Reifeirméisean ná faoin Reinéasáns nó go ndeachaigh mé ar coláiste.

  • Emer

    Tubaist cinnte. Aontaím go hiomlan leis na tuairimí san alt. Nior ghá is go mbeadh an t-abhar leadránach. De ghnáth dúirt mé le daltaí go bhfoghlamódh siad stair chun go dtúigfidís conas ar bhaineamar amach an pointe seo ina bhfuilimid. Bhíodh siad sásta leis an eolas, de réir mo chuid chuímní orthu. Abhar lárnach mar an stair, níor cheart go mbeadh sé roghnach.

  • Pádraig O Muircheartaigh

    Tá an cinneadh chun deireadh a chur le héigeantacht na staire sna scoileanna lofa agus frithghaelach.Ní chuireann sé iontas orm mar le blianta beaga anuas tá an dream lofa i nDáil Eireann ag déanamh a seacht ndíchill chun stair na Tíre a scrios agus súil acu go ndéanfadh na páistí scoile dearmad ar ár Stair.Tá na húdaráis ag iarraidh an tírghrá a mhúchadh i spriod na saoránach óg

  • Cathleen Ní Chonghaile

    Is fíor. Teastóidh cláir maithe staire chuile lá feasta ar Raidió na Gaeltachta len bhearna mór seo san oideachas a líonadh.