‘Cén fáth a gceapfaí go bhfanfaimis beo mar phobal Gaeilge nuair a fuair an chuid eile bás?’

Labhair muid le muintir na Gaeltachta ó cheann ceann na tíre faoin stáidéar nua Gaeltachta inar maíodh nach bhfuil fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail ach 10 mbliana

‘Cén fáth a gceapfaí go bhfanfaimis beo mar phobal Gaeilge nuair a fuair an chuid eile bás?’
giollagain
Conchúr Ó Giollagáin

Is iomaí tuairim a nochtadh ar an teilifís, an raidió agus sna meáin shóisialta faoin nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch a thuar go mbeadh an Ghaeilge básaithe mar theanga phobail sa Ghaeltacht faoi cheann 10 mbliana.

Go deimhin, thug Donncha Ó hÉallaithe dúshlán na tuarascála ar Tuairisc.ie an tseachtain seo caite agus tá freagra tugtha ar an dúshlán sin ag an Dr Conchúr Ó Giollagáin, duine d’údair an Nuashonrú, ó shin.

Ní fheictear do chuile dhuine ar labhair Tuairisc.ie leo don alt seo gurb é an bás atá i ndán dá dteanga cé go n-aithnítear go bhfuil géarchéim ann agus go gcaithfear gníomhú láithreach lena stopadh. Tá cuid mhaith dóchais le brath i measc mhuintir na Gaeltachta mar sin féin faoina bhfuil i ndán don Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Bhí gach uile dhuine den tuairim gur mór an t-athrú a bhí tagtha ar an nGaeltacht – ón uair a bhíodar féin óg agus fiú  le cúpla bliain anuas. Athrú chun donais óna n-óige féin a bhí i gceist ag gach duine ar labhair muid leo seachas an scríbhneoir aitheanta Joe Steve Ó Neachtain, a dúirt go bhfuil an Spidéal – atá cúpla míle soir óna theach in Indreabhán – níos Gaelaí anois ná mar a bhí nuair a bhí sé ag fás aníos sna 1940idí agus 1950idí.

Joe Steve Ó Neachtain, Cois Fharraige
Joe Steve Ó Neachtain, Cois Fharraige

“Chaithfinn a rá i bhfabhar an Spidéil, ag an am a bhí mise i mo ghasúr, beagnach Béarla uilig a bhí i mbaile beag an Spidéil. Níl a fhios agam an labhrófaí aon Ghaeilge leat in aon siopa ar an Spidéal ag an tráth sin, agus is aisteach go leor an feabhas a chloisfeá inniu; bheadh tú in ann a dhul isteach chuig siopa ar bith ar an Spidéal anois agus an Ghaeilge a chloisteáil,” a dúirt Ó Neachtain.

Aithníonn an scríbhneoir, áfach, meath na teanga timpeall air chomh maith.

“Ní shin le rá go bhfuil sé Gaelach amach is amach, is ní bheidh, ach ar an láimh eile ar an mbaile a bhfuil mise i mo chónaí ann diabhal duine de mhuintir a’ bhaile a labhródh Béarla liom agus ní thugaim faoi deara é [meath na teanga] ar an gcaoi sin. Ach tugaim faoi deara é, sna meánscoilteacha, tugaim faoi deara ansin é. Níl an Ghaeilge ‘cool’ níos mó mar a déarfá. Agus le fírinne níl is agam cén bealach len é a chasadh thart. Mara féidir an meon a athrú, níl sé ‘gabháil ag athrú.”

Dar le Caoilfhionn Nic Mhurchadha as Gaeltacht na nDéise nach mbíonn daoine “chomh náirithe a thuilleadh as a bheith ag labhairt Gaelainne is a bhíodh”. Tá Gaeltacht Phort Láirge i gCatagóir B i gcónaí sa nuashonrú a rinneadh ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, cé go raibh méadú ar líon na gcainteoirí laethúla sa cheantar. Deir Nic Mhurchadha go bhfuil an grád sin ‘féaráilte’ ach go bhfuil an Ghaeilge láidir mar theanga phobail sa cheantar agus go bhfuil sí ag fás “an t-am ar fad i dtreo a bheith ina chatagóir A lá éigin”.

“Is dul i bhfeabhas a chímse an scéal. Tá beirt bhuachaillí agamsa agus is Gaelainn ar fad a labhraíonn siad le chéile; ní labhraídís focal Béarla riamh ach amháin má tá siad ag imirt cluiche Meiriceánach éigin. Ach idir iad féin agus a gcairde, tá siad i bhfad níos fearr ná mar a bhí mé féin agus mo chairde nuair a bhíos níos óige.

“Is clann bhocht a bhí ionainne agus gach clann le Gaelainn ar fad agus is cuimhin liom go raibh beagáinín náire ar dhaoine gurbh iad na daoine bochta a labhraíodh an Ghaelainn. Ach anois níl an dealramh sin air a thuilleadh,” a dúirt sí.

Leag Dáithí de Mórdha as Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne, ceann de cheithre cheantar i gCúige Mumhan ar ar bronnadh stádas na catagóire A, béim ar thábhacht na hóige i dtarrtháil na teanga as Ghaeltacht freisin. Tá sé deacair, a deir de Mórdha, nuair atáthar ag déanamh iarrachta leanaí a thógáil le Gaelainn agus cloistear faoi thuarascáil a deir ‘Tá an Ghaeltacht ag fáil bháis’.

Dáithí de Mórdha, Dún Chaoin.
Dáithí de Mórdha, Dún Chaoin.

“‘Cad is fiú é?’ a deir tú leat féin,” a dúirt sé.

“Tá na scéalta seo á gclos ó dheireadh an Ghorta. Níl ach cúpla céad duine anso i nDún Chaoin. Tá fíorbheagán seandaoine thart agus ana-chuid daoine óga. Mar sin tá an pobal slán go maith anso. Déantar scéal chailleach an uafáis de seo i gcónaí agus ní dhéantar aon mhionscagadh ar an bhfírinne atá ann. ‘Soundbite’ maith is ea ‘tá an Ghaeltacht ag fáil bháis’.

“Baineann ceist na teanga le ceiste na tuaithe. Tá sé ana-dheacair maireachtaint sa Ghaeltacht. Caithfimídne taisteal ceithre mhíle le bainne a cheannach. An ATM is giorra dúinn, tá sé sa Daingean; níl aon siopa anso agus níl aon oifig an phoist anso. Níl aon chlúdach fóin ceart anso. Tá na rudaí seo ar fad i gceist. An fhadhb is mó ná go bhfuil sé deacair ar lucht labhartha na Gaeilge maireachtaint anso. Mura mbíonn pobal agat, ní bheidh aon teanga phobail agat,” a deir an Mórdhach.

I gCois Fharraige, níl an oiread sin dóchais ag Joe Steve Ó Neachtain go bhféadfaí an óige a mhúscailt chun gnímh. Bhí Ó Neachtain ina bhall de Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a throid go láidir ar son chearta mhuintir na Gaeltachta ag deireadh seascaidí agus sna seachtóídí..

“Ag an am a bunaíodh an Ghluaiseacht, bhíothas ag rá nach raibh muid ceart agus nach raibh muid sibhialta, agus ní raibh. Ach ar a laghad rinne sé leas agus mothaímse go mbeadh an Ghaeltacht seo básaithe tríocha bliain ó shin nó le tríocha bliain anuas murach gur corraíodh suas na daoine ag an tráth sin.

“Tá gá anois le heagraíocht eicínt a dhúiseodh na daoine óga ach beidh sé deacair iad a mhúscailt. Tá chuile shórt acu anois. Ní raibh tada againn; ní raibh uisce againn, ní raibh páirc peile, ní raibh diabhal ar bith againn. Bhí cás le troid againn ach níl aon chás le troid acu anois,” a dúirt sé.

Hannah Ní Bhaoill, Rann na Feirste
Hannah Ní Bhaoill, Rann na Feirste

Is bean óg í Hannah Ní Bhaoill a tógadh i Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill, baile beag Gaeltachta a bhí i gcatagóir B sa bhliain 2007, ainneoin líon ard na gcainteoirí laethúla atá ina gcónaí ann. Maítear sa tuarascáil féin go mbeadh Rann na Feirste ar aon dul le ceantair i gCatagóir A “dá bhféadfaí scagadh poiblí a dhéanamh ar fhaisnéis teanga” na mbailte fearainn sa cheantar atá i bhfad níos sláintiúla ó thaobh úsáid na Gaeilge de ná mar atá sa chuid eile den toghroinn. Ní mó ná sásta a bhí muintir na háite leis sin, a dúirt Ní Bhaoill le Tuairisc.ie.

“Shíl siad gur chuma linn faoin A agus B ach chuir go leor daoine sa bhaile litreacha chucu [údair na tuarascála] agus ní bhfuair muid freagra ar bith. Níor tugadh freagra amháin agus ní thiocfadh siad go dtí an ceantar. B’fhéidir go raibh faitíos orthu roimh na pitchforks,” a dúirt sí go magúil.

Deir Ní Bhaoill go mbeadh sí in ann saol iomlán Gaeilge a bheith aici i Rann na Feirste ainneoin a stádais mar cheantar Catagóir B, agus cé gur cuireadh isteach go mór ar mhuintir an bhaile sin nuair a díbríodh chuig an gcatagóir sin iad, deir sí nach bhfuil “an oiread sin cainte” faoin tuarascáil i nGaeltacht Uladh, taobh amuigh de Rann na Feirste féin.

“An t-aon am a bheadh caint i nGaoth Dobhair air ná nuair a bheadh siad ag magadh fúinne. Bhí cuid mhór daoine ag magadh i Rann na Feirste go mbeidh buama adamach na Gaeltachta ann.

“Ach cha dtig leat a rá nach bhfuil an nuacht sin ag gabháil i bhfeidhm ar phobal na Gaeltachta. Tá cuid mhór de na saineolaithe ag amharc isteach ón taobh amuigh. Cén dóigh ar chuir siad le chéile é nuair nach raibh léargas ceart acu ar na pobail? Tá sé doiligh a dhéanamh. Tá an tuarascáil duairc ach ní fheicim mar sin é. Tá mé dóchasach agus dearfach. Mairimse taobh istigh den phobal agus tá go leor de mo chairde anseo fosta agus is í an Ghaeilge a labhraíonn muid,” a dúirt sí.

Is ceantar eile atá i gCatagóir B é Ceathrú Thaidhg i nGaeltacht Mhaigh Eo, cé gur i gCatagóir A a bhí an baile nuair a rinneadh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch i 2007. Is í Bríd Ní Sheighin atá ina príomhoide sa bhunscoil sa bhaile beag Gaeltachta seo. Tá laghdú as cuimse, dar léi, tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla ó bhí sí ina cailín óg ag fás aníos sa cheantar. Ach ba ar aon fhocal le Dáithí de Mórdha i nGaeltacht na Mumhan a bhí sí nuair a mhaígh sí go bhfuil “níos mó ná ceist na teanga i gceist” le cás na Gaeltachta.

Thagair sí do theaghlaigh óga a d’fhág an ceantar cheal oibre agus seirbhísí, chomh maith le teaghlaigh atá scartha óna chéile cuid mhaith den am toisc go mbíonn ar thuismitheoir amháin a bheith ag obair as baile.

“Caithfear tacaíocht a thabhairt dúinn. Caithfear tacaíocht a thabhairt do cheantair fhíor-Ghaeltachta. Go dtí seo bhí an tacaíocht ag teacht chuig limistéir Ghaeltachta ach is iad na háiteanna leis an daonra is mó agus an Ghaeilge is lú a bhí á fáil. Tá muide ar an imeall agus níl mórán de dhaonra againn agus ní raibh an tacaíocht a bhí uainn á fáil againn. Bhí na hacmhainní á gcur ar fáil sna háiteanna nach raibh go leor Gaeilge ann,” a dúirt Ní Sheighin le Tuairisc.ie.

Dúirt sí nach raibh an tuarascáil ródhiúltach i gcás Cheathrú Thaidhg ach go bhfuil meoin dearfach le brath sa bhunscoil a bhfuil sí féin i gceannas uirthi. Is ann atá Ní Sheighin ag múineadh ón mbliain 1998 agus deir sí go bhfuil dearcadh níos dearfaí i leith na Gaeilge san áit anois ná mar a bhí seacht mbliana déag ó shin agus go bhfuil níos mó tuismitheoirí ag tacú leis an nGaeilge agus ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.

Is iad “na daoine céanna a bhíonn ag plé leis na gnóthaí seo” a deir sí agus is cúis imní é sin di. Phléigh pobal na scoile an tuarascáil chomh maith leis na moltaí atá á ndéanamh don oideachas Gaeltachta i láthair na huaire.

“Ach níl an dearfacht sin le brath taobh amuigh den scoil. Sin í an fhadhb is mó; is iad na daoine céanna go fóill atá ag caint Gaeilge. Tá corrchlann óg ag labhairt Gaeilge ach an scéal mór ná níl mórán difríochta ann. Níl na déagóirí ag caint Gaeilge agus níl na seirbhísí ar fáil i nGaeilge. Tá roinnt Gaeilge sa phub áitiúil agus sa siopa ach taobh amuigh de sin, ag caint ar Ghardaí agus altraí agus araile, níl aon duine a labhróidh Gaeilge leat.

“Caithfidh athrú mór a theacht ar an mbealach a ndéantar rudaí. Is faoin bhfostaíocht amháin a bhíonn Údarás na Gaeltachta ag plé agus ní faoi chúrsaí teanga agus cé go bhfuil siad fite fuaite le chéile, teastaíonn tacaíocht uainn ó thaobh na teanga,” a dúirt Ní Sheighin.

Peadar Ó Riada, Múscraí
Peadar Ó Riada, Múscraí

Ní chuireann an stádas mar cheantar ‘Catagóir B’ isteach ná amach ar an gceoltóir Peadar Ó Riada, atá ina chónaí i gCúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí, Co. Chorcaí, áit ar tháinig fás as cuimse ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge in imeacht ocht mbliana. Dúirt an Riadach le Tuairisc.ie go labhróidh muintir Mhúscraí an Ghaeilge beag beann ar thuarascálacha agus “ní chun daoine eile a shásamh”. Mar aon le Joe Steve Ó Neachtain i gCois Fharraige, dúirt Ó Riada go bhfuil athrú chun feabhais tagtha ar a bhaile dúchais ó bhí sé féin ag fás aníos.

“Tá níos mó clanna á dtógaint trí Ghaelainn. Tá an Ghaelainn ag imeacht i dtreiseacht ceart go leor ach do bheinn buartha mar gheall ar an gcaighdeán. Tá Gaelainn ana-shaibhir ag an seanadhream ach níl sí ag an aos óg. Is é an trioblóid ná gur aistriú ar an mBéarla roinnt mhaith de. Tá fios agus eolas ceangailte i ngach aon teanga, agus nuair a chailltear teanga, ní hiad na fuaimeanna agus na focail amháin a chailltear ach gach a bhfuil istigh inti,” a dúirt sé.

Mar is eol do chách, tá cáil an cheoil ar mhuintir Uí Riada agus leagann Peadar an-bhéim ar thábhacht na ndán i gcothabháil na teanga mar theanga phobail. Cé go ndeir sé nach bhfaighidh Gaeltacht Mhúscraí bás taobh istigh de dheich mbliana mar atá tuartha ag údair an Nuashonrú, deir sé go bhfuil “an saibhreas i mbaol”.

“Aon teanga nach bhfuil cumadóireacht agus ceapadóireacht ag tarlú inti, tá an teanga sin ag teip,” a dúirt sé.

Caithfear éisteacht, ach caithfear labhairt amach freisin, a deir Joe Steve Ó Neachtain faoin tuar go bhfuil an Ghaeilge i mbaol a báis mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

“Caithfear é a rá amach. Tá sé ag tarlú i ngan a fhios do dhaoine. Níl mé cinnte faoin gcéad ghlúin eile, déarfainn gur cuma leo. Bhuel b’fhéidir go bhfuilim ag dul amú ach mura gcuirtear ar a súile dóibh é, tarlóidh sé. Cén fáth nach dtarlódh? Bhí sé ráite dá dtarraingeofaí líne síos trí lár na tíre sa bhliain 1880 gurbh í an Ghaeilge an teanga labhartha a bheadh ag 80% de na daoine ar an taobh thiar den líne sin, chuile lá den tseachtain.

“Níl a fhios agam cén fáth go mbíonn daoine ag ceapadh go bhfanfaidh muide beo mar phobal Gaeilge nuair a fuair an chuid eile bás idir an dá linn. Amantaí mothaím go mbíonn an mhéar á síneadh i dtreo na Gaeltachta agus mhuintir na Gaeltachta, ach i ndáiríre, ‘sé an chaoi a mbreathnaímse air, ach an láimh a chroitheadh leo, gurb iad a choinnigh beo go dtí seo í mar theanga labhartha.”

Fág freagra ar '‘Cén fáth a gceapfaí go bhfanfaimis beo mar phobal Gaeilge nuair a fuair an chuid eile bás?’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aontaím le Bríd Ní Sheighin agus le Peadar Ó Riada, níl go leor daoine – gnáthdhaoine – ag léamh ná ag scríobh na Gaeilge agus tá saol mór taobh amuigh de shaol na scoile nach bhfuil ag déanamh faic chun aitheantas a thabhairt don teangaidh dúchais.

  • Dónall

    Tá seo ar alt chomh cuimsitheach agus atá léite agam ar Tuairisc.ie go dtí seo. Is masla ar mhuintir na Gaeltachta an lipéid seo ’10 mbliana’ a fhógairt go neamhbhalbh ar an phobal agus ar na daoine atá ag coinneáil na teanga beo ó lá go lá agus ó bhliain go bliain. Tá an pointe is fearr san alt seo déanta ag Daithí Ó Mórdha dar liom; is ionann ceist na tuaithe agus ceist na Gaeltachta. Tá jabanna, agus ionfrastruchtúr ag teastáil go géar faoin tuath agus anois go bhfuil an teicneolaíocht againn níl fáth ar bith nach féidir le daoine bheith ag cur fúthu ann.

  • padraig

    An focal sin ‘Níl an Ghaeilge cool’ arís. Bhfuil an t-aos óg chomh neamh-mheabhrach, amaideach sin i ndáiríre gurb in í an tslat tomhais a bhíonn acu maidir le rud ar bith a mheas? An rud atá ‘cool’ inniu d’fhéadfadh sé a bheith ‘te’ amárach. Dúirt Oscar Wilde gur ‘gné chomh gráinniúil den saol é an faisean nach mór é a athrú gach leathbhliain’!
    Tá sé in am cic sa tóin a thabhairt do lucht tollamhóire agus faisin.
    Tá Dúnchaoin fágtha ar an gcúlráid ag na húdaráis ach fúthu féin agóid a dhéanamh anois dálta mar a rinne an cleas a chuaigh rompu chun an scoil a choimeád ar oscailt. Bhfuil siad i dtáimhnéal codlata ansin thiar?
    Níl aon easpa tithe breátha taibhsiúla sna Galetachtaí uile anois agus a chonách sin oraibh, rud a fhágann nach leanann aon tarcaisne an bhochtaineacht ná an Ghaeilge a thuilleadh. Ná fealltar orainn ach ná feallaimid orainn féin ach chomh beag. An í an ghlúin óg ‘cool’ atá suas anois a fheallfaidh?

  • Colm Feiritéar

    Is cosúil