TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Rogha stairiúil le déanamh idir Bolsonaro agus Lula i mbabhta réitigh

An éireoidh leis an iar-uachtarán Lula – laoch na heite clé ach fear a leanann boladh na caimiléireachta é – an lámh in uachtar a fháil ar uachtarán reatha na tíre, Jair Bolsonaro, atá i bhfad amach ar an eite dheis?

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Rogha stairiúil le déanamh idir Bolsonaro agus Lula i mbabhta réitigh

Is iomaí áit a léifidh tú inniu go mbeidh todhchaí na Brasaíle idir dhá cheann na meá amárach, Dé Domhnaigh – agus beidh.

I mbabhta réitigh, beidh ar vótóirí na tíre rogha a dhéanamh idir an t-uachtarán reatha, Jair Bolsonaro, agus Luís Inácio da Silva, nó Lula, a bhí i gceannas ar an mBrasaíl cheana féin idir 2003 agus 2011.

Ach is iomaí tráchtaire a deir gur rogha idir an daonlathas agus rud éigin níos cosúla le deachtóireacht a bheidh le déanamh ag muintir na tíre amárach.

D’aontóinn leo go pointe.

Ceannaire conspóideach a bhí in Jair Bolsonaro, atá i bhfad amach ar an eite dheis, ón tús agus is minic a chuirtear ina leith gur faisisteach é. Ní haon rún é go bhfuil an nimh san fheoil aige d’institiúidí daonlathacha an stáit toisc gur chuir siad oiread driseacha cosáin roimhe le ceithre bliana anuas, agus má bhíonn an lámh in uachtar aige amárach is cinnte go mbeidh sé ag iarraidh a gcumhacht a lagú sna ceithre bliana atá romhainn. Ach má tá rud amháin cruthaithe ag institiúidí daonlathacha an stáit le ceithre bliana anuas, seo é: tá siad an-láidir.

Ach níl an t-iarrthóir eile, Lula, saor ó chonspóid ach oiread: ba é a bhí i gceannas ar an mBrasaíl nuair a tharla an scannal calaoise is mó i stair na tíre, agus cé gur shéan sé i gcónaí go raibh sé ar an eolas faoin scéim chaimiléireachta céanna agus cé gur cuireadh ar neamhní téarma príosúin a gearradh air cúig bliana ó shin maidir le líomhaintí eile, leanann boladh na caimiléireachta é agus is iomaí duine sa Bhrasaíl a deir gurbh fhearr leo vóta a thabhairt do dhuine ar bith – Bolsonaro ina measc – seachas do Lula.

Ach ar an lámh eile deir go leor Brasaíleach nach gcaithfidh siad vóta do Bolsonaro go deo deo na ndeor – go háirithe toisc gur fhág an chaoi ar iompair uachtarán reatha na tíre é féin le linn phaindéim an choróinvíris drochbhlas ina mbéal.

Agus leis sin, tá an Bhrasaíl deighilte go smior – mar atá ó 2016 i leith, nuair a táinsíodh comharba Lula, Dilma Rousseff, ar bhealach conspóideach.

Sna pobalbhreitheanna, níl ach oiread na fríde idir an mbeirt iarrthóirí a bheidh á fhéachaint le chéile amárach.

49 faoin gcéad atá á thuar do Lula sa phobalbhreith dheireanach ón mbiúró aitheanta Datafolha, 44 faoin gcéad do Bolsonaro agus deir 5 faoin gcéad de na vótóirí go scriosfaidh siad a vóta nó go gcaithfidh siad vóta ‘bán’ – rud a chiallaíonn go n-áireofar a vóta le vótaí pé iarrthóir a bheidh chun tosaigh sa deireadh.

Níl ach 2 faoin gcéad a deir nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu go fóill maidir leis an vóta a chaithfidh siad.

Ach léiríodh cheana féin i dtús na míosa, tráth an chéad bhabhta sa toghchán uachtaránachta, go mbíonn deacrachtaí ag lucht na bpobalbhreitheanna tacaíocht Jair Bolsonaro a mheas i gceart. An babhta sin, ní raibh á thuar do Bolsonaro i bpobalbhreith Datafolha ach 36 faoin gcéad de na vótaí – ach fuair sé 43 faoin gcéad de na vótaí sa deireadh. Bhí an patrún céanna le feiceáil i bpobalbhreitheanna na ndreamanna eile.

Pé cúis atá leis na deacrachtaí sin atá ag na biúrónna taighde, ní féidir talamh slán a dhéanamh de ar chor ar bith go mbeidh an bua ag Lula i mbabhta réitigh an lae amárach. Agus fiú má bhíonn, beidh dúshlán ollmhór roimhe: ní hamháin go mbeidh air dul i ngleic le parlaimint arb í an pharlaimint is faide amach ar an eite dheis i stair na tíre í, ach beidh air iarracht a dhéanamh tír atá deighilte go smior le blianta fada anuas a aontú.

Más ag Bolsonaro a bheidh an lámh in uachtar, tuilleadh den ealaín chéanna a bheidh i ndán don Bhrasaíl agus a bhí le ceithre bliana anuas: uachtarán a bhfuil drochmheas aige ar mhná, ar mhionlaigh agus ar an timpeallacht agus, go deimhin, ar an daonlathas féin.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Rogha stairiúil le déanamh idir Bolsonaro agus Lula i mbabhta réitigh'