TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ní piocairí póca ach sceimhlitheoirí idirnáisiúnta an baol is mó in Rio

Ní raibh cáil na sábháilteachta ar chathair Rio de Janeiro riamh, ach tá dúshlán de chineál eile ar fad roimh údaráis na Brasaíle anois agus baol na sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta ag bagairt sa tír den chéad uair

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ní piocairí póca ach sceimhlitheoirí idirnáisiúnta an baol is mó in Rio

rio-1512644_1920

Is iomaí caint a rinneadh faoi chúrsaí sábháilteachta ó bronnadh na Cluichí Oilimpeacha ar Rio de Janeiro seacht mbliana ó shin. Is iomaí tráchtaire a thuar go mbeadh cuairteoirí ón iasacht faoi shíorionsaí sa chathair ag cneámhairí cliste, piocairí póca agus striapacha sráide, gan trácht ar an mbaol seasta ón tsíorchogaíocht idir na buíonta drugaí.

Chuaigh údaráis Rio i ngleic leis an dúshlán sin le seacht mbliana anuas agus d’éirigh leo go pointe áirithe. Tá ‘síocháin’ armtha curtha i bhfeidhm i gcuid mhór favelas agus tá na póilíní míleata chomh feiceálach sin sa chathair anois gur deacair a chreidiúint, uaireanta, go mbeadh fonn ar robálaí ar bith a bheatha a chur i mbaol ag déanamh creiche ar chuairteoir. Ní bhíonn leisce ar bith ar phóilíní Rio foréigean marfach a úsáid agus níos minice ná a mhalairt tugann an dlí cosaint dóibh.

Ní hé an baol ó bhithiúnaigh bhaile atá ag déanamh imní d’údaráis na Brasaíle anois áfach ach bagairt na sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta. Déardaoin, gabhadh deichniúr Brasaíleach a gcuirtear ina leith go bhfuil baint acu leis an eagraíocht sceimhlitheoireachta a thugann an Stát Ioslamach orthu féin.

Is iomaí fadhb atá ag an mBrasaíl. Ach, buíochas le polasaí idirnáisiúnta ar meascán cliste é den Tadhg-an-dá-thaobhachas agus den fhanacht-ar-an-gclaíochas, agus leis an bhfáilte a chuirtear sa tír roimh inimircigh, níl an sceimhlitheoireacht ar cheann acu.

Ní raibh baint ná páirt ag an mBrasaíl riamh leis na coimhlintí sa Mheánoirthear.

Tá cónaí ar thrí mhilliún Moslamach sa tír, ach ní hionann agus san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh, ní dhéantar leatrom leanúnach orthu.

Ar ndóigh, is maith an scéal é sin ar fad.

Ar an láimh eile, ciallaíonn sé nach bhfuil taithí ar bith ag fórsaí slándála na Brasaíle ar sceimhlitheoirí den chineál atá i mbun sléachta agus áir ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh i láthair na huaire.

Lena chois sin, tá teorainn an-fhada ag an mBrasaíl a bhfuil sé an-deacair súil a choinneáil uirthi.

Go teoiriciúil b’fhurasta buama nó airm a smuigleáil isteach. Go praiticiúil, áfach, ní bheadh gá lena leithéid ar chor ar bith toisc go bhfuil fáil éasca go leor ar a leithéidí sa Bhrasaíl féin don té a mbeadh na teagmhálacha aige.

Déantar meaisíní bainc a phléascadh go laethúil agus cé nach bhfuil sé chomh héasca gunna a cheannach agus a bheadh sna Stáit Aontaithe, ní bhíonn fadhb ar bith ag na buíonta drugaí teacht orthu, meaisínghunnaí troma san áireamh.

Is baolach go bhfágann an méid sin gur targaid mhealltach í an Bhrasaíl do ghrúpa sceimhlitheoireachta ar bith a bheadh ag iarraidh teacht i dtír ar na Cluichí Oilimpeacha, mar a rinne sceimhlitheoirí Palaistíneacha go fealltach le linn na gCluichí i gcathair München na Gearmáine sa bhliain 1972.

Buntáiste amháin atá ag fórsaí slándála na Brasaíle áfach ná go bhfuil taithí acu ar phóilíneacht a dhéanamh ar imeachtaí móra. Bhí Corn an Domhain FIFA sa tír dhá bhliain ó shin, ar ndóigh, ach bíonn an Carnabhal – imeacht ar scála i bhfad níos mó – ann gach uile bhliain.

Buntáiste ollmhór eile ná acmhainní daonna: 85 míle póilín agus saighdiúir a bheidh i mbun slándála le linn na gCluichí i gcathair Rio. Sin a dhá oiread agus a bhí le linn Chluichí Londan ceithre bliana ó shin.

Lá tar éis an ionsaí sceimhlitheoireachta i gcathair Nice na Fraince a d’fhág 84 duine marbh, dúirt údaráis na Brasaíle ag preasócáid speisialta a gaireadh san ardchathair Brasília go bhfuil an tír ‘ullamh’ do dhúshlán na sceimhlitheoireachta le linn na gcluichí, ach d’admhaigh go raibh an cur chuige a úsáideadh i Nice, mar a ndearnadh arm de leoraí, tar éis teacht aniar aduaidh orthu.

Gheall Aire Cosanta na Brasaíle, Raul Jungmann, go ndéanfaí athbhreithniú ar na socruithe slándála. Luadh níos mó seicphointí ar bhóithre Rio agus níos mó cuardach randamach. Le seachtain anuas, tá seiceáil níos déine á déanamh ar phaisinéirí eitleán sa Bhrasaíl agus is féidir le cuairteoirí a bheidh ag tabhairt aghaidh ar an tír le linn na gCluichí a bheith ag súil le scuainí fada sna haerfoirt.

An dtarlóidh ionsaí sceimhlitheoireachta sa Bhrasaíl le linn na gCluichí? Bímis ag súil nach dtarlódh agus nach bhfíorófar tromluí atá ag teacht idir mé agus codladh na hoíche le tamall anuas, go mbuailfeadh sceimhlitheoirí dealbh Chríost an Slánaitheoir os cionn chathair Rio le heitleán in iarracht tús a chur le Harmagadón.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ní piocairí póca ach sceimhlitheoirí idirnáisiúnta an baol is mó in Rio'

  • Fearn

    Bail ó Dhia ort, a Alaistir, nach bíogúil an áit í An Bhreasaíl i dtaca le hÉirinn?

    Nach bhfuil ábhar úrscéil idir lámha agat a mhíneodh an t-aduantas seo?

  • An Cainteoir Dóchais

    “[…] go mbuailfeadh sceimhlitheoirí dealbh Chríost an Slánaitheoir os cionn chathair Rio le heitleán”. A thiarcais, anois, ná bí ag tabhairt leideanna dóibh, a Alex!