TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Cuimhní ar Aointe Céasta an ama atá thart 

Tháinig glaoch ón díoltóir éisc aniar aduaidh ar ár gcolúnaí an tseachtain seo

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Cuimhní ar Aointe Céasta an ama atá thart 

Anseo sa Bhrasaíl, bíonn an cháil ar mhuintir Bahia – an stát mar a bhfuil cónaí ormsa – go mbíonn siad i gcónaí mall.

A mhalairt ar fad atá fíor – ar a laghad ar bith nuair a bhíonn ceiliúradh i gceist. Lá na Saoirse ar an 2 Iúil seachas ar an 7 Meán Fómhair, féasta na Nollag ar Oíche Nollag, agus ceiliúradh mór na Cásca ar Aoine an Chéasta.

Agus sa chás deireanach sin, má bhíonn muintir Bahia chun tosaigh ar an gcuid eile den tír, bíonn mangairí éisc an stáit chun tosaigh ar an bpobal i gcoitinne. Ag an deireadh seachtaine, chuir mo chara Leonardo, an díoltóir éisc, glaoch orm. Má bhí iasc uaim do bhéile mór Aoine an Chéasta, bheadh orm ceann a chur in áirithe agus é a cheannach uaidh an Luan roimhe agus é a chur sa reoiteoir – nó bheadh sé gafa leis na custaiméirí ina cheantar féin, baile ar imeall chathair Salvador, an chuid eile den tseachtain.

Ní mise an duine is eolaí maidir le gnásanna na gCríostaithe sa chéad dul síos, ach rud a théann ó mheabhair orm ar fad ná an difríocht ollmhór idir Aoine an Chéasta in Éirinn agus anseo i stát Bahia. Oíche Nollag as an áireamh, is í Aoine an Chéasta an ceiliúradh teaghlaigh is mó i bhféilire mhuintir Bahia: béile mór éisc, samba ar feadh an lae, éadaí dearga ar chuile dhuine agus go leor, leor óil.

Tháinig glaoch Leonardo aniar aduaidh orm. Le blianta fada, chaithinn Aoine an Chéasta i dteach mo mhuintire Brasaílí. Mise a mheascadh an vatapá, anlann tiubh déanta as cloicheáin agus cnónna caisiú meilte, plúr casabhaigh, bainne cnónna cócó agus ola pailme. Obair fhadálach agus chrua! Ach sciob an Covid mo mháthair Bhrasaíleach, Naná, uainn go gairid roimh Aoine an Chéasta na bliana seo caite, ar dheis Dé go raibh a hanam críonna.

Bhí mise thar sáile ag an am; Dé hAoine seo chugainn an chéad Aoine an Chéasta a chaithfinn i dteach mo mhuintire Brasaílí gan í i gceannas ar na himeachtaí cócaireachta agus eile. Ar chúiseanna éagsúla níl mé cinnte an nglacfaidh mé páirt sna himeachtaí i mbliana: turas fada ar bhus plódaithe, go leor oibre le déanamh, gan fonn orm a bheith ag ól. Ach chomh maith leis sin, nílim ag iarraidh na cuimhní atá agam ar Aointe an Chéasta an ama atá thart a chur as a riocht.

Gach seans gur bhraith Leonardo an drogall i mo ghlór. ‘An bhfaighidh mé tuinnín duit?’ a d’fhiafraigh sé. ‘Tusa a oibríonn le d’inchinn, caithfidh tú go leor óimige 3 a ithe agus tá a lán próitéine ann lena chois. Mura n-íosfaidh tú Dé hAoine é beidh tú in ann é a choinneáil sa reoiteoir go dtí go n-íosfaidh!’

Fadhb an chinnidh réitithe.

Nó curtha ar an méar fhada pé scéal é.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Cuimhní ar Aointe Céasta an ama atá thart '