TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An cogadh san Úcráin – ‘lig do na daoine bána é a oibriú amach eatarthu féin’

Ní hé an cogadh san Úcráin ach an t-ardú ar phraghas an bhreosla atá i mbéal an phobail sa Bhrasaíl – agus níor chóir go gcuirfeadh sé sin ionadh orainn, dar lenár gcolúnaí

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An cogadh san Úcráin – ‘lig do na daoine bána é a oibriú amach eatarthu féin’

Bhí tamall fada caite agam cheana féin i mo sheasamh faoin tarbhealach mar a gcasaimid le chéile na laethanta seo nuair a chuala mé Leonardo, mo chara an díoltóir éisc, ag scairteadh orm ó i bhfad: ‘meu parçaaaaaaa!’, ‘a chomradaíííííííí!’ – agus b’in chugam é lena dhá bhuicéad.

‘Cén mhoill a bhí ortsa?’ a d’fhiafraigh mé. ‘Ar a laghad ar bith tá neart scátha faoin tarbhealach seo.’

‘An bhfaca tusa bus ar bith ar do bhealach anseo?’ a d’fhiafraigh seisean.

Bíonn ar Leonardo bus amháin a thógáil ón mbaile ina bhfuil cónaí air, díreach taobh amuigh de chathair Salvador, go dtí margadh mór São Joaquim – mar a gceannaíonn sé a chuid éisc – agus bus eile ansin go lár na cathrach, mar a n-athdhíolann sé a chuid sairdíní, cloicheán agus roc lena chuid custaiméirí rialta.

‘Ceart ar fad agat,’ a d’fhreagair mise agus chuimhnigh nach bhfaca mé ach bus amháin, ag dul sa treo eile, agus mé féin ag rothaíocht go dtí an tarbhealach ar an lána bus a mbainim úsáid as mar raon rothar toisc nach bhfuil raon rothar ann.

‘Fan go bhfeicfidh tú,’ a dúirt seisean. ‘Má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá, ní bheidh rogha againn ach Uber a thógáil.’ Bhí straois air: is maith a thuig sé go dtuigimse nach mbeadh sé d’acmhainn aige siúd úsáid a bhaint as seirbhísí an chomhlachta ‘síob’ sin.

An chéad rud eile bhí muid ag caint faoin gcogadh san Úcráin agus an bhaint atá aige sin leis an ardú ar phraghas an bhreosla agus bhí iontas an domhain orm mar anseo sa Bhrasaíl, ní thagann an cogadh san Úcráin aníos sa chomhrá ach go hannamh. Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart, mar shampla, chaith mé an tráthnóna ar fad ag cóisir bhreithlae – ócáid ag a mbíonn daoine nach mbíonn aithne acu ar a chéile de shíor ar thóir ábhair chomhrá. Níor luadh an cogadh san Úcráin oiread agus uair amháin.

Ach is furasta sin a thuiscint. Ag deireadh an lae, cé chomh minic agus a thagann an chogaíocht drugaí sa Bhrasaíl – cogadh cathartha ina bhfaigheann na scórtha míle duine, fir óga dhubha cosúil le Leonardo den chuid is mó, bás gach bliain – cé chomh minic agus a thagann an cogadh sin aníos sa chomhrá san Eoraip?

Tá nath cainte i bPortaingéilis na Brasaíle a thagann isteach i m’aigne go mion minic na laethanta seo: ‘eles que são brancos que se entendam’, ‘lig do na daoine bána é a oibriú amach eatarthu féin’. 

Nath é sin a mbaintear úsáid as nuair nach mbíonn fonn ar dhuine a bheith páirteach i gcoimhlint idir beirt eile. Sin é go díreach, mothaím, dearcadh na mBrasaíleach timpeall orm anseo i stát Bahia maidir leis an gcogadh idir an Rúis agus an Úcráin.*

Agus cé a thógfadh orthu é? Ní heol dom in aon cheann de na teangacha Eorpacha atá ar eolas agamsa nath cainte ar nós ‘lig do na daoine le dath é a oibriú amach eatarthu féin’ – ach nach é sin, ag deireadh an lae, dearcadh mhórchuid mhuintir na hEorpa ar an gcogadh sa tSiria, ar an gcogadh in Éimin, agus ar an gcogaíocht drugaí sa Bhrasaíl?

Tráth dá raibh, thagadh Leonardo chomh fada le m’árasán lena dhá bhuicéad éisc. D’óladh muid braon caife, bhíodh comhráite fada againn agus idir chuile útamáil thógadh sé uair an chloig orm mála sairdíní a cheannach uaidh. Ach anuraidh, chuir an bhuíon drugaí atá i gceannas sa cheantar ina bhfuil cónaí ormsa cosc ar Leonardo cos a leagan san áit. Is é an chaoi go siúlann Leonardo an chathair ar fad lena dhá bhuicéad éisc; bhí faitíos, de réir cosúlachta, ar bhuíon drugaí an cheantair seo go mbeadh sé siúlach scéalach, ag sceitheadh eolais fúthu le buíonta naimhdeacha.

Iasc a dhíolann Leonardo d’fhonn greim a choinneáil ina bhéal féin agus i mbéal a chlainne, ní drugaí. Ach bheadh a bheatha i mbaol dá bhfeicfí arís é sa cheantar ina bhfuil cónaí orm. Níl aon difear idir diúracán hipearsonach agus urchar as gunna póilín nó mangaire drugaí. An bás an toradh a bhíonn ar an dá rud, agus luíonn sé le loighic go mbeadh níos mó suime ag daoine – cuma cén dath atá ar a gcraiceann – i gcogadh ar leac an dorais ná i gcogadh i bhfad i gcéin.

Tá cónaí ar phobal mór de shliocht na hÚcráine i stát Paraná i ndeisceart na Brasaíle. Gach seans go mbeadh fáil ar thuairimí éagsúla ansin

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An cogadh san Úcráin – ‘lig do na daoine bána é a oibriú amach eatarthu féin’'

  • Mise

    Spéisiúil agus tráthúil.

  • Indrek

    Alt maith, mar is iondúil uait, a Alex. Cinnte, cé a thógfadh ar dhíoltóir éisc Brasaíleach é gur beag a shuim i gcogadh na hUcráine? Ní deacair a chás a thuiscint agus é ag iarraidh greim a choinneáil faoin bhfiacail… Coicís ó shin scríobh tú alt eile ina ndearna tú cáineadh géar ar mhuintir na hEorpa ag cur ciníochas inár leith mar gheall ar ár n-easpa spéise sna cogaí sa tSiria agus in Éimin. Níl muid gan locht, gan dabht, ach seans nach raibh tú go hiomlán féaráilte.