TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Cósta thoir thuaidh na tíre faoi bhrat ola

Agus arís eile, tá moill mhór ar rialtas na tíre dul in ngleic le tubaiste timpeallachta, a scríobhann ár gcolúnaí

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Cósta thoir thuaidh na tíre faoi bhrat ola

Den tríú huair i mbliana tá an Bhrasaíl buailte ag tubaiste timpeallachta, agus den tríú huair tá moill mhór ar rialtas na tíre dul i ngleic leis an ngéarchéim. B’amhlaidh a bhí i mí Eanáir, nuair a d’fhág rabharta láibe truaillithe na céadta duine marbh i stát Minas Gerais, agus i mí Lúnasa, nuair a tharla falscaíthe nach bhfacthas a leithéid riamh cheana i ndufair na hAmasóine. 

Sceitheadh ola san Aigéan Atlantach is cúis leis an tubaiste is déanaí.

Ó thús mhí Mheán Fómhair anuas tá os cionn 900 tonna amhola thiubh tar éis teacht i dtír ar stráice 2,250 ciliméadar ar fhad de chósta thoir thuaidh na Brasaíle. De réir anailís a rinne Ollscoil Fheidearálach Bahia (UFBA) ar an ola is as Veiniséala di, agus níor thóg sé i bhfad ar Ricardo Salles, aire timpeallachta na Brasaíle agus fear nach seachnaíonn an chonspóid, a mhaíomh go bhféadfadh an ola a bheith sceite ‘d’aon ghnó’ chun dochar a dhéanamh do thimpeallacht agus do thionscal turasóireachta na Brasaíle. Níl an caidreamh idir Veiniséala agus an Bhrasaíl rómhaith ó tháinig an t-uachtarán fíorchoimeádach Jair Bolsonaro i gcumhacht sa Bhrasaíl ag tús na bliana seo agus ó theith na céadta míle duine as Veiniséala chun na Brasaíle ag iarraidh éalú ó réimeas sóisialach Nicolás Maduro sa tír sin. Tá líomhaintí Salles séanta go láidir ag Veiniséala.

Bíodh is gur deimhníodh gur as Veiniséala don ola, ní fios céard ba chúis leis an sceitheadh. Níl a fhios ach gur tharla an sceitheadh idir 500 agus 600 ciliméadar amach ó chósta na Brasaíle. Meastar gur longbhriseadh nó timpiste a tharla agus lastas ola á aistriú ó long amháin go long eile ba chúis leis, ach níl ‘sceitheadh coiriúil’ á chur as an áireamh ag na húdaráis go fóill. 

Ós rud é go bhfuil an amhola an-tiubh, ní ar dhromchla na farraige a thaistealaíonn sí ach cúpla orlach faoina bhun agus dá bharr sin tá sé an-deacair í a fheiceáil ar íomhánna radair agus satailíte. Ligean di teacht i dtír agus dul i ngleic leis an dochar ansin, seachas iarracht a dhéanamh an ola a stopadh sula dtiocfadh sí i dtír ar chor ar bith an cur chuige a bhí ag na húdaráis sa Bhrasaíl go dtí seo. Ar an drochuair, ceal cabhrach ón rialtas feidearálach agus ceal plean lárnaigh chun dul i ngleic leis an tubaiste, tá na húdaráis áitiúla in oirthuaisceart na tíre ag brath go mór ar an bpobal áitiúil féin chun an ola a ghlanadh ó na tránna. Tá na mílte duine i mbun na hoibre sin go deonach, ach go minic ní bhíonn an trealamh cuí (lámhainní uillinne, mascanna aghaidhe, criathrair) ar fáil.

Tharlódh gurb é an ceantar atá buailte ag an sceitheadh ola seo an t-aon cheantar amháin sa Bhrasaíl a vótáil go láidir i gcoinne an uachtaráin Jair Bolsonaro i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo caite, agus tá an nimh san fheoil dá chéile ag rialtas feidearálach Bolsonaro agus rialtais na stát in oirthuaisceart na tíre, atá uilig ar thaobh na láimhe clé den speictream polaitiúil.

Dé Luain, mí go leith tar éis do na chéad phaistí ola teacht i dtír ar thránna oirthuaisceart na Brasaíle, d’fhógair leas-uachtarán na tíre, Hamilton Mourão, go gcuirfear an t-arm chuig an gcósta chun dul i ngleic leis an ngéarchéim. Beidh suas go 5,000 saighdiúirí ag glacadh páirte sa ghlantúchán.

Más mall, is mithid. Measann saineolaithe timpeallachta go dtógfaidh sé na scórtha bliain ar thránna agus ar mhangróibh oirthuaisceart na Brasaíle teacht chucu féin ón tubaiste seo. Drochscéal amach is amach is ea é sin ní amháin don dúlra féin ach do mhuintir na háite, atá ag brath go mór ar an turasóireacht agus ar an iascach, chomh maith.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Cósta thoir thuaidh na tíre faoi bhrat ola'