TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ag fáil na vacsaíne i gcathair Salvador

Bhí ionadh mór ar ár gcomhfhreagraí gur éirigh leis vacsaín i gcoinne Covid-19 a fháil i gceann de na tíortha is measa atá buailte ag an ngalar – an tseachtain cheannann chéanna a bhfaigheadh sé vacsaín san Eoraip

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ag fáil na vacsaíne i gcathair Salvador

I bhfianaise ghéarchéim an choróinvíris sa Bhrasaíl agus i bhfianaise na droch-cháile atá ar mhaorlathas na tíre sin i gcoitinne, d’fhéadfaí a mhaitheamh dom, is dócha, go raibh mé ábhairín neirbhíseach maidir le vacsaín a fháil mé féin.

Cén lá a nglaofaí ar m’aoischohórtsa? An mbeadh m’ainm ar an liosta dáiríre? An nglacfaí leis na doiciméid ar fad a bheadh orm a thaispeáint? Cé chomh fada agus a bheadh an scuaine a mbeadh orm seasamh inti?

An t-aon eolas a bhí agam ná gur iarradh ar dhaoine a bhí 46 bliain d’aois – mo leithéid féin – dul chuig ionad vacsaínithe óna 5 i.n. ar aghaidh tráthnóna Dé hAoine seo caite.

Cheangail mé mo rothar le geata an ionaid is gaire dom ag a 4:55 i.n. ag fiafraí díom féin an raibh mé san áit cheart; mearbhall orm toisc nach bhfaca mé scuaine ar bith. Isteach liom san ionad féin agus nach ormsa a bhí an t-iontas nuair nach raibh duine ar bith romham ansin ach oiread – ach amháin beirt bhanaltraí a bhí faoi réir le hinstealladh a chur i mo lámh.

Bhí iontas deas eile i ndán dom ansin. Vacsaín Janssen, nó Johnson & Johnson – an ceann sin nach mbíonn ach dáileog amháin de ag teastáil – a bhí sa steallaire; ceann den 3 mhilliún dós den vacsaín sin atá á mbronnadh ag na Stáit Aontaithe ar an mBrasaíl agus ar bhain an chéad ghála acu cathair Salvador, mar a bhfuil cónaí ormsa, amach an mhaidin sin.

Shiúil mé amach as an ionad sláinte ar bhuille a 5, cosaint shásúil faighte agam i gcoinne an choróinvíris le haon instealladh amháin – an tseachtain cheannann chéanna a mbeinn i dteideal vacsaín a fháil, de réir aoisghrúpa, i mo thír dhúchais féin, an Ísiltír.

Uaireanta, gan choinne, feidhmíonn rudaí go rímhaith sa Bhrasaíl. I bhfianaise na drochphoiblíochta ar fad atá á fáil ag an tír sin maidir le géarchéim an choróinvíris ceapaim go bhfuil sé fíorthábhachtach aird a tharraingt ar an obair iontach atá á déanamh ag oibrithe sláinte agus ag mórchuid údarás áitiúla fud fad na tíre – in ainneoin na ndeacrachtaí atá á gcruthú ó thús na paindéime ar an leibhéal is airde.

Ar an drochuair ní raibh an t-ádh céanna agus a bhí orm féin ar chuile dhuine sa Bhrasaíl. Ní hamháin go bhfuil os cionn 515,000 duine tar éis bháis ó Covid-19 anois ach níl vacsaín faighte go dtí seo ach ag 34 faoin gcéad den daonra agus d’fhéadfadh feitheamh fada fós a bheith i ndán dóibh siúd atá sna tríochaidí, sna fichidí agus sna déaga, óir is tír réasúnta ‘óg’ í an Bhrasaíl. Cé nach bhfuil an ráta vacsaínithe go mór taobh thiar den Eoraip ar an meán, bíonn an stoc ag rith amach go minic. An tseachtain seo caite féin bhí ar ionaid sláinte i gcuid mhór cathracha, São Paulo, Rio de Janeiro agus Salvador féin san áireamh, daoine a bhí i dteideal vacsaín a fháil a chur ó dhoras. Lena chois sin, agus seachtain saoire Lá ’le Eoin díreach thart agus go leor daoine tar éis taisteal, tá faitíos ar shaineolaithe go dtiocfaidh ardú ar líon na gcásanna as seo go ceann coicíse, mar a tharla an t-am seo anuraidh.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ag fáil na vacsaíne i gcathair Salvador'