TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: 100 lá caite i gcumhacht ag Lula ach ní féidir le daoine picanha a cheannach fós

Tá uachtarán ‘nua’ na Brasaíle ciaptha ag geallúint a thug sé le linn fheachtas an toghcháin uachtaránachta

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: 100 lá caite i gcumhacht ag Lula ach ní féidir le daoine picanha a cheannach fós

Íomhá le Tuairisc bunaithe ar léaráid le Walter Antonio Boeger

I mí na Samhna agus mí na Nollag na bliana seo caite, nuair a bhí Luiz Inácio da Silva (Lula) díreach tar éis an lámh in uachtar a fháil ar Jair Bolsonaro i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle, bhí jóc san ionad aclaíochta mar a mbím ag traenáil i gcathair Salvador, in oirthuaisceart na tíre, jóc a chloisfeá gach lá:

‘Ón 1 Eanáir ar aghaidh beidh an picanha saor in aisce!’ a scairteadh duine amháin.

Picanha, nó caoldroim mhairteola, an gearradh feola is mó a mbíonn dúil ag muintir na Brasaíle ann nuair a bhíonn fulacht acu.

‘Agus an pinga chomh maith!’ a scairteadh duine eile.

Pinga, sin deoch alcólach (de chineál ar bith, sa chás seo.)

Agallamh a thug Lula ar an teilifís go gairid roimh an toghchán agus inar gheall sé go mbeadh ‘an picanha agus an pinga úd’ ag muintir na Brasaíle arís dá dtoghfaí é a spreag an jóc sin san ionad aclaíochta.

Úúú, bí cúramach, is cuimhin liom féin a cheapadh agus mé ag breathnú ar an agallamh céanna. Ráiteas ciotach go maith a bhí ann agus shíl mé ag an am go ndeachaigh Lula an-ghar do ‘mheisceoirí’ a thabhairt ar mhuintir na Brasaíle, ach ar ndóigh tá tuiscint i bhfad níos fearr aigesean ar phobal a thíre ná mar atá agamsa agus níorbh é sin an bhrí a baineadh as.

Ráiteas pobalach go smior a bhí ann, gan dabht, an gheallúint is mó a sheas amach san fheachtas toghchánaíochta ar fad, agus is léir gur oibrigh sé. Ach bhí an ceart agam faoi rud amháin nuair a shíl mé gur chóir do Lula a bheith ábhairín níos cúramaí agus geallúintí á ndéanamh aige: ní chloisfidh muid a dheireadh go brách.

Ar an 2 Eanáir, nuair a bhí Lula insealbhaithe agus an t-ionad aclaíochta oscailte arís tar éis an lae saoire, d’athraigh an jóc:

‘Níl an picanha saor in aisce fós!’ a scairteadh duine amháin.

‘An pinga ach oiread!’ a d’fhreagraíodh duine eile.

Agus inné, baineadh casadh nua eile as an seanjóc:

‘100 lá caite i mbun rialtais aige agus níl an picanha saor in aisce fós!’

‘Ná an pinga!’

Is ea go deimhin, tá 100 lá caite in oifig cheana féin ag Lula agus mar is nós le tráchtairí polaitiúla a dhéanamh nuair a bhíonn cairde an chéad 100 lá caite ag ceannaire nua, bhí an tréimhse sin á meas ag na meáin sa Bhrasaíl an tseachtain seo. (Ar ndóigh ní ceannaire ‘nua’ é Lula i ngach ciall den fhocal sin – bhí sé ina uachtarán ar an mBrasaíl cheana idir 2003 agus 2011.)

Dearfach go leor a bhí an bhreith sin ar an iomlán; rinne an craoltóir Globo amach gur chomhlíon Lula an tríú cuid de na geallúintí a thug sé le linn an fheachtais toghchánaíochta cheana féin – 13 as 36 geallúint.

Ina measc sin, bhí bunú Roinn na bPobal Bundúchasach – roinn rialtais nach raibh a leithéid ann riamh cheana –, athsheoladh na scéime leasa shóisialta Bolso Família agus athsheoladh na scéime Mais Médicos a bhfuil sé mar aidhm aici líon na ndochtúirí sa Bhrasaíl a mhéadú faoi dhó.

Chomh maith leis sin, ar ndóigh, thug Lula aghaidh ar dhúshlán na n-ionsaithe a rinne sceimhlitheoirí a thaobhaigh leis an iar-uachtarán Bolsonaro ar thithe an rialtais i gcathair Brasília, thug sé aghaidh ar an ghéarchéim shláinte ar thearmann an phobail bhundúchasaigh Yanomami; agus thug sé cuairt ar Joe Biden na Stát Aontaithe agus ar cheannairí dhá thír a bhfuil teorainn ag an mBrasaíl leo, Uragua agus an Airgintín.

Tá Lula ar cuairt ar Xi Jinping na Síne faoi láthair – beidh cúrsaí tráchtála faoi chaibidil ach an cogadh san Úcráin agus caidrimh idirnáisiúnta i gcoitinne chomh maith – agus ar a bhealach ar ais tabharfaidh sé cuairt ar Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

Cuid mhaith déanta, cuid mhór le déanamh, mar sin –  sa chéad áit, postanna a chruthú agus srian a choinneáil leis an ardú seasta ar na praghsanna. Ar ndóigh ní dúirt Lula riamh go mbeadh an picanha agus an pinga saor in aisce – lucht an ionaid aclaíochta a chum é sin – ach gheall sé go mbeadh sé d’acmhainn ag muintir na Brasaíle iad a cheannach in athuair.

Dhá mhí ó shin, ag ócáid i gcathair Rondonópolis, i stát Mato Grosso, bhris an lucht éisteachta isteach ar aitheasc dá chuid, ag scairteadh ‘Picanha! Picanha!’ in ard a nglór.

‘Tógfaidh sé tamall bail a chur an tír seo arís, bhí sí leathscriosta nuair a thóg muid ar láimh í,’ an freagra a thug Lula, ag tagairt do na ceithre bliana a chaith Jair Bolsonaro i gcumhacht.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: 100 lá caite i gcumhacht ag Lula ach ní féidir le daoine picanha a cheannach fós'