TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Fadhb na róthurasóireachta ag dul in olcas agus ní in Amsterdam amháin é

Léirigh cuairt a thug ár gcolúnaí ar chathair Haarlem nár chuir Covid deireadh le fadhb na róthurasóireachta san Ísiltír, ach a mhalairt

TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Fadhb na róthurasóireachta ag dul in olcas agus ní in Amsterdam amháin é

Le blianta fada anuas, seachnaím lár chathair Amsterdam nuair a bhím sa bhaile, san Ísiltír. Nuair a thugaim cuairt ar ghaolta nó cairde a bhfuil cónaí orthu gar do lár na cathrach, téim den traein ag stáisiún i gceann de na bruachbhailte agus tógaim an meitreo agus an tram: rud beag níos casta ach beagnach chomh sciobtha céanna agus ní bhíonn orm cur suas leis na sluaite turasóirí.

Sa bhliain 2019, an bhliain dheireanach roimh Covid, thug 9 milliún turasóir cuairt ar ardchathair na hÍsiltíre – in ainneoin iarrachtaí chomhairle na cathrach srian a choinneáil lena líon. Ní mise amháin a sheachnaíonn lár na cathrach. Tá caidreamh casta ag muintir Amsterdam féin leis an gceantar laistigh de chiorcal na gcanálacha clúiteacha, atá ina pháirc spraoi ag turasóirí. Go litriúil: samhlaigh na sluaite daoine nár úsáid rothar riamh ina saol ag dul ó shiopa pancóga Nutella amháin go dtí an chéad siopa pancóga Nutella eile ar rothair chíosa agus iad faoi thionchar raithní agus Heineken.

Turasóirí a mhealladh amach as lár chathair Amsterdam agus chomh fada le ceann de na cathracha eile máguaird ceann de na straitéisí a d’fhorbair na húdaráis le blianta beaga anuas chun dul i ngleic le fadhb na róthurasóireachta. An mhaidin a chaitheamh ag breathnú ar phéinteálacha Vermeer in Delft, an tráthnóna ag spaisteoireacht trí chathair dhúchais Rembrandt, Leiden, cuairt lae ar an Háig nó Rotterdam – an cineál sin ruda.

Ach de réir cosúlachta is í Haarlem an chathair is mó atá ag teacht i dtír ar an róthurasóireacht san ardchathair. Is beag an t-iontas: níl sí ach sciuird 15 nóiméad ar an traein ó Amsterdam Centraal, tá cáil uirthi de bharr phéinteálacha Frans Hals, agus tá an ailtireacht mhaorga chéanna ar fáil inti agus atá in Amsterdam ach gan t-atmaisféar millte ag caiféanna raithní agus siopaí pancóga Nutella. Ar feadh na mblianta, mholainnse féin do chairde ón iasacht cuairt a thabhairt ar an gcathair chiúin ársa seo ag bun na ndumhcha gainimh. (Tá mé claonta ar ndóigh – rugadh mé i bhfoisceacht scread asail di.)

Ach más fianaise an chuairt a thug mé féin ar Haarlem ag an deireadh seachtaine i dteannta mo mháthar tá an cat as an mála. Bhí cearnóg mhór an Grote Markt, a bhí bánaithe nuair a thug mé cuairt uirthi go deireanach i lár na paindéime, dubh le daoine agus Sínis, Iodáilis, Gearmáinis, Spáinnis agus iliomad teangacha eile nár aithin mé ar a mbéal ag a bhformhór. Bhí siopa pancóga Nutella lonnaithe san fhoirgneamh ina mbíodh an siopa ina gceannaínn mo chuid éadaí agus mé i mo dhéagóir; ba bheag nár leag lánúin Shasanach ar rothair chíosa mé féin agus mo mháthair agus muid ag spaisteoireacht i gcúlsráidín cúng a mbíodh an cór a mbíodh mo mham ina ball de ag cleachtadh i séipéal ann.

Tá moladh amháin agam do léitheoirí Tuairisc.ie a mbeadh aghaidh á tabhairt ar an Ísiltír acu an samhradh seo: tugaigí cuairt ar chathair Haarlem sula mbeidh sí ina páirc spraoi ar fad, fearacht a deirfiúr mhór atá 15 nóiméad soir an bealach.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Fadhb na róthurasóireachta ag dul in olcas agus ní in Amsterdam amháin é'