LÁITHREACH BONN 24: Tuairisc le foilsiú faoi mhéadú an Aontais, an Úcráin ag súil le cainteanna ballraíochta

Tuairiscítear go bhfuil rún ag an Aontas Eorpach tús a chur le cainteanna oifigiúla ballraíochta leis an Úcráin agus leis an Moldóiv

LÁITHREACH BONN 24: Tuairisc le foilsiú faoi mhéadú an Aontais, an Úcráin ag súil le cainteanna ballraíochta

Tá tuairisc le foilsiú ag an Aontas Eorpach inniu faoin dul chun cinn atá déanta ag an Úcráin agus tíortha eile atá ag iarraidh a bheith ina mballstáit den aontas.

Déanfar cur síos sa tuairisc faoi conas atá ag éirí leis an Úcráin agus tíortha eile maidir le cur i bhfeidhm na leasuithe atá riachtanach chun go gcuirfí tús le cainteanna oifigiúla faoi bhallraíocht.

Meastar go bhfuil rún ag an Aontas Eorpach tús a chur le cainteanna leis an Úcráin.

D’fhéadfadh gur ag cruinniú mullaigh de cheannairí an AE mí na Nollag a d’fhógrófaí seoladh na gcainteanna.

“Táim muiníneach go n-éireoidh libh bhur sprioc uaillmhianach a bhaint amach – is é sin go ndéanfaí cinneadh stairiúil i mbliana faoi chainteanna ballraíochta,” a dúirt Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus í ar cuairt ar an Úcráin Dé Sathairn seo caite.

Tá cuairteanna á dtabhairt ag von der Leyen le tamall ar na tíortha a bhfuil tuarascáil ar an dul chun cinn le foilsiú ina leith inniu.

Ar cuairt di ar Mhontainéagró le déanaí, thug von der Leyen leid láidir gurb í an tír sin is túisce a bhainfeadh ballraíocht amach agus an chuma ar an scéal gurb é an stát beag sna Balcáin Thiar a bheidh ar an 28ú ballstát den AE.

Dúirt Uachtarán Mhontainéagró Jakov Milatovi go raibh súil aige go mbeadh a thír ina ball den AE faoi 2030.

Tá cás na hÚcráine lárnach san iarracht go mbeadh 35 ballstát san Aontas Eorpach seachas 27 mar atá faoi láthair.  Meastar go mbeidh ceist mhéadú an Aontais mar chuid den díospóireacht in Éirinn agus ar fud na hEorpa ach a mbeidh feachtais thoghcháin na hEorpa faoi lán seoil an bhliain seo chugainn.

Deich dtír ar fad a bhfuil iarratas ar bhallraíocht déanta acu – an Úcráin, an Tuirc, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia, an Albáin, an Mholdóiv, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv agus an tSeoirsia.

Chomh maith leis an Úcráin meastar go molfar cainteanna ballraíochta a thosú leis an Moldóiv agus d’fhéadfaí déanamh amhlaidh i gcás Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, moladh a bheadh i bhfad níos conspóidí ó tharla gur ar éigean go bhfuil aon cheann de 14 critéar an AE comhlíonta acusan. Tuairiscítear go dtabharfar stádas mar iarrthóir don tSeoirsia, cinneadh a bheadh conspóideach leis mar gheall go bhfuiltear den tuairim gur ag dul ar gcúl atá an tír sin ó thaobh an daonlathais.

Dúirt von der Leyen ina haitheasc bliantúil i bParlaimint na hEorpa i mí Mheán Fómhair gur todhchaí “san AE” a bhí i ndán don Úcráin.

Thug ballstáit an AE a mbeannacht don Úcráin mar iarrthóir oifigiúil ar bhallraíocht mí an Mheithimh seo caite.

Agus iarracht ar bun acu critéir an AE do chainteanna oifigiúla a shásamh, tá an Úcráin ag iarraidh dul i ngleic le fadhbanna caimiléireachta, le leasuithe dlí agus le ceisteanna eile amhail an bhreabaireacht agus an sciúradh airgid.

Mhaígh Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, go raibh critéir an AE anois á gcomhlíonadh ach nach stopfaí ag déanamh athruithe agus leasuithe ar institiúidí.

I mí Mheán Fómhair, dúirt Stanislav Kravchenko, Cathaoirleach na Cúirte Uachtaraí san Úcráin, leis an Kyiv Post nach raibh a leithéid fágtha sa tír agus “an duine nach féidir drannadh leis”.

Ceithre lá i ndiaidh ionradh na Rúise, mí Feabhra 2022, a rinne an Úcráin iarratas ar bhallraíocht san AE.

Ní chiallódh cinneadh tús a chur le cainteanna oifigiúla ballraíochta go mbeadh an Úcráin ina ball go luath agus d’fhéadfadh an próiseas leanúint ar aghaidh ar feadh roinnt blianta.

Ag labhairt dó ag díospóireacht phoiblí a reáchtáil Tuairisc ag Oireachtas na Samhna, dúirt Seán Kelly, an Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael, go bhféadfadh deich mbliana a bheith ann sula mbeadh ballraíocht bainte amach ag an Úcráin.

Is gá go mbeadh gach ceann de 27 ballstát an AE ar aon phort chun go mbronnfaí ballraíocht ar iarratasóir.

Dris chosáin amháin a d’fhéadfadh a bheith sa tslí ar an Úcráin ná an Ungáir agus Príomh-Aire na tíre sin, Viktor Orbán.

Dúirt Orbán le déanaí nach raibh cur chuige an AE i leith na hÚcráine ag obair agus gurb amhlaidh gur theastaigh cur chuige nua.

In 2013 a méadaíodh an tAE go deireanach nuair a ceadaíodh isteach an Chróit.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN 24: Tuairisc le foilsiú faoi mhéadú an Aontais, an Úcráin ag súil le cainteanna ballraíochta'