Triúr Gardaí gafa agus amhras fúthu go raibh baint acu le caimiléireacht

Tá triúr Gardaí sinsearacha á gcoinneáil le hagaidh a gceistithe agus amhras ina dtaobh go raibh baint acu le coir nó coireanna tromchúiseacha

Triúr Gardaí gafa agus amhras fúthu go raibh baint acu le caimiléireacht

Tá triúr Gardaí sinsearacha gafa agus amhras ina dtaobh go raibh baint acu le coireanna tromchúiseacha.

Gabhadh ceannfort a bhfuil amhras faoi gur sceith sé eolas faoi fhiosrúchán le baill de dhrong coirpeach. 

Gabhadh cigire agus amhras ann gur sháraigh sé an tAcht um Mí-úsáid Drugaí agus gabhadh an tríú Garda ar amhras go ndearna sé cúrsa na córa a shaobhadh.

An Leas-Choimisinéir, Oibríochtaí Speisialta i gCoinne Coireachta, atá i bhfeighil an fhiosrúcháin faoi chaimiléireacht sa bhfórsa.

Gabhadh an triúr i ndeisceart na tíre.

Dheimhnigh an Leas-Choimisinéir, Póilíneacht agus Slándáil, John Twomey go raibh an triúr á gcoinneáil le haghaidh a gceistithe agus amhras ina dtaobh go raibh baint acu le coir nó coireanna tromchúiseacha. 

“Tá an Garda Síochána tiomanta go hiomlán d’fhiosrú a dhéanamh faoi aon bhriseadh dlí nó aon chaimiléireacht a bhfuil baint ag Gardaí leo, agus beimid ag obair i gcomhar le na háisíneachctaí cuí eile chuige sin. Toisc gur fiosrúchán é seo atá ar siúl go fóill ní bheadh sé cuí aon ní eile a rá faoi,” a dúirt  John Twomey.

Fág freagra ar 'Triúr Gardaí gafa agus amhras fúthu go raibh baint acu le caimiléireacht'