Triúr comhaltaí nua ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge

Tá abhcóide, teangeolaí agus craoltóir ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge

Triúr comhaltaí nua ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge

Tá triúr ball nua ceaptha ar bhord na heagraíochta teanga trasteorann Foras na Gaeilge.

Is iad na triúr comhaltaí nua, an t-abhcóide agus iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, an Dr Neasa Ní Chiaráin, teangeolaí i gColáiste na Tríonóide, agus Ola Majekodunmi, craoltóir le Raidió na Life.

Ceadaíodh na ceapacháin ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas inniu. Tá Foras na Gaeilge i dtaobh le leathbhord le tamall toisc nárbh fhéidir folúntais a líonadh de dheasca na sáinne polaitiúla i Stormont.

Pléadh cúrsaí Covid-19, cúrsaí Breatimeachta agus obair an Fhorais ag cruinniú an lae inniu.

Fág freagra ar 'Triúr comhaltaí nua ceaptha ar Bhord Fhoras na Gaeilge'

  • S. Mac Muirí

    Go n-éirí sin leo. Triúr a dhéanfas leas.
    Braithim go bhfuil an córas ag dúiseacht.