Taispeántóir le hAnatamaíocht (0.5 FTE) (2 Ról)

Féachann Scoil an Leighis le beirt Taispeántóirí le hAnatamaíocht a cheapadh ar bhonn páirtaimseartha (0.5 FTE).

Achoimre ar an bPost

Féachann Scoil an Leighis le beirt Taispeántóirí le hAnatamaíocht a cheapadh ar bhonn páirtaimseartha (0.5 FTE).

Cuirfidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo teagasc ar mhic léinn anatamaíochta i gColáiste na Tríonóide trí thaispeántas ar chorpáin agus trí theagasc i ngrúpaí beaga go príomha. Ina theannta sin, cuideoidh na sealbhóirí post maidir leis an disciplín trí ghníomhaíochtaí forbartha curaclaim a dhéanamh, lena n-áirítear foghlaim chumaisc agus ullmhúchán le haghaidh scrúduithe. D’fhéadfadh go ndéanfadh sé nó sí taighde i gceann de réimsí saineolais an discliplín freisin, lena n-áirítear anatamaíocht daoine, imdhíoneolaíocht, ailse, leighis spórt agus aclaíochta, oideachas leighis, agus néareolaíocht.

Beidh bunchéim ag na ceapaithe in ábhar eolaíochta sláinte atá gaolmhar le hAnatamaíocht, lena n-áirítear Anatamaíocht, Fisiteiripe, Teiripe Shaothair, Teiripe Urlabhra agus Theanga, Teiripe Radaíochta, Néareolaíocht, Leigheas, agus Eolaíocht Fiaclóireachta.

Tá taithí roimhe seo ar theagasc agus foghlaim maidir le hanatamaíocht corpán bunriachtanach.  Tá taithí roimhe seo ar thaighde agus ar theagasc anatamaíochta ag leibhéal na bunchéime inmhianaithe chomh maith. Ní mór sárscileanna Béarla agus scileanna maithe idirphearsanta, cumarsáide, TF agus scileanna cur i láthair a bheith ag an sealbhóir poist freisin.

Cuirtear deis ar fáil don iarrthóir leis an bpost punann taighde agus saineolas i gcúrsaí anatamaíochta a mhéadú chun é nó í a ullmhú le haghaidh gairm sa leigheas, sa tionscal nó sa saol acadúil.

Stádas an phoist: Conradh Bliana ar Théarma Seasta – 2 phost

Dáta deiridh: 18 Iúil 2024

 

Tuilleadh eolais ar fáil ANSEO