Ollamh Cúnta leis an bhFisiteiripe

Tá Disciplín na Fisiteiripe, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag lorg iarratas ar phost an Ollaimh Chúnta leis an bhFisiteiripe.

Teideal an Phoist: Ollamh Cúnta leis an bhFisiteiripe
Dáta deiridh: 12 Deireadh Fómhair 2026 ag 12 meán lae

Achoimre ar an bPost:
Tá Disciplín na Fisiteiripe, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag lorg iarratas ar phost an Ollaimh Chúnta leis an bhFisiteiripe. Beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis lonnaithe i Lárionad na Tríonóide um Eolaíochtaí Sláinte, Ospidéal San Séamas agus déanfaidh sé teagasc ar raon modúl laistigh de Dhisciplín na Fisiteiripe. Beidh ar an iarrthóir a n-éireoidh leis maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn taighde freisin, cur le próifíl taighde an Disciplín trí dhul i mbun taighde go gníomhach agus cur le riarachán an Disciplín. Beidh sealbhóir an phoist seo freagrach do Cheann Dhisciplín na Fisiteiripe, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Stádas: Conair an Tionachta
Tuilleadh eolais ar fáil ANSEO